Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
dean-ceiliuradh-ar-do-25u-breithla-le-scagthastail-ceirbheacs!

Déan ceiliúradh ar do 25ú breithlá le scagthástáil ceirbheacs!

| hannah ni chonghaile | ,

Fiche cúig. Nach iontach an t-aos é. Nach breá í an óige! Fásta suas a dhóthaint ach leis an saol mór fós ag síneadh amach romhat, agus na deiseanna ar fad ann duit, ach iad a thapú.

Is ea, gach rud go maith. Shroicheas an t-aos idéalach mé féin i mí Feabhra, agus bhí gach aon rud ag dul go diail dom. Go dtí go bhfuaireas an litir san ó CervicalCheck ag meabhrú dom go raibh orm an tástáil sin a fháilt. Ní raibh tuairim agam fé i ndáiríre. Dheineas an rud a dhéanfadh éinne agus chuireas scéal chuig na mná i mo shaol a chuaigh tríd an bpróiseas cheana féin.

Bhí cloiste agam mar gheall ar an scagthástáil ceirbheacs (nó an tástáil smearaidh mar a ghlaoitear air fós cé nach ionann an dá rud de réir dealraimh) cheana féin. Thuigeas go mbeadh orm an tástáil a dhéanamh ag 25, fuaireas an vacsaín i gcoinne an papalómaivíreas daonna (HPV) nuair a bhíos sa chéad bhliain sa mheánscoil, bhíos tar éis an méid a bhí ag tarlúint leis na botúin mharfacha a deineadh leis na torthaí míchearta a thabhairt amach do mhná na hÉireann a leanúint, agus bhí ana-mheas agam ar leithéidí Vicky Phelan, ar dheis Dé go raibh sí.

Ach níor thuigeas dáiríre cad a bheadh i gceist leis an dtástáil nó cad a tharlóidh ina dhiaidh. Buíochas mór le Dia, tá cairde agam atá níos sine ná mé agus a bhí tar éis an tástáil a dhéanamh romham. Mar sin, in ionad tástáil a chur in áirithint, thosnaíos ar thaighde a dhéanamh.

Sa litir a fhaightear mar gheall ar an dtástáil, nó sa bhileog eolais ar líne a mhíneoidh duit cad atá i gceist leis, faightear eolas tábhachtach teicniciúil, agus deirtear gur féidir, i gclinicí áirithe, dochtúir mná a lorg in ionad dochtúir fir. Bhuel anois go rabhas ag cuimhneamh air ní raibh seans ar bith go rabhas chun imeacht chuig dochtúir fir chun an rud seo a dhéanamh.

Thosnaíos le cara liom a bhí chun an chéad tástáil a fháilt chomh maith, agus thug sí rabhadh dom gan dul chuig dochtúir fir, “toisc go gcloistear horror stories”. Níor thug sí a thuilleadh eolais dom fésna scéalta seo a bhí cloiste aici, ach luigh sé le dar liom. Shamhlófá go mbeadh duine raibh ceirbheacs aici níos cáilithe chun an tástáil a dhéanamh níos compordaí.

Dhein sé sin suas m’intinn dom. Bean agus bean amháin a bheadh á dhéanamh. Mhol an bhean chéanna dochtúir – bean – a bhfuil cáil uirthi as a bheith go maith leis na tástálacha áirithe seo. Bhíos ag éirí faiteach fé, agus fós níor chuireas in áirithint é. Labhair mé le cara eile. Tá sí píosa beag os cionn an 25 anois, agus d’inis a haghaidh dom gur chóir a bheith neirbhíseach. Ach mar a mhínigh sí dom, ní fén dtástáil. Ach fésna torthaí.

Is é sin le rá má fhaigheann tú tástáil dhearfach don bpapalómaivíreas daonna (HPV), caithfear tástáil eile a dhéanamh aríst i gceann bliana. Níl an toradh san chomh holc. An bhuairt a bhíonn ann ná má fhaightear ceall mínormálta sa tástáil. Ansan déantar colpascópacht, scrúdú eile ar an gceirbheacs go gairid ina dhiaidh agus más gá, tógtar bithóipse, sampla beag desna cealla san chun iad a thástáil.

Má fhaightear cealla mínormálta, tá baol ann go bhforbróidh na cealla sin go cealla ailse. Mar sin, caithfidh tú treatment a fháilt chun na cealla mínormálta a bhaint. Is ábhar do lá eile é sin.

Fé dheireadh chuireas an tástáil in áirithint. Ag tiomáint ann, bhíos ite leis an imní, rud annamh go leor domsa. Cinneadh ana-mhaith ab ea é an tástáil a dhéanamh le dochtúir mná, a smaoiníos dom féin agus mé luite siar ar an leaba bheag, glúine spréite, gan ach páipéar cistine do mo chlúdach. Thógas cúpla anáil, mhothaíos ábhairín míchompoird (ar nós go raibh rud éigint istigh im’ cheirbheacs), dúirt an dochtúir liom go raibh cuma mhaith ar mo cheirbheacs (GRMA!) agus bhí sé thart. D’imíos liom ar mhuin na muice, ní fhéadfadh an tástáil a bheith níos éasca agus níor fhan an míchompord ach timpeall deich nóimint – fén am gur cheannaíos caife deas dom féin bhí dearmad déanta agam ar an rud ar fad. Agus buíochas mór le Dia ní bheidh orm filleadh go ceann trí bliana eile!

Ritheann sé liom ná labhrann mná fén dtástáil seo, seachas le mná eile atá ag dul tríd an rud céanna nó atá tar éis dul tríd an rud céanna. Ní gá ach é a lua le bean eile níos críonna ná tú, bean sa tsiopa, an fiaclóir, freastalaí, agus chífidh tú an trua ina n-aghaidheanna agus iad ag tabhairt moltaí duit, “níl an tástáil é féin dona in aon chor”, “tóg an lá iomlán saor ón obair”, “bí cinnte gur dochtúir mná a bheidh á dhéanamh”. Ach is beag eolais a roinntear le mná fé bhun 25. Tá sé in am an scéal a scaipeadh, níor chóir go mbeadh sé chomh dona san is a bhíonn sé do mhná áirithe, téir i muinín na mban id’ shaol agus téir go dochtúir atá molta sa cheird seo, agus ní chuirfidh sé isteach ná amach ort!

Níos mó