Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ni-raibh-iontas-orm-nar-eirigh-le-heirinn’-–-straiteis-radacach-don-eoraifis

‘Ní raibh iontas orm nár éirigh le hÉirinn’ – straitéis radacach don Eoraifís

| sean o dubhchon | ,

B’ócáid stairiúil é Eoraifís na bliana seo agus an bua ag Loreen, amhránaí na Sualainne, a thug léi an trófaí lena hamhrán ‘Tattoo’. Is í Loreen an chéad bhean agus an dara duine (i ndiaidh Johnny Logan s’againn féin) a bhuaigh an Eoraifís faoi dhó, agus tá an tSualainn ar comhscór anois le hÉirinn ar bharr liosta na tíortha leis an méid is mó buanna i stair an chomórtais.

Is iomaí duine a bhí ag tuar go mbeadh an bua ag Loreen, a bhuaigh cheana sa bhliain 2012 lena rian íocónach ‘Euphoria’, ach bhí toradh an chomórtais thar a bheith conspóideach i mbliana. Bhí an t-ollbhua ag Käärijä na Fionlainne sa vóta poiblí, agus nuair a bhí an buaiteoir a fhógairt, chan an lucht féachana san airéine a amhrán ‘Cha Cha Cha’ os ard, rud a tharraing aird ó bhua stairiúil Loreen. Ach sin mar a bhíonn an Eoraifís – lán de chorraíl agus teannas.

Deirtear go raibh breis agus 160 milliún duine ag breathnú ar Chomórtas Eoraifíse na bliana seo, a bhí ar siúl an Satharn seo caite in Liverpool, agus tá moladh mór tuilte ag an BBC agus Liverpool as an sárjab a rinne siad.

Ach b’ábhar bróin agus frustrachais é comórtas na bliana seo d’Éirinn mar, don chúigiú bhliain as a chéile, theip ar Éirinn dul ar aghaidh chuig babhta ceannais na Eoraifíe, an comórtas a cuireadh ar ceal de bharr Covid 19 sa bhliain 2020 san áireamh.

Ní raibh aon iontas orm nár éirigh linn. Is banna maith iad Wild Youth agus tá siad tar éis neart amhráin d’ardchaighdeán a eisiúint go dtí seo. Ach bhí ‘We Are One’ an-lag, i gcomparáid leis an méid a bhí eisithe acu cheana, agus i gcomparáid leis an méid eile a bhí istigh ar chomórtas Eoraifíse na bliana seo. Ní hamháin sin, ach bhí sé an-soiléir go raibh an t-amhrán agus an cur i láthair a rinne siad ar an stáitse bunaithe ar rudaí a rinne go maith cheana sa chomórtas. Bhí an-chuid cainte faoin dóigh gur bunaíodh feistis an bhanna ar an íomhá atá ag Måneskin, a bhuaigh an Eoraifís dhá bhliain ó shin. Is féidir teachtaireacht an amhráin ‘We Are One’ a chur i gcomparáid le ‘Love Love, Peace Peace’, amhrán grinn a chan láithreoirí an chomórtais 2016 Petra Mede agus Måns Zelmerlöw, le cur síos a dhéanamh ar na ‘comhábhair’ a theastaíonn leis an gcomórtas Eoraifíse a bhuachan.

Bhí mé go láidir den tuairim go raibh trí amhrán níos fearr nár roghnaíodh san iomaíocht ar Eurosong ar RTÉ níos luaithe i mbliana: ‘Too Good For Your Love’ le hAdgy, ‘Down In The Rain’ le K Muni agus ‘Midnight Summer Night’ le Connolly. B’amhráin iad seo a rachadh go mór i bhfeidhm ar lucht leanúna na hEoraifíse, agus a d’éireodh go maith leo sna cairteacha, dá mbeadh ardán na hEoraifíse tugtha dóibh.

