Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
‘athreimniu-na-logainmneacha-gaeltachta’-le-ple-ag-cruinniu-cinn-bliana-shleibhteoireacht-eireann

‘Athréimniú na logainmneacha Gaeltachta’ le plé ag cruinniú cinn bliana Shléibhteoireacht Éireann

Pléifear “athréimniú na logainmneacha Gaeltachta” i sliabhraonta na Gaeltachta ag cruinniú cinn bliana na heagraíochta Sléibhteoireacht Éireann (Mountaineering Ireland) níos deireanaí an mhí seo.

Tá rún curtha chun cinn ag triúr gnáthbhall de chuid na heagraíochta: Patrick Farrington, Derek Moore, agus Maitiú Ó Coimín (iriseoir na hirise seo) a chuirfeadh iachall ar Shléibhteoireacht Éireann leaganacha Gaeilge de “shléibhte, cnoic, gleannta, aibhneacha, srutháin, agus gnéithe eile” a úsáid feasta.

Iarrtar sa rún go n-aithneoidh Sléibhteoireacht Éireann gur ón nGaeilge a tháinig formhór mór na logainmneacha a bhíonn i mbéal an phobail cnocadóireachta agus nach bhfuil sna leaganacha atá in úsáid anois ach traslitriú a rinneadh agus Arm na Breataine i mbun suirbhéireachta ar an tír sa 19ú hAois.

Luaitear tíortha eile dála na Stát Aontaithe agus an Astráil a chuir ainmneacha dúchais a sléibhte in áit arís go hoifigiúil ar na sléibhte móra Denali agus Uluru agus tagraítear do nós na hAlban ainmneacha Gàidhlig a úsáid ar chuid mhaith de na sléibhte atá i nGaeltacht na hAlban.

Iarrtar go gcuirfeadh Sléibhteoireacht Éireann bearta i bhfeidhm a chuirfeadh logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta chun cinn agus go n-úsáidfí na leaganacha sin i bpreasráitis, litreacha, aighneachtaí, postálacha ar na meáin shóisialta agus i “ngach foilseachán eile” de chuid na heagraíochta.

“Is dóigh gur cuireadh tús leis an bhfeachtas seo ar bhealach siar sna 1960idí nuair a d’éiligh Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta nach dtabharfaí aitheantas oifigiúil de logainmneacha Gallda sa nGaeltacht, tá muid ag tógáil ar mhianta agus éachtaí na gluaiseachta sin leis an rún seo. Fuarthas réidh, ar bhonn oifigiúil, le logainmneacha Gallda le hAcht na dTeangacha Oifigiúla in 2003 ach ba mhór an chabhair dá dtacódh eagraíocht ar nós Shléibhteoireacht Éireann le spriocanna an Achta agus le mianta phobal na Gaeltachta.

“Tá cuid de na ceantracha sléibhte is áille sa tír taobh istigh de theorainneacha na Gaeltachta go hoifigiúil. Fágann Acht na dTeangacha gur i nGaeilge amháin a bhíonn na léarscáileanna OSi agus go mbíonn neamhréir ann, scaití, idir an méid a chuireann leithéidí Shléibhteoireacht Éireann amach ar na meáin shóisialta, mar shampla, agus an méid a bhíonn le feiceáil ar na léarscáileanna,” a dúirt Maitiú Ó Coimín, duine de na daoine a chuir an rún chun cinn.

Dúirt Maitiú go bhfuil na treoirleabhair a úsáideann leaganacha Gallda de na logainmneacha “as dáta le fiche bliain anois” agus go bhfuil an deis ag Sléibhteoireacht Éireann “dea-shampla” a dhéanamh anois trí “logainmneacha cearta oifigiúla” a úsáid.

“Bíonn mé ag cnocadóireacht in Éirinn agus thar lear go minic agus chuaigh áiteacha ar nós na hAlban agus iarthar Cheanada i bhfeidhm go mór orm. Is áiteacha iad seo nach bhfuil náire ar bith ar na daoine faoina logainmneacha dúchais agus a bhfuil na hainmneacha cearta, gan truailliú, in úsáid ag an bpobal sléibhteoireachta iontu.

“Tá an-dul chun cinn déanta ag roinnt comhlachtaí príobháideacha le cúpla bliain anuas a thuigeann luach agus tábhacht na logainmneacha Gaeilge. Tá Iain Miller, as Albain, ag obair i nGaeltacht Thír Chonaill agus úsáideann seisean na logainmneacha Gaeilge ina chuid treoirleabhra agus ar na meáin shóisialta agus é ag caint faoi na cnoic agus na stuanna mara timpeall ar Ghaoth Dobhair agus ceantar na Rosann. Is túisce a scríobhann lucht Kerry Climbing ‘Corrán Tuathail’ ná an leagan eile anois ar na meáin shóisialta agus molaim go mór iad dá bharr,” a dúirt Maitiú.

Beidh vóta ag na craobhacha éagsúla de Shléibhteoireacht Éireann atá lonnaithe ar fud na hÉireann ag an gcruinniú cinn bliana chomh maith le suas le fiche ball aonair. Tá súil ag Maitiú agus an bheirt eile a mhol an rún go dtacóidh na clubanna sléibhteoireachta agus na baill aonair lena rún agus tá iarrtha acu ar dhaoine atá ina mball den eagraíocht a chinntiú go bhfuil siad cláraithe le vóta a chaitheamh ag an gcruinniú a bheidh ar siúl i gceann trí seachtaine nó mar sin.

Níos mó