Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘is-feidir-a-bheith-aiteach-agus-gaelach-–-ni-ga-roghnu-idir-an-da-rud’

‘Is féidir a bheith aiteach agus Gaelach – ní gá roghnú idir an dá rud’

| sean o dubhchon | ,

Tá séasúr na bhféilte faoi lán seoil agus ní fada go mbeidh ceiliúradh á dhéanamh ar Bhród ar fud na tíre. Sula dtarlóidh sin, beidh neart imeachtaí LADT+ á reáchtáil agus á gcur ar fáil ag Aerach Aiteach Gaelach, comharghrúpa d’ealaíontóirí Gaelacha ón phobal LADT+, a bhunaigh Ciara Ní É agus Eoin McEvoy, agus atá ag dul ó neart go neart.

Seans maith go bhfuil an seó stáitse Grindr, Saghdar agus Cher feicthe ag roinnt dár léitheoirí cheana. Scríofa agus curtha i láthair ag Ciara Ní É, Eoin McEvoy agus Sam Ó Fearraigh, tugadh deis do phobal na Gaeilge an seó a fheiceáil mar chuid d’Oireachtas na Samhna na bliana seo caite. Sa mhí chéanna cuireadh an seó i láthair mar chuid d’Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM.

An tseachtain seo, cuirfear Grindr, Saghdar agus Cher i láthair mar chuid den International Dublin Gay Theatre Festival. Beidh an seó ar siúl ar feadh trí oíche (Luan 8 Bealtaine – Céadaoin 10 Bealtaine) i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath 1.

Bhí an-taithí ag Ciara Ní É agus Eoin McEvoy mar dhrámadóirí cheana leis an éacht a bhain siad amach le Idir Mise agus Craiceann Do Chluaise, dráma idirghníomhach a scríobh agus a léirigh siad bunaithe ar scéal agus aistear inspioráideach Alan Walpole. Cuireadh an dráma i láthair mar chuid den Dublin Fringe Festival sa bhliain 2021, agus ba rud nádúrtha dóibh é dráma eile a scríobh le chéile, an uair seo leis an bhfile agus drámadóir tréitheach Sam Ó Fearraigh, mar a mhínigh Ciara Ní É:

“Bhíomar ag smaoineamh gur mhaith linn an méid scéalta go bhféadfaimid a insint ag an am céanna. Leis an phobal LADTA, táimid ar fad éagsúil lena chéile, cé gur pobal muid. Shamhlaíomar gur deis a bhí ann scéalta triúir a insint. Thángamar le chéile, mise, Eoin McEvoy agus Sam Ó Fearraigh, agus scríobhamar scéalta a bheadh fite fuaite ina chéile. Tá triúr carachtar ann agus trí dhearcadh éagsúla, ach tá na trí scéal ar fad ag tarlú ar an oíche chéanna sa chlub aiteach,” a dúirt sí.

Léiríonn an seó go héifeachtach cé chomh héagsúil is atá an pobal LADT+ agus go bhfuil taithí agus aistear iomlán difriúil ag gach duine.

Thug Oireachtas na Gaeilge tacaíocht do Idir Mise agus Craiceann Do Chluaise agus do Grindr, Saghdar agus Cher chomh maith. Ní raibh Oireachtas na Samhna 2021 ar siúl san fhíorshaol mar gheall ar shrianta Covid, ach bhí lúcháir mhór ar Chiara, Eoin agus Sam go raibh deis acu Grindr, Saghdar agus Cher a chur ar an ardán os comhar slua ollmhór ag an Oireachtas i mí na Samhna seo caite. Chuaigh an seó go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana agus b’oíche speisialta a bhí ann.

“Ag an Oireachtas, bhí sé an-mhothúchánach. Tharla sé go raibh an seó againn ar an Satharn, agus bhí an-chuid de na daoine amuigh an oíche roimhe. Buaileann sé níos troime tú agus tú mar sin. Is eispéireas comhroinnte a bhí ann agus bhí an oiread sin daoine ansin, de gach cúlra,” a dúirt Ciara le NÓS.

Tá an comharghrúpa Aerach Aiteach Gaelach i ndiaidh léiriú, lena gcuid oibre agus an réimse leathan imeachtaí agus tograí atá déanta acu, go bhfuil pobal láidir bríomhar Gaeil atá mar chuid den phobal LADTA, go bhfuil baill den phobal LADTA ar Gaeil iad, agus leag Ciara béim ar cé chomh tábhachtach is atá sé go bhfuil drámaí ar nós Grindr, Saghdar agus Cher ann don phobal.

“Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach do phobal na Gaeilge, agus daoine ag teacht in inmhe anois ag breathnú air seo, agus tuigeann siad go bhfuil tú in ann a bheith aiteach agus Gaelach, agus nach gá duit roghnú idir an dá rud. Tá sé feiceálach anois go bhfuil pobal ann anois dóibh agus tá sé an-tábhachtach go mbraitheann daoine an tsaoirse sin.

“Chomh maith leis sin, mar Ghaeil, ba mhaith linn go bhfeicfeadh an chuid eile den tír agus den domhan muid. Tá an dráma seo ag tarlú mar chuid d’fhéile. Is iomaí duine atá tar éis breathnú tríd an leabhrán, agus anois, tá sé feicthe acu go bhfuil rud éigean ag tarlú i nGaeilge a bhaineann leis an phobal LADTA agus tá súil agam go n-athróidh sin an meon atá ag daoine i leith na Gaeilge,” a dúirt sí.

Tá Grindr, Saghdar agus Cher a chur i láthair i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Parnell, BÁC 1 ó 8-10 Bealtaine ag 9i.n. Tá ticéid ar fáil anseo.

Níos mó