Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
carachtairi-na-leithinse:-micheal-de-mordha

Carachtairí na Leithinse: Mícheál de Mórdha

| Slaine Ni Chathallain | ,

Thugas cuairt le déanaí ar fhear ó Bhaile an Ghleanna, Mícheál de Mórdha. “Baisteadh mise mar Michael Moore,” arsa é liom. Eagarthóir ar an leabhar aitheanta scoile, A Thig ná Tit Orm le Maidhc Dainnín Ó Sé, iar-bhainisteoir ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir, iar-chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, údar an leabhair An Island Community: The Ebb and Flow of the Great Blasket Island agus míle milliún rud eile! Athair, athair críonna, fear céile, deartháir agus araile agus araile…agus fear a roinn a chuid ama go flaithiúil liom agus a dheineann i gcónaí.

Is mar seo a bhí againn.

Cad í an chuimhne is sia siar id’ cheann?

“Tá cúpla cuimhne, ach n’fheadar cé acu is sia siar im’ cheann ach cuimhin liom an chéad lá a bhíos ar scoil. Bhíos féin agus mo dheirfiúr Cáitín agus comharsa bhéal dorais dúinn, Páidín Keane, chuamar ar scoil an lá céanna ach ní rabhas róshásta liom féin agus is cuimhin liom gur dh’éiríos suas agus go ndúrt le mo chara Páidín, ‘téanam ort abhaile, a Pháidín a bhuachaill’. Bhailíomair linn an doras amach ach ní rabhamair ach leath slí amach nuair a casadh thar n-ais arís sinn. An seanmháistreás mar a thugaimis uirthi, Bríd Uí Loingsigh a bhí ann ag an am. Síos trasna na habhann a théimis ar Scoil Dhún Chaoin. Bhí cóngar ansan gan dabht. Ní raibh aon droichead ná faic ar an abhainn an uair sin. Bheifeá ag léimeadh ó chloch go cloch.”

Tráthúil go bhfuil Mícheál ag caint ar Scoil Dhún Chaoin agus í ag ceiliúradh 50 bliain a athoscailte deireadh seachtaine na Cincíse.

Ana-amhránaí ba ea a mháthair, a dúirt sé.

“Ní thugamar na hamhráin linn in aon chor. Is cuimhin liom amhrán beannaithe a bhíodh aici, ‘Naoi gcéad déag mile fáilte naoi n-uaire is fiche roimh mhac Dé na Glóire is na Maighdine Muireach bhíodh amhráin Bhéarla leis aici. Is mór an trua é, ní raibh an tsláinte rómhaith aici i ndeireadh a saoil ach thóg Tommy Mitchell cúpla amhrán uaithi. Thóg an tAthair Ó Deá amhráin leis uaithi agus thóg sé scéalta ón bhfile, mac Pheig Sayers a bhí thuas i mBaile Bhiocáire. B’fhéidir go raibh sé ag Deálaí leis. Fiú amháin, thóg sé scéal uaim féin. N’fheadar canathaobh go dtóg sé scéal uaimse ach dúirt mo mháthair leis, b’fhéidir, ‘b’fhéidir go bhfuil scéalta aige Mícheáilín beag’ is mar sin de, an dtuigeann tú.

“Is cuimhin liom tórramh mo sheanathar, Devin agus bhímis ana-mhór leis. Bhínn istigh sa leabaigh ina theannta agus mar sin de mar bhí sé ar leaba a bháis faoin dtráth san.” Cheistíos é, cad as a tháinig Devin. “Bhuel, bhí dhá Phádraig de Mórdha i mBaile an Ghleanna an dtuigeann tú agus thugadar Devin ar dhuine amháin acu. Is dóigh liom go ndeireadh sé ‘go deimhin.’ Ní go dei-nn, ach go deibh-in!”

Cad é an lá is fearr a bhí riamh agat?

“Bhuel is dócha go gcaithfidh mé a rá anois, abair, chun a bheith PC mar gheall air agus mo bhean chéile ná fuil i bhfad uainn, an lá a phósas. Phósas in 1977 thuas i gContae na Mí. Sáipéal an Daingin i gContae na Mí in aice le Cnocán an Línsigh agus bhí crowd ón áit seo thuas agus an chéad rud eile bhíomair ag gabháil amach is tháinig raiste mór cith cloch; sneachtaigh is tháinig scaipeadh na mion éan ar gach éinne.

“Buíochas le Dia, ní tógadh aon phictiúir taobh amuigh den sáipéal! Bhí an bhainis san Uaimh sa Beechmount Hotel agus bhí Feargal Mac Amhlaoimh ann agus sheinm sé sin do sheit agus bhí ana-iontas ar mhuintir chontae na Mí, mar ní dóigh liom go bhfacadar seit á rince ag pósadh riamh roimis sin. Níorbh ó Ghaeltacht Chontae na Mí anois mo chéile, Angela Ní Chonchúir, ach tháinig a muintir aniar ó Mhaigh Cuilinn. Nuair a chuas suas, bhí Gaolainn ann mar bhí daoine ó Dhúiche Sheoigeach ann agus bhí cleas Mhaigh Eo ann.

Bhreá liom a bheith thuas ann. Istigh i gClub Chonradh na Gaolainne a bhuaileas le Angela agus ní raibh aon fhocal Gaolainne aici. Bhuel bhí an Ardteist déanta aici agus mar sin de, ach chuaigh sí isteach, í féin is cara agus ambaiste, thána isteach ina ndiaidh is dóigh liom. Chuasa go dtí an mbeár is d’fhéachas timpeall is thug sí fé ndeara mé agus the rest is history!”