Tugadh neart leithscéalta faoin easpa ratha a bhí ag Éirinn sa chomórtas. I bpostáil Instagram atá scriosta anois, dúirt amhránaí Wild Youth Conor O’Donohue nár thug na heagraithe seans d’Éirinn. Dar le Michael Kealy, atá ag obair mar chuid d’fhoireann Eoraifíse na hÉireann, tá fíorbheagán maoiniú curtha ar fáil ó RTÉ, rud a chuireann bac ar na hamhránaithe nó grúpaí a roghnaítear. Ní gá ach breathnú ar ‘Together’, cumtha agus canta ag Ryan O’Shaughnessy in 2018, leis an dearcadh sin a dhíbirt. B’amhrán agus léiriú álainn simplí cumhachtach a bhí ann, curtha le chéile leis an mbeagán airgid céanna, ach a d’éirigh go maith leis sa chomórtas.

Dar le O’Shaughnessy é féin, ní raibh amhrán na bliana seo úr nó neamhghnách go leor. Tá daoine ann a cheapann go fóill nach n-éiríonn le hÉirinn de bharr go mbíonn tíortha eile ag vótáil dá gcomharsa, rud atá fíor i gcás na Gréige agus na Cipire, agus na tíortha i mBloc an Oirthir, mar shampla. Ach chonaiceamar anuraidh, nuair a tháinig Sam Ryder sa dara háit le ‘Space Man’ gur cuma le muintir na hEorpa faoin mBreatimeacht nó faoin achar tíreolaíoch eatarthu, a fhad is go raibh amhrán maith láidir ag an Bhreatain.

Cad is féidir a dhéanamh mar sin, le cinntiú gur féidir linn rath a bheith againn sa chomórtas? Táim tar éis an-chuid machnaimh a dhéanamh air seo, agus seo chugaibh mo straitéis do thodhchaí na hEoraifíse in Éirinn.

Comórtas cúig seachtaine ar TG4

Tá a fhios ag an domhan mór go dtugtar i bhfad níos lú infheistiú agus maoiniú do chláir Ghaeilge, curtha i gcomparáid le cláir i mBéarla. Ach ar chúis éigean, éiríonn le TG4 comórtais amhránaíochta a léiriú ar bhonn níos sofaisticiúla agus ar chaighdeán níos airde ná RTÉ. Is iomaí an sampla atá ann, Réalta agus Gaolta, Glór Tíre agus an Junior Eurovision, san áireamh. Is féidir linn go leor a fhoghlaim ón gcaoi a léiríonn TG4 an Junior Eurovision, go háirithe ós rud é go bhfuil an sprioc chéanna acu: ionadaí d’Éirinn a roghnú do chomórtas Eoraifíse. D’éirigh le Sophie Lennon an ceathrú háit a bhaint amach in Junior Eurovision na bliana seo lena amhrán Gaeilge ‘Solas’. Cuireann TG4 luach ar an gcomórtas, tógann siad a gcuid ama leis na hiomaitheoirí agus tá ardchaighdeán agus saineolas ag baint leis an láithreoireacht, moltóireacht agus eile. Bíonn fuinneamh agus poiblíocht iontach taobh thiar den Junior Eurovision i gcónaí agus bheadh sé iontach dá gcuirfí an luach céanna ar an gComórtas Eoraifíse é féin.

Cúig nó sé amhrán ar gach babhta cáilithe

Má bhreathnaímid ar thíortha ar nós na Sualainne, an Iodáil agus an Iorua, tá sé de nós seanbhunaithe acu comórtais fhada a reáchtáil le hionadaí don Eoraifís a phiocadh. I Melodifestivalen 2023 sa tSualainn, bhí 28 amhrán ar fad san iomaíocht sular roghnaíodh ‘Tattoo’ le Loreen. Tá an-mheas ag muintir na Sualainne ar an Melodifestivalen agus is sprioc mhór é d’amhránaithe sa tír sin páirt a ghlacadh sa chomórtas, agus é a bhuachan. Is minic a ghlacann amhránaithe sa tSualainn atá aitheanta cheana páirt sa chomórtas, nós ba chóir dúinn a spreagadh níos mó in Éirinn. Ghlac an t-amhránaí Sanna Nielsen páirt sa Melodifestivalen seacht n-uaire, go dtí gur bhuaigh sí lena hamhrán ‘Undo’ in 2014, agus d’éirigh léi teacht sa tríú háit ag an Eoraifís. Nach mbeadh sé iontach dá mbeadh ardán mar sin ag amhránaithe, bannaí agus cumadóirí na tíre seo. Ní leor seans a thabhairt do chúigear ná seisear. Ba chóir dúinn an oiread amhrán agus is féidir linn a tharraingt isteach san iomaíocht.

