Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go ndéanfaí ceiliúradh ar “oidhreacht dhúchasach Ghaelach” na tíre san athdhearadh atá le déanamh ar phasanna na hÉireann.
Seo an chéad uair le deich mbliana a bhfuil athdhearadh beartaithe ar phasanna na hÉireann agus tá sé “tábhachtach” go mbeadh an Ghaeilge “feiceálach” ar an phas nua, a deir an Conradh.
Seoladh suirbhé inné ina bhfuil deis ag daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin dearadh ba mhaith leo a fheiceáil ar na pasanna nua.
Beidh rogha ag daoine an suirbhé a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla agus beidh tuairimí daoine á lorg faoin téama ‘flóra agus fána na hÉireann’, ceann de na téamaí atá á mheas ag foireann deartha sa Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi láthair.
“Tá plé á dhéanamh ar chúrsaí bitheolaíochta agus dúlra na hÉireann mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh na leaganacha dúchasacha Gaeilge le feiceáil ar an phas nua,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.
Molann an tÚdarás Eitlíochta Sibhialta go ndéantar uasdátú ar na gnéithe sábháilteachta a bhaineann leis an phas gach tréimhse 7-10 mbliana.
‘Cultúr agus stair na hÉireann’ an téama a roghnaíodh don dearadh atá le feiceáil ar an phas reatha, a seoladh in 2013.