Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
fearas-glantachain-ar-fail-saor-in-aisce-do-la-breithe-costai-glana

Fearas glantacháin ar fáil saor in aisce do Lá Breithe Cóstaí Glana

Deir na saineolaithe comhshaoil gur gá 30% de thalamh, uisce agus aigéin an domhain a chaomhnú faoin mbliain 2030 más linn géarchéim na haeráide a shárú agus na haigéin a bheith folláin agus ramhar le fiadhúlra

Fearas glantacháin ar fáil saor in aisce do Lá Breithe Cóstaí Glana

Beidh Cóstaí Glana 20 bliain ar an bhfód Lá Domhanda na nAigéan i mbliana agus leis an lá breithe a cheiliúradh tá glantachán mór cósta á bheartú.

Ar an 8 Meitheamh a bheidh an eagraíocht chomhshaoil ag ceiliúradh scór bliain.

Tá Cóstaí Glana ag iarraidh ar an bpobal teacht le chéile cois farraige nó abhann agus glantachán a dhéanamh le chéile.

Níl le déanamh ag dream ar bith ach clárú don ghlantachán náisiúnta seo agus cuirfear fearas glantacháin ar fáil duit saor in aisce.

Ó bunaíodh Cóstaí Glana in 2003 is é is sprioc dó obair lámh ar láimh le pobail ar fud na tíre chun cúram a dhéanamh dár mbealaí uisce, ár gcósta, ár bhfarraige agus a bhfuil ag maireachtáil inti.

Anuraidh i mí Mheán Fómhair bhí 10,000 duine amuigh go deonach ag 500 ionad agus bhailíodar 63 tonna bruscair ar fud na tíre, carnán chomh mór le 21 cráin dhubh, ainmhí a chuireann plaisteach is truailleáin eile na farraige i mbaol.

Teastaíonn ón eagraíocht chomhshaoil go mbeadh glantachán mór na bliana seo ina cheiliúradh ar na hoibrithe deonacha sin go léir a gcuidíonn a gcuid oibre leis an bhfarraige agus a maireann inti a chaomhnú agus a chosaint ó iarmhairtí an truaillithe.

Ar an bhFeachtas 30×30 a chuirfear an bhéim in obair na bliana seo.

Creideann na saineolaithe comhshaoil go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaí 30% de thalamh, uisce agus aigéin an domhain a chaomhnú faoin mbliain 2030 más linn géarchéim na haeráide a shárú agus na haigéin a bheith folláin arís agus ramhar le fiadhúlra.

Is fadhb thromchúiseach don duine agus do bheatha na mara araon an dramhaíl agus an bréantas ar fad a scaoiltear sa bhfarraige. Más linn an fharraige a bheith glan agus sláintiúil deir Cóstaí Glana go gcaithfear a chinntiú go mbailítear agus go ndéantar diúscairt i gceart ar an dramhaíl agus go ndéantar sin san áit a ngintear an bruscar sin.

Mura ndéantar amhlaidh beidh an timpeallacht ar muir agus ar tír níos boichte agus is éasca an dochar a sheachaint ná a leigheas.

Dúirt Sinéad McCoy, Bainisteoir Cóstaí Glana, faoi ócáid na bliana seo:

‘Ceiliúraimis an lá trí oibriú i dteannta a chéile chun ár n-uiscebhealaí agus ár gcósta a chosaint. Tá breis is 2,000 grúpa ag Cóstaí Glana ag obair fud fad na tíre seo ag glanadh an chósta, ár n-uiscebhealaí agus ár dtránna. Bí linn sa nglantachán agus fágaimis lorg dearfach inár ndiaidh. Ceiliúraimis an timpeallacht nádúrtha iontach atá againn in Éirinn.”

Tá Cóstaí Glana, eagraíocht charthanachta, ag iarraidh ar gach uile dhuine ar fud na hÉireann a bheith páirteach sa gceiliúradh seo ar a bhfiche bliain ag obair ar son an chomhshaoil agus leas a dhéanamh don chomhshaol agus don fhiadhúlra. Féirín deas dá lá breithe an 8 Meitheamh.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar fhearas glantacháin anseo.

Níos mó