Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘caide-go-direach-ata-stuama-faoi-fhreastal-ar-choronu-ri?’

‘Caidé go díreach atá stuama faoi fhreastal ar chorónú rí?’

| aodh mcneill | ,

Corónófar Séarlas III ina rí ar an mBreatain ag an deireadh seachtaine. Dá olcas é go bhfuiltear fós ag bronnadh rachmais agus stádas as cuimse ar dhuine mar gheall ar thaisme bhreithe, is measa arís an dóigh ina bpléitear a leithéid d’ócáid sa tír seo.

Le cuimhne na gcat tá muid ag cluinstin gur “léiriú aibíochta” atá ann nuair a bhuaileann toscairí de chuid na tíre seo le baill Theaghlach Ríoga na Breataine. Rinneadh scéal mór as nuair a chroith Martin McGuinness lámh leis an mBanríon Éilís II. Ba mhó an uair sin fiú an moladh a fuair an Bhanríon í féin, ós rud é go raibh sí sásta lámh a chroitheadh le duine a raibh baint aige leis an IRA lá dá raibh.

Ba lú i bhfad an moladh a fuair McGuinness, in ainneoin go raibh sé de thoil aigesean lámh a chroitheadh le bean a bhí i gceannas ar thír a rinne forghabháil ar a thír féin, agus a rinne sléacht ar shráideanna a chathair dhúchais leis an fhorlámhas a choinneáilt i bhfeidhm ann.

Agus anois is é príomhoifigeach an dreama a bhí ar thús cadhnaíochta an tsléachta i gcathair Dhoire, an Reisimint Paraisiúit, a bheas ag teacht i gcomharba ar an Bhanríon. Bíodh geall go mbeidh an iliomad bonn á gcaitheamh aige fosta ar a lá mór, d’fhonn bród a léiriú as a nasc pearsanta le hArm na Breataine agus aitheantas a thabhairt don ról a bhí acusan i gconcas na himpire ar a mbeidh sé i gceannas as seo amach.

Deirtear nach bhfuil ina ról leis an Reisimint Paraisiúit ach rud ‘onórach’, agus nach raibh na boinn ‘tuillte’ aige – ach is doiligh domhsa a thuigbheáil cén bhaint atá idir an Reisimint Paraisiúit agus ‘onóir’, nó cén dóigh an bhféadfadh boinn de chuid Arm na Breataine a bheith ‘tuillte’ ag duine.

Ní chuirfidh an teideal nó na boinn Michelle O’Neill ó dhoras áfach, agus é fógartha aici go mbeidh sí i láthair ag an ócáid thar ceann Shinn Féin. Níor thúisce an fógra seo amuigh ná go raibh lucht molta na polaitíochta stuama ar a ndícheall le míniú dúinn cé chomh stuama ciallmhar a bhí an cinneadh seo.

Rinne Aaron Bastani, iriseoir agus tráchtaire polaitiúil leis an iris neamhspleách Novara, cur síos ar Shinn Féin mar an “páirtí polaitíochta is dáiríre sa Ríocht Aontaithe”. Maithigí domh m’aineolas, ach ní fheicimse caidé go díreach atá dáiríre nó stuama faoina bheith i láthair ag ócáid ina mbeidh fear a bhfuil coróin ar a cheann aige á thiomáint fríd Londain sula seinnfidh Katy Perry agus Take That cúpla port.

Deirtear go léirítear leis an seasamh atá á ghlacadh ag O’Neill agus Sinn Féin go bhfuil siad ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an am atá romhainn, agus go bhfuil ceannasaíocht á léiriú acu d’fhonn athmhuintearas a chothú idir Éire agus an tír a rinne Éire a choilíniú. Cén crut a bheas ar an am atá romhainn áfach, má tá muid chun glacadh lena macasamhail d’institiúid a dhéanann bua as an éagóir?

Nárbh fhearr dlúthpháirtíocht a léiriú leis an aicme oibre sa Bhreatain? Iad siúd atá ar an ghannchuid agus ag brath ar bhainc bhia a fhad is atá a rí á thiomáint fríd Londain i gcairt ar fiú na milliúin punt é. Nó cad chuige nach féidir linn sampla Bharbadós a leanstan, agus tús a chur le plé ciallmhar agus stuama faoi ról na monarcachta i tsochaí an lae inniu?

Ar an drochuair, tugtar barraíocht suntais do chomharthaí folmha agus plé á dhéanamh faoin chaidreamh idir Éire agus an Bhreatain, bíodh sin an cúpla focal a labhair an Bhanríon Éilis II agus í i gCaisleán Bhaile Átha Cliath nó toscairí de chuid na tíre seo ag ceiliúradh aistriú cumhachta an Teaghlaigh Ríoga.

D’fhéadfadh muid dul go cnámh na huillinne áfach, ach an deis a thapú chun stocaireacht a dhéanamh ar son an daonlathais. Ní haon chúis cheiliúrtha é buanú agus daingniú Theaghlach Ríoga na Breataine.

Níos mó