Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘ni-bhead-chomh-flaithiuil-le-m’uimhir-aris!’

‘Ní bhead chomh flaithiúil le m’uimhir arís!’

Oíche Dé Sathairn, amuigh fén mbaile, tá fhios agaibh féin. Bhí cairde amuigh, daoine nach raibh aithne agam orthu, daoine go raibh aithne bheag agam orthu, bhí an-oíche ann! Bhuaileas leis an bhfear seo a raibh aithne súl agam air agus thosaíomar ag caint. Leaid an-deas, a bhí cairdiúil muinteartha. Bhuel, nuair a bhí gach éinne eile ag fágaint, dúrt liom féin go bhfanfainn ina theannta. Bhí breis dí aige siúd aige baile, agus gan dabht bhí fonn ormsa leanúint ar aghaidh leis an ól.

Bhí fhios agam go raibh suim éigin aige ionam (bhuel chuir sé ceist orm teacht abhaile leis), mar sin dúrt leis go díreach dá dtarlódh aon ní eadrainn, ní bheadh ann ach an t-aon uair amháin agus ní rachadh sé níos faide ná sin. Bhí sé lán-sásta leis an margadh seo, mar a bhíonn daoine de ghnáth, agus mar sin d’fhanas an oíche. Mar a bhíonn de ghnáth, bhí sé go breá, ní go hiontach, agus chuas abhaile an mhaidin dar gcionn.

Chuir sé téacs chugam an lá ina dhiaidh agus dúirt go raibh sé istigh sa bheár arís agus go gceart dom bualadh isteach chuige nuair a bheinn ag gabháil thar bráid. Cheapas go raibh sé maith go leor imeacht isteach agus heileo a rá, cuma liom cara eile a bheith agam agus bhí mórán daoine istigh a raibh aithne agam orthu pé scéal é. Chuas isteach chun cainte leis na héinne, agus leis féin, nuair a thuigeas ná rabhas compordach leis an tslí a raibh sé ag caint.

“Ó, cheart dúinn rud éigin deas a dhéanamh le chéile, an bheirt againn”. No, tháim alright go raibh maith agat, níl aon suim agam imeacht ar date. “Cuirfidh mé téacs chugat féachaint cathain a bheifeá saor rud éigin deas a dhéanamh”. No, tháim alright go raibh maith agat, dúrt leat nach raibh suim agam aon ní mar sin a dhéanamh. “Ah, ach bheadh cuileachta againn, is duine an-deas mé”. Bhuel, mo leithscéal ach fós, níl suim agam. “Ach tá an-mheas agam ar mhná, thabharfainn aire duit”. Dá mbeadh meas agat ar mhná, d’éisteofá liom agus mé ag rá leat nach raibh uaim ach an t-aon oíche amháin agus nár theastaigh uaim go rachadh sé níos faide!

Anois, ba chuma liom a bheith cairdiúil leis gan aon ní eile a bheith ag tarlú ach, bhí sé saghas bagrach tréis tamaillín go dtí go rabhas saghas buartha. Dúirt sé liom go gcuirfeadh sé téacs chugam ag iarraidh orm imeacht ar date leis. Dheineas gáire, “má chuireann tú téacs chugam á iarraidh sin, ná bí ag súil le freagra, dúrt leat nach raibh aon suim agam a leithéid a dhéanamh, le héinne!”

Chuireas mé féin in iúl, cúpla babhta, go díreach, go hindíreach, go neamhdhíreach, aon slí ina rabhas ábalta. B’fhéidir go rabhas saghas dian air fé dheireadh, ach ní raibh sé ag éisteacht liom! Anois, is é seo an t-am a éiríonn éinne, ach go háirithe mná, saghas neirbhíseach. Bhíos ar buile go raibh m’uimhir ghutháin aige ach bhí mo chuid ráite agam, foláireamh (cairdiúil, ach cinnte) tugtha agam do.

Bhuel, bhí díomá orm ach ní raibh aon ionadh orm gur chuir sé téacs chugam ag iarraidh imeacht ar date leis. Ar éist sé le focal a tháinig as mo bhéal? Níor dhein! Meas madra a bhí aige ar mo chuid cainte! Meas ar mhná, mo thóin. Leath an ama, bíonn tú i lár do chuid cainte agus thiocfadh fear trasna ort. Bíonn gach éinne lag ag gáirí faoi rud éigin atá díreach ráite ag an bhfear in aici leat, nuair a bhí sé ráite agatsa, deich soicind ó shin! Bhí sé ráite agam leis, go láidir, díreach, b’fhéidir beagáinín beag dian, nár theastaigh uaim go dtiocfadh faic as seo.

Bhí coicís ann sara gcuala uaidh arís. Chur sé téacs chugam agus é ólta, ag cuir i mo leith go ndéanas éagóir air. Fear nach raibh aon aithne agam air cúpla seachtain roimis sin ag cur i mo leith go mbriseas a chroí agus go mbeimis tréis todhchaí iontach a bheith againn lena chéile, mar a bheadh duine leat tréis cúpla bliain le chéile. Dúirt sé liom go mbeinn tréis fear a bheith agam a chuirfeadh ag gáirí mé agus go mbeadh meas aige orm. Níl meas aige orm anois, gan dabht, mar nach bhfuil suim agam i gcaidreamh leis, ach bheadh meas aige orm dá mbeinn i gcaidreamh leis. Go raibh míle maith agat as sin.

Is dóigh liom go mbeidh an cnaipe blocála ag teastáil uaim as seo amach, nó b’fhéidir go bhfuil mo cheacht foghlamtha agam agus ná bead chomh flaithiúil le m’uimhir arís!

Níos mó