Babhta ceannais sa 3Arena

I mbliana tugadh cúinne beag de stiúideo The Late Late Show d’iomaitheoirí an Eurosong lena gcuid amhrán a chanadh. Cuireann an easpa spáis sin srianta millteanacha ar amhránaithe agus ar ghrúpa, go háirithe má táimid ag iarraidh orthu a gcuid iontrálacha a dhéanamh ar stáitsí móra in airéiní na hEorpa. D’fhreastail na mílte ar na babhtaí ceannais den Melodifestivalen (sa tSualainn), an Melodi Grand Prix (san Iorua) agus Festival di Sanremo (san Iodáil) agus ba ócáidí móra teilifíse iad sna tíortha sin. Dá mbeadh ticéid ar díol le bheith i láthair ar an oíche sin, gach seans go gcabhródh sé go mór leis na costais a bhíonn i gceist leis na comórtais a reáchtáil, nó leis an Eoraifís é féin a chur i láthair, má éireoidh linn an rud ar fad a bhuachan.

Rud eile atá an-tábhachtach a rá ná go gcabhraíonn sé nuair atá am agat suí le hamhrán, aithne a chur air agus titim i ngrá leis. Le comórtais a reáchtálfar thar roinnt seachtainí, bíonn deis ag daoine na hamhráin a chloisteáil ar an raidió agus iad a cheannach nó a shruthlú. Bíonn siad cinnte faoi na hamhráin is fearr leo faoin am a thagann an babhta ceannais agus roghnaíonn siad an t-amhrán ceart, mar a chonaiceamar i mbliana sna tíortha thuasluaite.

Tacaíocht ón raidió

Tá saol an cheoil athraithe go mór le cúig bliana déag anuas ach go háirithe, agus an bhéim ar an sruthlú agus íoslódáil amhráin ar na cairteacha, ach fós féin, tá áit ríthábhachtach ag an raidió san earnáil ceoil agus an rath a bhíonn ag amhráin sna cairteacha. Caithfear a admháil go bhfuil géarchéim cheoil againn sa tír seo. Tá na céadta agus na mílte amhránaithe, grúpaí, cumadóirí agus léiritheoirí ag eisiúint ceol sa tír seo, ceol atá ar ardchaighdeán ach nach gcloistear riamh ar an raidió. Tá tionchar an coilíneachas le bráth sa cheol a chloistear ar an raidió tráchtála, go háirithe na stáisiúin mhóra, anseo in Éirinn. Cé go bhfuil an-tionchar ag an Bhéarla mar theanga sa tír seo, má théimid go tíortha eile a bhí faoi chois na Breataine, macasamhail Cheanada, an Astráil agus an Nua Shéalainn, tá a gcuid cairteacha lán de cheol atá cumtha, léirithe agus canta ag muintir na tíre iad féin. Má táimid chun luach a chur ar an Eoraifís agus na hamhráin a bhíonn i gcomórtais cosúil leis an Eurosong, ba chóir go mbeidís á gcasadh ar an raidió.

Vótaí ag teacht ó mheascán de vótaí fóin/ar líne, sruthanna agus íoslódálacha

Bhí sraith iontach ar RTÉ deich mbliana ó shin, dar teideal The Hit, le cúig bhabhta cáilithe agus babhta ceannais. Ar gach eagrán, tháinig beirt amhránaithe aitheanta chuig an 3Arena (nó an O2 mar a bhí ag an am) i mBaile Átha Cliath, agus d’éist siad le réimse leathan amhrán. Ag deireadh an eagráin, roghnaigh gach amhránaí amhrán, thaifead siad é, agus eisíodh mar shingil é. Chuaigh an t-amhrán ab fhearr sna cairteacha an tseachtain dár gcionn díreach isteach sa bhabhta ceannais. Shíl mé ag an am gur modh iontach a bheadh ann le hamhrán a roghnú don Eoraifís. Ghlac go leor amhránaithe cáiliúla páirt sa tsraith, leithéidí Finbar Furey, Samantha Mumba agus Johnny Logan, agus is é Finbar Furey an té a bhuaigh an comórtas ar fad, leis an amhrán ‘The Last Great Love Song’.

