Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-t-ilteangachas-abu!-deichniur-aisteoiri-mor-le-ra-ata-ilteangach

An t-ilteangachas abú! Deichniúr aisteoirí mór le rá atá ilteangach

| roisin ni cheileachair | ,

Is daoine dátheangacha (ar a laghad) sinne ar fad a bhíonn ag léamh altanna ar NÓS. Táim féin líofa sa Ghaolainn agus sa Bhéarla gan amhras, ach ana-thuiscint agam ar Spáinnis (céim agam inti ach beagáiníííííín as cleachtadh anois) agus táim ag foghlaim Seapáinise fé láthair. Cabhraíonn na teangacha linn postanna a fháil, imeacht chun cinn sa tsaol, sinn féin a chur in iúl i dtíortha eile, agus fiú labhairt go príobháideach agus sinn amuigh i measc an phobail.

Tugadh an smaoineamh dom liosta a dhéanamh de dhaoine cáiliúla a bhfuil níos mó ná teanga amháin acu agus dúirt liom féin go luífinn isteach leis na haisteoirí mór le rá a roghnú mar go mbeadh suim agam féin an t-eolas a fháil amach.

Seo deichniúr d’aisteoirí go gcuireasa suim iontu agus a dteangacha agus nasc lena n-ais a thabharfaidh chun píosa cainte tú (ag déanamh neamhaird ar an mBéarla go fóill).

Christopher Lee

Aisteoir den scoth é Christopher Lee, a thaitin go mór liomsa i scannáin Lord of The Rings. Thugas ceann do ar dtúis mar go raibh guth breá doimhin aige, agus bhí ionadh orm fáilt amach gur labhair sé Iodáilis, Spáinnis, Fraincis agus Gearmáinis!

Sandra Bullock

Taitníonn Sandra Bullock go mór liom mar aisteoir. D’fhéachas ar The Proposal den gcéad uair (scannalach, tá fhios agam) le déanaí agus bhaineas ana-shásamh as. Is maith liom Miss Congenialitychomh maith mar bhí mórán feimineachais le feiscint ann, agus gan dabht, an scannán iomráiteach The Blind Side. Gearmánach ab ea a máthair agus tógadh Sandra sa Ghearmáin agus san Ostair. Tá Gearmáinis líofa aici agus blas láidir an deiscirt ar a cuid cainte. Seo chugat í ag glacadh le gradam go hiomlán trí Ghearmáinis.

Tom Hiddleston

Is dóigh liom go bhfuil gach éinne beagáinín i ngrá le Tom Hiddleston. Is breá lem’ chroí na scannáin Marvel agus an diabhlaíocht atá aige i gcarachtar Loki ach a mhalairt atá i gceist lena phearsantacht féin. Fear uasal amach is amach é a bhfuil Spáinnis, Fraincis, Gréigis agus beagáinín Iodáilise, mar a chíthfidh sibh san fhíséan seo.

Mila Kunis

Bíonn daoine scofa i ndiaidh Mhila Kunis, dá páirt in That 70’s Show, aon scannán grá, ach do pháirt Meg Griffin in Family Guy chomh maith! Saolaíodh san Úcráin í ach a bhog a muintir chun na Rúise nuair a bhí sí óg. Seo físeán beag di ag labhairt Rúisise agus tabhair fé ndeara go ndeir sí ‘and anyways’ as Béarla i lár abairte!

Jack Black

Ní dóigh liom go bhfuil éinne ar domhan nach maith leo Jack Black. Fear uasal seoigh é ar maith le daoine a chuid oibre. Tá ana-cháil ar an scannán School of Rock, chomh maith leis na scannáin Jumanji nua, agus gan dabht, a pháirt gleoite in The Holiday. D’fhoghlaim sé an Spáinnis mar go dtaitin glór na teanga leis agus tá an Fhraincis aige chomh maith, de réir dealraimh.

Charlize Theron

Is BREÁ liom Charlize Theron, ina aon saghas páirt a bhíonn aici! Is breá liom gur bean láidir í i bhformhór na páirteanna a bhíonn aici ach go bhfuil amanta ann ná bíonn an carachtar láidir, ag tabhairt le fios gur féidir le duine an dá thráigh a fhreastal. Mad Max, The Old Guard, fiú Hancock! Tógadh san Afraic Theas í agus mar sin tá Afracáinis aici agus fuaimnítear a sloinne gan an ‘e’ agus le ‘r’ rollaithe!

