Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
caighdean-uisce-den-scoth-ag-formhor-tranna-gaeltachta-ach-rabhadh-gan-dul-ag-snamh-gcas-amhain

Caighdeán uisce den scoth ag formhór tránna Gaeltachta ach rabhadh gan dul ag snámh gcás amháin

Tá rabhadh tugtha ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) gan dul ag snámh ar thrá Gaeltachta an samhradh seo toisc go bhfuil droch-chaighdeán uisce ann.

Sa tuarascáil is déanaí ag an EPA ar uisce snámha, tá Trá na mBan ar an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe ar cheann de thrí thrá ar fud na tíre a fuarthas droch-chaighdeán uisce snámha iontu anuraidh. Mar thoradh ar sin, tá fógartha ag an EPA nár chóir do dhaoine dul ag snamh ar Thrá na mBan le linn an tséasúir snámha, sin idir an 1 Meitheamh agus an 15 Meán Fómhair.

Rinneadh an t-uisce ar Thrá na mBan a thástáil cúig huaire le linn 2022. Fuarthas go raibh ‘caighdeán den scoth’ uisce ann i dtástálacha i mí Bealtaine agus mí Mheán Fómhair, ‘caighdeán sásúil’ i mí an Mheitheamh, ‘caighdeán maith’ i mí Iúil agus ‘droch-chaighdeán’ i mí Lúnasa.

Deir an EPA sa tuarascáil Bathing Water Quality in Ireland, 2022 gur fuíolluisce uirbeach, rith talmhaíochta agus sceitheadh ó dhabhcha séarachais is cúis leis an ndroch-chaighdeán uisce ar Thrá na mBan. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil dualgas ar Uisce Éireann agus an chomhairle áitiúil an caighdeán uisce ar Thrá na mBan agus na tránna eile a raibh droch-chaighdeán acu a fheabhsú.

Tá séarachas amh á scaoileadh i bhfarraige gar do Thrá na mBan ar an Spidéal ach tá obair ar bun ag Uisce Éireann i láthair na huaire chun ionad cóireála fuíolluisce nua a thógáil ar an mbaile chun an fhadhb a leigheas, obair a mheastar a bheidh curtha i gcrích i mbliana.

Bhí Trá na mBan eile, i mBun Cranncha ar cheann de na tránna eile sa tír a raibh droch-chaighdeán uisce uirthi, mar a bhí Trá Bhaile Brigín i mBaile Átha Cliath.

Bhí uisce ar chaighdeán den scoth ar an trá eile ar an Spidéal a luaitear sa tuarascáil, Céibh an Spidéil.

Tugadh aitheantas freisin don feabhas atá tagtha ar chaighdeán an uisce ar thrá Gaeltachta eile cúpla míle soir ón Spidéal.

Bhí droch-chaighdeán uisce ar Thrá na bhForbacha i gCois Fharraige in 2016 ach tá sé feabhsaithe de réir a chéile ó shin agus bronnadh stádas ‘caighdeán den scoth’ ar an uisce snámha ann sa tuarascáil is déanaí.

Seachas Trá na mBan agus Trá Phort Arthur i nGaoth Dobhair, a raibh caighdeán maith uisce ann, bhí uisce snámha ar chaighdeán den scoth i gceist i gcás gach ceann eile den 21 trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu.

Bhain na tránna uile a ndearnadh tástáil orthu i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht Mhaigh Eo stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.

Chomh maith leis an 21 trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu ó thaobh chaighdeán an uisce snámha, luaitear sa tuarascáil ceithre thrá eile sa Ghaeltacht nach dtagann faoi na rialacha maidir le huisce snámha, ceann i gCiarraí agus trí cinn i nGaillimh.

Bhain bhain gach ceann acu ‘caighdeán den scoth’ amach –  iad Béal Bán i gCorca Dhuibhne, Trá na gCaorach in Inis Oírr, An Trá Mhór i nGarmna agus Trá na Reilige ar an gCeathrú Rua

Déantar tástáil eile ar an uisce ag na tránna seo ar mhaithe le sláinte an phobail.

San iomlán, rinneadh tástáil ar 148 trá in Éirinn anuraidh agus d’éirigh le 142 acu, nó 97%, an bunchaighdeán uisce (‘sásúil’) a bhaint amach. Bhain 117 acu (79%) an stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.

Cúrsaí talmhaíochta, fuíolluisce agus madraí ag salú ar thránna na príomhrudaí a raibh tionchar acu ar chaighdeán uisce snámha.

Is féidir an t-eolas is déanaí maidir le caighdeán an uisce snámha agus rabhaidh a fháil ag www.beaches.ie.

Tránna Gaeltachta a luaitear sa tuarascáil

Ciarraí
Fionntrá Caighdeán   den scoth
Baile   an Sceilg Caighdeán   den scoth
Dún na nGall   
Baile   Thiarnáin Caighdeán   den scoth
An   Charraig Fhinn Caighdeán   den scoth
Na   Dúnaibh Caighdeán   den scoth
Droim   na Tine Caighdeán   den scoth
Trá   Phort Arthur Caighdeá   n maith
Dumhaigh Caighdeán   den scoth
Machaire   Rabhartaigh Caighdeán   den scoth
Gaillimh   
Trá   na bhForbacha Caighdeán   den scoth
Trá na mBan, An Spidéal Droch-chaighdeán
Céibh   an Spidéil Caighdeán   den scoth
An Trá Mhór, Coill Rua Caighdeán   den scoth
Trá anDóilín, An Cheathrú Rua Caighdeán   den scoth
Trá   Chaladh Fhínse Caighdeán   den scoth
Cill   Mhuirbhigh, Inis Mór Caighdeán   den scoth
Trá   Inis Oírr Caighdeán   den scoth
Maigh Eo   
Dumha   Éige, Acaill Caighdeán   den scoth
Cuan   Oilí Caighdeán   den scoth
An   Mallach Rua Caighdeán   den scoth
Barr   na Rinne Caighdeán   den scoth
Tránna eile   
Béal   Bán (Ciarraí) Caighdeán   den scoth
Trá na gCaorach, Inis Oírr (Gaillimh) Caighdeán   den scoth
An Trá Mhór, Garmna (Gaillimh) Caighdeán   den scoth
Trá na Reilige, An Cheathrú Rua (Gaillimh) Caighdeán   den scoth

Níos mó