Ba chomórtas iontach é mar tugadh deis do chumadóirí a gcuid amhrán a chur amach agus tugadh deis d’amhránaithe ceol nua a eisiúint freisin. Bhraith torthaí an chomórtais ar líon na n-íoslódálacha a fuair na hamhráin sa tseachtain dár gcionn. Bheadh sé iontach seo a thriail in Éirinn, mar go mbeadh deis ag go leor amhránaithe agus cumadóirí a gcuid ceoil a eisiúint agus ardán maith a bheith acu dá gcuid amhráin.

Ach, ag an am céanna, má bhíonn tú ag íoslódáil nó ag sruthlú amhrán, seachas a bheith ag vótáil arís agus arís, léiríonn tú breis infheistíochta san amhrán sin, in ionad a bheith ag vótáil don té is cáiliúla, mar a tharla le Eurosong na bliana seo. D’éireodh sa deireadh leis an amhrán is fearr, nó an ceann a cheannaigh nó a shruthlaigh an méid is mó daoine. Ós rud é go bhfuil neart daoine ann a cheannaíonn nó a éisteann le ceol ar fhormáid thraidisiúnta, ba chóir go mbeadh céatadán áirithe vótaí ag teacht ón vótáil ar an bhfón nó ar líne.

Amhráin inár dteanga dhúchais

Tá rud an-suntasach tarlaithe i gceol na tíre seo le deich mbliana anuas agus is é sin an méadú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag cruthú agus ag eisiúint amhráin nuachumtha comhaimseartha i nGaeilge, uaireanta le lorg an cheoil thraidisiúnta orthu agus uaireanta i stíleanna nach samhlófá i nGaeilge blianta ó shin. Tá na hamhráin seo ar an gcaighdeán céanna, nó ar chaighdeán níos airde, ná an ceol atá ag teacht amach i mBéarla, agus b’fhiú ardán a thabhairt dóibh agus muid ag roghnú ionadaithe don Eoraifís. Dá gcaithfeadh feidhmeannaigh cheoil cúpla seachtain ag taisteal thart ar an tír (agus ticéad acu d’Fhéile na Gealaí, b’fhéidir) bheidís in ann scata breá iomaitheoirí a roghnú a bheadh in ann rud éigean speisialta a chruthú do chomórtas Eoraifíse na bliana seo chugainn. Tá ceol comhaimseartha na Gaeilge ceannródaíoch agus ní dhéanann sé ciall nach bhfuilimid ag díriú air agus ionadaithe d’Éirinn a roghnú againn.

Tá daoine a deir nach n-éireodh le hamhrán i nGaeilge sa chomórtas, ach ní cheapaim go bhfuil sin fíor in aon chor. Bhí an-chuid amhráin a bhuaigh agus a d’éirigh go maith leo san Eoraifís canta i dteangacha éagsúla le roinnt mhaith blianta anuas, agus níl anseo ach roinnt dóibh.

‘Cha Cha Cha’ le Käärijä (2ú háit don Fhionlainn in 2023)

‘Due vite’ le Marco Megoni (4ú háit don Iodáil in 2023)

‘Stefania’ le Kalush Orchestra (Buaiteoir don Úcráin in 2022)

‘SloMo’ le Chanel (3ú háit don Spáinn in 2022)

‘In Corpore Sano’ le Konstrakta (5ú háit don tSeirbia in 2022)

‘Zitti e buoni’ le Måneskin (Buaiteoir don Iodáil in 2021)

‘Voilà’ le Barbara Pravi (2ú háit don Fhrainc in 2021)

