Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
bliain-sa-ghaeltacht-–-cad-eile-a-bheadh-uait!

Bliain sa Ghaeltacht – cad eile a bheadh uait!

| hannah ni chonghaile | ,

Bhuel, is gairid go mbeidh bliain caite agam ag maireachtaint thiar i gCorca Dhuibhne. As na háiteanna is deise ar domhan, is í an Ghaeltacht seo, suite idir na sléibhte agus an fharraige, atá ina bhaile agamsa anois.

Dá ndéarfadh duine liom dhá bhliain ó shin go mbogfainn go Ciarraí agus mé 24 chun maireachtaint fén dtuath, cheapfainn gur as a mheabhair ar fad a bhí sé. Is as Iarthar Chorcaí dom, ar an gcéad dul síos, agus cé gur maith le muintir Chorcaí muintir Chiarraí, bíonn iomaíocht idir an dá chontae fós, agus is féidir a bheith cinnte ná chífidh éinne mé riamh ag caitheamh geansaí Chiarraí, ná baol air!

Sular bhogas go dtí Ciarraí, bhíos ag obair i mBaile Átha Cliath. Tar éis dom tréimhse bheag a chaitheamh ag maireachtaint san áit, nár thaitin liom in aon chor, agus buíochas leis an bpaindéim, chaitheas seal ag obair ón mbaile in Iarthar Chorcaí. Bheartaíos ná rabhas chun filleadh ar an oifig nó ar an gcathair nuair a thiocfadh an t-am, agus, ag dul as mo mheabhair le himní go mbeadh orm fanacht age baile go deo, thosnaíos ag féachaint ar cén sort saoil a bhí amuigh ansan a d’oirfeadh dom.

Fuaireas post samhraidh i Músaem Chorca Dhuibhne agus bhogas siar dtín Daingean, agus níor fhéachas thar n-ais ó shin. Chaitheas sé mhí ag maireachtaint i mbaile an Daingin agus sé mhí amuigh fén dtuath. Is iontach an áit í Corca Dhuibhne, dáiríre. Baile aoibhinn is ea an Daingean, é bríomhar, lán le craic, ceol agus cuileachta, go háirithe le linn séasúir na turasóireachta, ach sa gheimhreadh chomh maith. Tá pobal na tuaithe chomh bríomhar céanna, agus bíonn imeachtaí de shíor ag tarlúint timpeall na leithinse, cuma cén t-am den mbliain é.

Tá an tírdhreach go hálainn agus oiriúnach do rudaí ar nós siúil, sléibhteoireacht, snámh agus spórt uisce. Dá dteastódh ó dhuine a bheith ag maireachtaint in áit gur féidir siúl chomh fada leis an dtrá ar maidin, nó am lóin, ach a bheith in ann imeacht amach ag an deireadh seachtaine agus freastal ar imeachtaí, níl teora ar bith leis an réimse imeachtaí a bhíonn ar siúl san áit seo.

I measc na n-imeachtaí a bhíonn ar siúl sa gheimhreadh anseo timpeall tá an Fhéile Bídh, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, an Fhéile Bheag Filíochta, an Fhéile Scannánaíochta, agus Other Voices. Bíonn mórshiúil an Dreoilín sa Daingean agus deirtear gurb é an áit is fearr chun Oíche Chinn Bliana a cheiliúradh, leis. I mBaile an Fheirtéaraigh a bhíonn Scoil Cheoil an Earraigh, agus i mBaile na nGall go gairid ina dhiaidh a bhíonn Féile Ceoil Bhaile na nGall. Idir an dá linn déantar ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig agus go gairid ina dhiaidh bíonn Féile na Bealtaine ar siúl.

Sular bhogas go dtí Corca Dhuibhne, ní raibh aon am fiúntach caite agam in aon Ghaeltacht. Baineadh geit asam (i slí mhaith!) an méid daoine a labhrann an Ghaelainn mar theanga laethúil agus go háirithe an méid teaghlach a bhfuil a gclann á dtógaint acu le Gaelainn. Cuireann sé ionadh agus gliondar orm fós nuair a bhuailim le leanaí na háite, cé chomh cruinn snasta is atá a gcuid Gaelainne. Bíonn siad lánsásta cúpla ceacht gramadaí a mhúineadh domsa chomh maith! Tá ana-thacaíocht ar fáil do dhaoine atá ag iarradh an Ghaelainn a úsáid, le hócáidí á n-eagrú ag na heagraíochtaí pleanála teangan Tobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin agus ag eagraíochtaí teaghlaigh ar nós Tús Maith (ní bheinn claonta ná faic!).

Ní rabhas ag súil le cé chomh deas agus fáiltiúil is a bheadh muintir na háite nuair a tháinig mé anseo. Seachas na digs toisc gur Corcaíoch mé (“maithimid é sin duit ha ha ha”), cuireadh fearadh na fáilte romham cé ná raibh aithne agam ar dhuine ar bith as an áit nuair a bhogas anseo. Cheapas go mbeadh amhras ar dhaoine fé dhuine tagtha ó áit eile, ach is a mhalairt do thaithí a fuaireas féin. Cé go mbíonn daoine fiosrach amanta, ar canathaobh a tháinig mé anseo (trí sheans) agus ar cé chomh fada a fhanfad anseo (cá bhfios), tá sé fuirist dom cabhair, comhairle agus cairdeas a fháilt ósna daoine anseo, i mo bhaile nua, agus idir an áit, na himeachtaí, na daoine, agus an Ghaelainn, n’fheadar cad eile a bheadh uait!

Níos mó