Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cead-pleanala-faighte-ag-colaiste-samhraidh-le-tri-theach-a-thogail-do-mhna-ti

Cead pleanála faighte ag coláiste samhraidh le trí theach a thógáil do mhná tí

Tá cead pleanála faighte ag Comharchumann Chorca Dhuibhne le trí theach a thógáil a chuirfí ar fáil do theaghlaigh as an cheantar ar mian leo scoláirí a choinneáil.

Beidh na tithe á dtógáil ar thalamh Chomharchumann Chorca Dhuibhe sna Cluainte i mBaile an Fheirtéaraigh agus ar fáil ar chíos réasúnta do theaghlaigh ar mhian leo cónaí iontu i rith na bliana agus scoláirí a choinneáil do chúrsaí an tsamhraidh.

Tá tógáil na dtithe mar chuid den phlean atá ag Coláistí Chorca Dhuibhne le dul i ngleic leis an ghanntanas ban is fear tí.

Ag labhairt dó ar an chlár An Saol Ó Dheas inné, dúirt Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, Páidí Ó Sé go rachadh an togra seo chun  tairbhe dá lán, gur “win win” atá ann do Choláistí Chorca Dhuibhne agus do theaghlaigh sa cheantar a mbíonn deacrachtaí acu tithe a fháil le cónaí iontu.

“Seanscéal atá ann. Tá deacracht teacht ar mhná tí. Tá deacracht ag teaghlaigh ón áit tithe a d’fháilt.

“Déanann a haon agus a haon a dó de ghnáth agus tá sé chomh simplí leis sin, go gcuirfimid daoine ón áit go bhfuil Gaelainn acu isteach sna tithe sin mar is ea is fearr é, agus go mbeadh sórt dualgas orthu cúig chúrsa a dhéanamh i rith na bliana do na coláistí. Sásóidh sé sin na coláistí agus na daoine ón áit.”

Dúirt Ó Sé gur tithe “breátha” a bheas iontu ach go mbeadh airgead stáit ag teastáil chun na tithe a thógáil.

“An t-eolas atá againn ó mhná tí agus ó fhir tí, bíonn siad beagáinín míchompordach scoláirí a choinneáil ina dtigh féin, beidh na tithe seo leagtha amach do scoláirí. Beidh áit speisialta ann don tigh agus áit speisialta ann do na scoláirí.

Ag labhairt dó le Tuairisc cheana faoin iarratas ar chead pleanála a cuireadh faoi bhráid Chomhairle Contae Chiarraí dúirt Ó Sé gur cur chuige ‘nua’ don choláiste é a bheith ag tógáil tithe ach go bhfuil sé déanta cheana ag coláistí eile a raibh deacrachtaí acu mná tí a mhealladh.

“Bhí traidisiún an-simplí againn i gCorca Dhuibhne. Bhí mná tí ann ar leo na tithe ach anois tá muid ag tarraingt mná tí isteach, agus is múnla é atá in úsáid ag coláistí eile i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht a mbíonn deacracht acu mná tí a fháil,” a dúirt Ó Sé.

Mar chuid den iarracht atá ar siúl ag lucht Choláistí Chorca Dhuibhne tuilleadh lóistín a fháil do scoláirí, táthar chun athchóiriú a dhéanamh ar sheanchlochar taobh thiar de Bhaile an Fheirtéaraigh, ar leis an chomharchumann é, agus é a chur ar fáil do theaghlach Gaeltachta a bheadh sásta lóistín a chur ar fáil do scoláirí.

Tá plean eile ag Coláistí Chorca Dhuibhne ionad óige agus oideachais a thógáil ar láthair an champais, ionad ina mbeadh spás lóistín a chur ar fáil do 140 scoláire.

Tháinig laghdú mór ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí Choláiste Chorca Dhuibhne anuraidh mar gheall nach raibh go leor tithe ar fáil le scoláirí a choinneáil.

D’éirigh triúr déag ban tí as na scoláirí i gceantar Chorca Dhuibhne anuraidh, agus tá líon na mban tí laghdaithe 27% ó 2019.

Bhí 400 leaba ar fáil do chúrsaí Choláistí Chorca Dhuibhne an samhradh seo caite i gcomparáid le 525 leaba in 2019.

Dúirt Ó Sé go raibh géarghá le teacht ar “shlite cruthaitheacha” chun dul i ngleic leis an laghdú atá tagtha ar líon na mban agus fear tí.

“Tá na rudaí seo á dtriail againn chun an brú ó thaobh lóistín de a laghdú agus chun a chinntiú go mairfidh an coláiste sa cheantar,” a dúirt Ó Sé.

Níos mó