‘Tout l’univers’ le Gjon’s Tears (3ú háit don Eilvéis in 2021)

‘Soldi’ le Mahmood (2ú háit don Iodáil in 2019)

Ár gcultúr sna hamhráin

Ní hamháin go mbíonn tíortha eile ag canadh amhráin ina dteangacha dúchais níos minice anois, ach bíonn a gcultúir chun tosaigh sna hamhráin. Cloistear sin sa tionlacan agus na huirlisí a úsáidtear sna hamhráin, rud a bhí go mór chun tosaigh san amhrán ‘Stefania’, buaiteoir na bliana seo caite, mar shampla. Is minic go bhfuilim in ann an tír, nó an chuid den Eoraip, a phiocadh amach, díreach ó bheith ag éisteacht leis an amhrán, agus is dea-shampla é an Ghréig de sin. Ach bíonn stair nó béaloideas na tíre chun tosaigh sna hamhráin freisin, fiú más i mBéarla a chantar iad. Tá loinneog traidisiúnta Ioruaise in úsáid i ‘Spirit In The Sky’ le Keiino (2019) agus rinne an t-amhrán Rúiseach aitheanta ‘Party For Everyone’ (2012) tagairt do bhábóga maitríóisce agus feistis traidisiúnta na Rúise. Agus muid ag iarraidh vótaí na hEorpa a mhealladh, is minic a dhéanann Éire iarracht amhrán coiteann a chruthú, agus ní sheasaimid amach dá bharr.

Infheistíocht ón rialtas agus ó lipéid taifeadta

Cé go bhfuil cultúr láidir ceoil againn sa tír, d’fhéadfá a rá nach ndéanaimid go leor mar thír lenar gceoltóirí, amhránaithe agus grúpaí féin a chur chun cinn. Ní bhíonn an oiread céanna deiseanna acu ceol a thaifeadadh agus a eisiúint agus bíonn ar lucht an cheoil poist lánaimseartha a bheith acu le bheith in ann maireachtáil, seachas díriú ar a gcuid ceoil. Bheadh sé an-tábhachtach, ag amharc amach chun tosaigh, go gcuirfeadh comhlachtaí taifeadta in Éirinn níos mó béime ar thallann na tíre seo agus go mbeadh breis maoiniú ar fáil don cheol ón rialtas. Cuireann daoine an t-uafás béime ar na costais a bheadh i gceist leis an Eoraifís a chur i láthair dá mbeadh an bua againn, seachas ar na buntáistí a bheadh ann don cheol agus don eacnamaíocht i gcoitinne.

Chaith Comhairle Cathrach Liverpool €2.3 milliún ar an Eoraifís i mbliana, agus leis an gcaiteachas a tháinig ón BBC, rialtas na Breataine agus ó Aontas Craoltóireachta na hEorpa, bhí costas €11.3 milliún ar fad ann. Ach, dar le saineolaithe, caitheadh€34 milliún, ar a laghad, in Liverpool le linn na hEoraifíse. Is tír mhór thurasóireachta agus chultúir muid, agus b’iontach an rud é na mílte daoine a tharraingt go hÉirinn le linn sheachtain na hEoraifíse, le cur lenar ngeilleagar. Tá súile an domhain ar Liverpool le seachtain anuas agus ardmholadh d’aon ghuth tugtha dóibh as an sárjab a rinne siad. B’fhiú dúinn féin sin a bheith againn mar sprioc.

Dóchas

Tá dóchas ann. Tá an tír lán d’amhránaithe, ceoltóirí agus grúpaí a dhéanfadh sáriarracht ar ardán na hEoraifíse. Tá cumadóirí againn a scríobhann amhráin atá maith go leor leis an chomórtas a bhuachan. Tá dearthóirí, ealaíontóirí agus rinceoirí againn a dhéanfadh cinnte go seasfadh ár seónna stáitse amach. Ach tá athrú meoin agus cur chuige nua de dhíth. Má chuirimid an bhéim agus an luach atá ag teastáil ar an Eoraifís, éireoidh linn. Níl aon amhras faoi sin!

Níos mó