Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
raidio-ri-ra-ag-imeacht-de-na-haerthonnta-fm-tar-eis-treimhse-thrialach-deich-seachtaine

Raidió Rí-Rá ag imeacht de na haerthonnta FM tar éis tréimhse thrialach deich seachtaine

Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse thrialach a bhí ag Raidió Rí-Rá ar na haerthonnta FM ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine. Bhí an cairtstáisiún Gaeilge á chraoladh beo ar raidió FM i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh agus Gaillimh gach deireadh seachtaine ó bhí Seachtain na Gaeilge ann i mí an Mhárta.

Bhí láithreoirí Raidió Rí-Rá le cloisteáil beo gach Satharn agus Domhnach sna ceithre chathair chomh maith leis an suíomh idirlín agus aipeanna an stáisiúin ar na córais Android agus iOS.

Tá “deireadh seachtaine spleodrach” geallta ag lucht Raidió Rí-Rá d’éisteoirí an stáisiúin don deireadh seachtaine deireanach a bheidh acu ar an aer agus “comórtais, sceideal speisialta lán le haíonna agus aoiláithreoirí, neart ceoil agus craice”.

Bhí aoiláithreoirí éagsúla le cloisteáil ar an aer i gcaitheamh na tréimhse trialaí, ina measc Sinéad Ní Uallacháin ó Beo Ar Éigean, Rút Ní Theimhneáin ó BLOC, Aindriú de Paor ó RTÉ 2FM, an Kerry Cowboy Séaghan Ó Súilleabháin, Lucy Nic Aindrís ó Na Gael Gals, agus Cian Ó Gríofa nó ‘Gaylgeoirí’ mar is fearr aithne air.

“Is iontach an deis í seo le bronnadh ar ár gcraoltóirí – tá taithí luachmhar á fáil agus chuile dhuine acu agus iad ag craoladh beo ar ardán náisiúnta. Tá an tréimhse seo théis ardú meanman a thabhairt dúinn ar fad, agus is iontach a chloisteáil go bhfuil sé ag dul i bhfeidhm ar éisteoirí fud fad na tíre chomh maith.

“An sprioc atá againn ná seirbhís don aos óg a sholáthar ar ardán náisiúnta FM go lánaimseartha seacht lá na seachtaine 24 uair an chloig in aghaidh an lae, agus seo céim dhearfach i dtreo na sprice sin,” a dúirt bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil.

Beidh cláracha le Hugh Carr agus Conall Mac Dhonnagáin; Seán Ó Dubhchon; Louise Cantillon; agus na podchraoltóirí ‘Na Seansálaithe’ le cloisteáil le linn an chraolta speisialta an deireadh seachtaine seo ar 105.2fm (Baile Átha Cliath), 106.7fm (Corcaigh), 105.5fm (Luimneach), agus 87.7fm (Gaillimh).

Dúirt Traic Ó Braonáin, cathaoirleach Raidió Rí-Rá, gur bhreá le lucht an stáisiúin dá mbeadh an deis ann craoladh ar FM “go leanúnach” agus go mbeadh an stáisiún Gaeilge le cloisteáil “timpeall na tíre i gcónaí”.

“Tá éileamh ann, tá éisteoirí ann, agus tá an struchtúr i bhfeidhm cheana,” a dúirt sé.

Níos mó