Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh na comhaltaí uile ar Bhord Údarás na Gaeltachta tofa ag an bpobal.
Deir an páirtí go bhfuil siad “glan in aghaidh” comhaltaí ar an mbord a bheith ainmnithe ag Aire na Gaeltachta agus gur gá iad uile a bheith tofa chun “guth” a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta.
Tá an moladh ar cheann den deich bpríomh-mholadh atá déanta ag Sinn Féin in aighneacht atá curtha faoi bhráid Choiste Gaeilge an Oireachtais, coiste a bhfuil scrúdú réamhreachtaíochta á dhéanamh faoi láthair aige ar an mbille chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.
Ar cheann de na hathruithe is mó atá á moladh ag Sinn Féin ar an méid atá leagtha amach ag an Rialtas sa dréachtreachtaíocht, tá Sinn Féin ag éileamh gurb iad muintir na Gaeltachta a thoghfadh comhaltaí uile an bhoird agus go mbeadh 26 comhalta ar fad ar Bhord an Údaráis.
De réir mar atá molta ag an Rialtas bheadh sé chomhalta dhéag ar an mbord nuair a d’fhilleadh toghchán an Údaráis – deichniúr acu tofa ag an bpobal agus seisear eile a roghnódh Aire na Gaeltachta, an Cathaoirleach ina measc.
Faoin gcóras reatha, bíonn 12 ar an mbord, cúigear acu ainmnithe ag údaráis áitiúla agus seachtar eile roghnaithe ag an Aire tríd an gcóras ceapacháin phoiblí. Scór duine a bhíodh ar Bhord an Údaráis sular cuireadh deireadh le seanchóras na dtoghchán in 2012.
Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil an Rialtas ag iarraidh tuilleadh cumhachta a thabhairt d’Aire na Gaeltachta trí líon na gcomhaltaí a ainmnítear ar an mBord a mhéadú.
Nuair a pléadh reachtaíocht an Údaráis agus ceist na gcomhaltaí ainmnithe ag cruinniú de chuid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge an tseachtain seo caite, ghlac cuid mhaith de na finnéithe agus polaiteoirí a bhí i láthair leis go raibh ciall le roinnt ball a ainmniú chun a chinntiú go mbeadh comhaltaí ar an mBord a mbeadh an saineolas agus an taithí i réimsí cuí acu.
Deir Aengus Ó Snodaigh, atá ina chathaoirleach ar an gcoiste atá ag plé le Bille an Údaráis, go bhfuil gá le saineolas ach gur leor don Bhord comhairle a fháil ó shaineolaithe nuair is gá, seachas suíocháin ar an mBord a chur ar leataobh dóibh. in
“An saineolas atá uainn ón mBord féin ná guth an phobail,” arsa Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais.
Cé go bhfuil Sinn Féin go láidir i gcoinne comhaltaí a bheith á n-ainmniú, má bhíonn córas ainmniúcháin á chur i bhfeidhm, deir Ó Snodaigh gur chóir go mbeadh ról ag Coiste na Gaeilge sa phróiseas, mar atá le hainmniúchán roinnt ball ar Bhord TG4.
Tá Bord méadaithe, le hionadaíocht a bheadh bunaithe ar dhaonra, á lorg ag Sinn Féin chun ionadaíocht a thabhairt do na ceantair Ghaeltachta ar fad.
Cé go mbeidh ionadaí tofa ar an mBord ó chuile contae Gaeltachta faoin chóras atá beartaithe ag an Rialtas, deir Sinn Féin go bhfuil an baol ann go bhfágfar ceantair mar Uíbh Ráthach ar lár toisc gur mó seans gurb as Corca Dhuibhne a thiocfaidh an t-iarrthóir a thoghfar i gCiarraí. Faoi chóras Shinn Féin, bheadh triúr ball ó Chiarraí ar an mBord, beirt ó Chorca Dhuibhne agus duine amháin ó Uíbh Ráthach.
Faoi chóras Shinn Féin, cúigear a bheadh ar an mBord ó Dhún na nGall, triúr a bheadh ann ó Mhaigh Eo, beirt ó chontae na Mí, beirt ó Chorcaigh, beirt ó Phort Láirge agus ochtar a bheadh le toghadh ó Ghaillimh – beirt ó Ghaillimh Thoir ina measc.
Tá molta ag Sinn Féin freisin go mbeadh ionadaí ó na hoileáin Ghaeltachta tofa ar an mBord chomh maith ach gur “stádas breathnóra” a bheadh ag an mball sin seachas cead vótála, mar go mbeadh muintir na n-oileán ag vótáil sna toghcháin áitiúla eile.
Tá moltaí eile in aighneacht an pháirtí maidir le cuótaí inscne, ardú ar bhuiséad an Údaráis agus cumhachtaí breise a thabhairt don eagraíocht chun comhairle a chur ar an Stát maidir le beartais a mbeadh tionchar acu ar an nGaeltacht.
Reáchtálfaidh Coiste Gaeilge an Oireachtais cruinniú eile inniu mar chuid den scrúdú réamhreachtaíochta ar Bhille an Údaráis. Ionadaithe ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta a bheidh os comhair an choiste.