Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-rud-eigin-ar-leith-ag-the-weaving-na-feidir-a-mhiniu’

‘Tá rud éigin ar leith ag The Weaving ná féidir a mhíniú’

Chaitheas tabhairt faoi rud éigin a scríobh faoi choirm cheoil a chonac ag Féile na Bealtaine na bliana seo, toisc go gcuaigh sé chomh mór san i bhfeidhm orm.

An banna The Weaving atá i gceist agam. Méabh Ní Bheaglaoich, nár chuala riamh chomh maith is a bhí sí, Owen Spafford, fidléir ildánach ó Yorkshire, agus Cáit Ní Riain, bean óg ó Thiobraid Árann go bhfuil ceol is amhráin aici ná cloistear puinn riamh, deinim amach. An ceann is ansa liom, ‘The Ambush Below in Rossmore’. Amhrán óna contae dúchais, agus ceol aoibhinn ar an bpianó aici féin mar thionlacan agus í chomh doimhin san amhrán agus sa cheol, go mbraithfeá ar an bpointe, an nasc daingean atá aici leis an ealaín.

Tá sé deacair cur síos ar an ngrúpa seo, mar tá rud éigin ar leith acu ná féidir liom a mhíniú. Dúradar féin gur meascán dá gcuid réimsí ceoil ar fad atá i gceist le The Weaving, agus is ea.

Ar an gcéad dul síos, ba dhóigh leat go rabhadar le chéile riamh agus seantaithí acu ar a chéile. Nílid le chéile bliain fós, áfach. Bhíodar chomh slachtmhar, chomh cleachtaithe agus chomh mór san ar a gcompord le chéile. An tarna rud, bhí éagsúlacht dhochreidte sna píosaí a chuireadar i láthair an tí láin i Sáipéal San Séamus sa Daingean.

Bhí portaireacht bhéil lena raibh séis nádúrtha eatarthu triúr, guth binn Cháit, guth milis Mhéibhe agus guth doimhin Owen; bhí polcaí is sleamhnáin siar amach le beocht agus fiántas ag baint leo; bhí amhrán a chum Méabh féin, An Lon Dubh, a bhí ar cheann des na píosaí is aoibhne corraitheacha a chuala riamh, agus amhrán eile a chum a haintín Eibhlín, faoi bhás a máthar féin, Mary Ellen.

Chuirfeadh na hamhráin deoir le cloch, agus cách ag cuimhneamh ar Shéamus Ó Beaglaoich, a bhí ina dteannta a bhraith Méabh, “ar feadh an deireadh seachtaine”, a dúirt sí. Bhí poirt ó Shasana ag Owen, ceol traidisiúnta Shasana, faoi mar a chuir sé féin síos air, a chuir sé i láthair le séimhe agus le muinín, gan bun chleite amach ná barr chleite isteach. Máistir ar a cheird a thug séis dúinn, gan aon agó ar an bhfidil.

Tá an grúpa seo gan cháim, agus bhí an t-ádh liomsa a bheith i láthair ag an gcéad choirm a bhí riamh acu in Éirinn le linn Fhéile na Bealtaine 2023. Má chíonn tú chugat iad, ceannaigh ticéad ar an bpointe. 10/10…nó 11, dá bhféadfainn!

Níos mó