Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
‘mura-n-athrofar-bunstruchtur-rugbai-na-mban-ni-athrofar-rud-ar-bith’

‘Mura n-athrófar bunstruchtúr rugbaí na mban ní athrófar rud ar bith’

Níl lá dá dtéann thart nach bhfuil foireann Éireann na mban faoi chaibidil agus ní haon eisceacht an tseachtain seo. Tá Cumann Rugbaí na hÉireann tar éis scaradh le Greg McWilliams, a bhí ina phríomhchóitseálaí don fhoireann. Tharla sé tar éis an chluiche in aghaidh na hAlban ag an deireadh seachtaine, cluiche a chaill Éire 36-10 agus a d’fhág ag bun Chraobh na Sé Náisiún gan pointe ar bith iad. Is é an toradh is measa a bhí ag Éirinn sa chomórtas ó bhí 2004 ann.

D’imir Éire 12 chluiche i rith réimeas McWilliams, a ceapadh i mí na Nollag 2021. Bhuaigh siad trí chluiche (in aghaidh na hIodáile agus Alban anuraidh agus in aghaidh na Seapáine i mí Lúnasa 2022). An íoróin ná, tar éis an chéad chluiche in aghaidh na Seapáine, bhí ceannlíne ann “Future Looks Bright As Ireland Start Historic Series With a Bang” ar shuíomh Cumann Rugbaí na hÉireann; chaill Éire gach aon chluiche a d’imir siad ó shin.

Níl an locht iomlán ar McWilliams agus bheadh sé éagórach é sin a rá. Cinnte, ní bhíonn ainm cóitseálaí cúnta riamh luaite tar éis cluiche a chailleadh, ach ní gá ach breathnú ar na staitisticí chun daoine eile a tharraingt isteach sa chomhrá. Tháinig Niamh Briggs isteach chun an ionsaí a stiúradh i mí Feabhra, 2022. Ó shin, níor scóráil Éire ach 160 pointe, agus 24 úd scóráilte san iomlán; sin thart ar 13 pointe (agus dhá úd) gach cluiche ar an meán. I dtaobh na cosanta de, ghéill siad 401 pointe (níos mó ná 33 pointe agus níos mó ná cúig úd an chluiche). Níl aon chóitseálaí ainmnithe chun aire a thabhairt don chosaint. Níl ceann ann do na tosaithe ach an oiread. Fiú má bhí na himreoirí seachtar an taobh ag imirt, ní raibh ardán cruthaithe dóibh ag na tosaithe le n-imirt.

Bhíothas ag rá gurb é seo ‘Bliain 1’ den athchóiriú. Más í, céard a thabharfaí ar an mbliain seo caite? Nó an turas go dtí an tSeapáin? An mbeidh orainn an bhliain seo a athdhéanamh?

Agus céard faoin struchtúr in Éirinn faoi láthair d’imreoirí: an bhfuil sé maith go leor? De réir an chórais AIL nua a cuireadh os comhair na bhfoirne mí ó shin, d’imreofaí cluiche ceannais an AIL (chomh maith leis an gcorn) i rith Chraobh na Sé Náisiún an bhliain seo chugainn. Is léir nach mbeadh na himreoirí idirnáisiúnta ar fáil do na cluichí sin agus go mbeidh an pháirtíocht níos tábhachtaí ná an imirt.

Féach ar an ‘Celtic Challenge’ agus caighdeán na freasúra i mbliana: ní fiú é mar chomórtas in aon chor. Ach sin an comórtas is dúshlánaí a bhí ag ár n-imreoirí sular thug siad aghaidh ar Chraobh na Sé Náisiún. Ní haon ionadh é nach raibh siad réidh d’fhisiciúlacht na craoibhe. Tá tuairim ann freisin nach bhfuil a dhóthain airgid infheistithe ag Cumann Rugbaí na hÉireann, ach tá. Tá thart ar €5.5m infheistithe acu, figiúr atá sách maith, go háirithe i gcomparáid le roinnt tíortha eile. Ach an fhadhb ná an áit a bhfuil a gcaitear an t-airgead sin.

Is cuma cén post atá ag duine; mura bhfuil an struchtúr ceart i bhfeidhm agus na hacmhainní cearta acu, ní éireoidh leo. Déarfaidh Cumann Rugbaí na hÉireann slán le McWilliams agus tiocfaidh duine eile isteach. Ach mura n-athrófar bunstruchtúr rugbaí na mban, ní athrófar rud ar bith.

Níos mó