 

Audrey Hepburn

Audrey Hepburn. Ní dóigh liom go bhfuil éinne ar domhan nár chuala a hainm ar a laghad aon bhabhta amháin. Bhí aithne uirthi mar aisteoir agus mar bhean dhathúil ach dhein sí i bhfad níos mó ná san. Bhí páirt aici i bhFrithbheartaíocht na hÍsiltíre agus í ag iompar teachtaireachtaí príobháideacha, bhí sí ina haltra deonach i rith an Tarna Cogadh Domhanda san Ísiltír agus bhí páirteach in UNICEF. Bhí Ísiltíris, Spáinnis, Fraincis agus Iodáilis aici.

Anya Taylor-Joy

Bhí ainm Anya Taylor-Joy ag dul i gcáil i bhfad sara dtáinig The Queen’s Gambit amach ar Netflix, ach ní féidir a shéanadh go dtug an clár san seans di cur lena stór rólanna. Bhuaileas féin léi agus í ag taifead i mBaile Átha Cliath agus mé i mo extra ar an seit ina teannta. Bhí sí ana-dheas ciúin ach séimh mar dhuine, dar liom féin. Tógadh í idir Miami agus Buenos Aires agus mar sin, tá Spáinnis líofa aici agus deir sí féin go bhfuil sí níos compordaí léi ná an Béarla.

Natalie Portman

Tá Natalie Portman mór le rá i scannáin áirithe ag brath ar an nduine a cheistíonn tú. Dom féin, is in Black Swan, Star Wars agus na scannáin Marvel a chonac í agus a chuimhním ar a carachtair. Do dhaoine eile, b’fhéidir gur in AnnihilationNo Strings Attached a thiocfadh chucu. Is ón Iosrael í ó dhúchas agus is í an Eabhrais a teanga dhúchais dá bharr . Tá Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis ar a toil aici chomh maith.

Michael Fassbender

Tá orm Michael Fassbender a chaitheamh isteach anseo mar gur aisteoir ó Chiarraí é. Mór le rá dom féin i scannáin X-Men, chomh maith le Inglorious Basterds agus Assassin’s Creed. Saolaíodh sa Ghearmáin é agus a bhog a mhuintir go Cill Airne len é a thógaint fén dtuath. Lean sé air ag foghlaim Gearmáinise, a deir sé féin nach bhfuil rómhaith aige, ach chuala féin chomh maith go bhfuil cúpla focal Gaolainne aige óna laethanta scoile i gCiarraí.

 

Agus, ar deireadh, chaitheas blúire Gaolainne a chaitheamh isteach i dteannta na dteangacha eile. Is dócha go bhfuil an físeán seo feiscithe agaibh ar fad ach, baineadh siar asam féin nuair a chuala é ag caint Gaolainne, agus níl aon fáth go mbainfí agus sin ar fad á fhoghlaim ar scoil. Paul Mescal, a raibh páirt aige in Normal People agus anois atá ag fáilt níos aitheanta i ndiaidh gach páirt aige. D’fhéadfainn Brendan Gleeson a phiocadh dó seo, ach dúirt liom féin seans a thabhairt don gcleas óg anois (ach lorg Cáca Milis ar YouTube más maith libh Brendan Gleeson a fheiscint i bpáirt Ghaolainne). Seo é Paul Mescal ag caint le Caitlín Nic Aoidh ag na gradaim BAFTA.

Tá mórán daoine cáiliúla eile a bhfuil teangacha eile seachas an Béarla acu; Fraincis líofa ag Bradley Cooper, Timothée Chalamet, Eva Green agus Jodie Foster (chomh maith le hEoin Ó Catháin in RTÉ Raidió na Gaeltachta!), Gearmáinis agus Iodáilis ag Leonardo DiCaprio, Iodáilis ag Colin Firth, Spáinnis ag Will Smith, Gearmáinis agus Fraincis ag Christoph Waltz (bhfaca sibh in Inglorious Basterds é? LAOCH), agus Danmhairgis, Fraincis agus Spáinnis ag Viggo Mortensen chomh maith le cúpla teanga eile!

Is saibhreas é teangacha breise a bheith agat, ach go háirithe do theanga dhúchais, agus go háirithe nuair is teanga í nach bhfuil ag mórán daoine. Bígí bródúil as an ábaltacht atá ionaibh teanga eile a bheith ar bhur dtoil agaibh agus labhair amach í.

Níos mó