Bhog Angela anuas go Dún Chaoin, isteach sa tig in éineacht le Mícheál, a hathair agus a uncail a bhí sa tig céanna, mar bhí a mháthair caillte an bhliain roimis sin, agus deireadh Angela, “phósasa triúr fear; phósas tusa, t’athair is d’uncail!”

Deir Mícheál go raibh an lá a thosnaigh sé ag obair in RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Bhóthar na Léinsí ar cheann des na laethanta is fearr a bhí riamh aige chomh maith. B’in é an chéad lá d’Eanáir 1976. Thug sé 17 mbliana ann. Ba é a chur i láthair an t-aon chlár beo a craoladh ón mBlascaod Mór, agus tá sé ana-mhórálach as san. Bhí Charlie Haughey ar cheann d’aíonna an chláir. Tháinig sé isteach ina luamh ó Inis Mhic Aoibhleáin.

“Fuaireamair cuireadh ó Charlie, dul isteach ar an Celtic Mist agus bhíomair istigh agus tháinig fíon Charlie féin amach agus ordóga portán agus sólaistí eile!”

Ar cheann eile dos na laethanta, bhí nuair a fógraíodh mar Uachtarán ar an Oireachtas é!

“D’fhéadfainn liosta mór fada a thabhairt duit. Bhí an t-ádh liom, dáiríre.”

Cén saghas duine tú?

“Is dócha, is mise Micheál Willie Devin de Mórdha, a saolaíodh i mBaile an Ghleanna, duine, a déarfainn faoin dtráth seo, de chlann na seanmhuintire. Tá roinnt travelála déanta agam. Dáiríre, ní Moore i gceart sinn, ach sloinne Normánach is ea sinn. Thá a fhios agat, tá Baile an Mhúraigh agus Paróiste Múrach, ainmnithe i ndiaidh na Múrach san go raibh caisleán acu. Caisleán na Múrach, Caisleán na gCúig gCúinne, an caisleán ba chumtha a bhí in Éirinn. B’in é an chéad pentagon a bhí riamh ar domhan!

“Ba mhaith liom a cheapadh gur de shliocht uasal mé, go raibh seanchaithe agus mar sin ar mo mhuintir agus amhránaithe. Fear ó Dhún Chaoin is ea mé, fear Gaeltachta. Bhreá liom a bheith sa chuileachta, agus bhreá liom cúpla piúnt agus bhreá liom a bheith ag an Oireachtas agus mar sin agus is breá liom a bheith ag eagrú rudaí ach tá ciall tagtha chugam anois!

“Bhíos ar choistí áitiúla anseo sa Daingean a dh’eagraigh an tOireachtas. Bhí an chéad Oireachtas again in 1987 agus an chéad cheann eile in 1992 agus an ceann deireanach in 2001 ach deirtear liom go bhfuil an Daingean anois róbheag dona leithéid sin de chúram. Sé an trua é. Chuas tamall ar an Ollscoil sa Ghaillimh. Dheineas an Leaving, an bhliain go ndeineadh scannánú ar Ryan’s Daughter agus is cuimhin liom, bhíos déanach do scrúdú Laidine mar bhí saghas ráfla imithe amach go raibh páipéir éigin goidte don scrúdú agus go raibh an scrúdú curtha siar, so, chodlaíos amach agus ní raibh aon fón anseo i nDún Chaoin an uair sin ach an fón a bhí in oifig an phoist agus fón a bhí ag beirt eile.

“Chuir an Bráthair Ó Lionnáin, agus fear saghas searbhasach go leor ab ea é, ach duine uasal, chuir sé scéal chugamsa, agus bhíosa fós sa leabaigh nuair a tháinig an scéal chugam go raibh an scrúdú Laidine tosnaithe agus canathaobh ná rabhas ann. Thug bean ón bpottery, spin isteach an Daingean dom agus bhí dhá uair a chloig imithe don scrúdú an uair sin agus cheart ná ligfí dom an scrúdú a dhéanamh in aon chor, ach isteach liom agus struip siúil chugam agus an Bráthair Ó Lionnáin ag féachaint orm agus feaig aige agus dúirt sé, ‘an créatúr,’ a dúirt sé, ‘tháinig sé isteach ar héileacaptar David Leen!”

Cad é an píosa ceoil/an t-amhrán is fearr leat?

“Aon uair a chuala é, is dóigh liom gurb é an t-amhrán is fearr atá ráite riamh é, sin é, Róisín Dubh le Tadhg Ó Flatharta. An píosa ceoil, ansan, is dóigh liom go mbeadh sé ana-dheacair buachaint air, An Blackbird le Deálaí, Muiris Ó Dálaigh. D’fhéadfainn liosta mór fada a thabhairt duit. Is maith liom ceol clasaiceach leis. Ceann des na chéad cassettes a cheannaíos ná Strauss. Is minic a bhínn féin agus James Begley, beannacht Dé leis, ag caint ar The Blue Danube.”

Cén nath cainte is fearr leat?

“Bíonn rotha an tsaoil ag casadh i gcónaí,” nó más maith leat, “bíonn uasal íseal, thuas seal agus thíos seal.” Sin é má bhíonn tú i mbarra an tsaoil lá amháin, b’fhéidir go mbeifeá in umar na haimléise an lá ina dhiaidh. Má tá rud le teacht go dtí duine, tiocfaidh sé chuige ar a roth, uair éigin.”

Cén clár teilifíse/raidió is fearr leat?

“N’fheadar anois, ar cheart dom an fifth amendment a ghlacadh! Caithfidh mé a rá go mbainim ana-shásamh ar fad as An Saol Ó Dheas agus ansan, b’fhéidir ansan, sa tarna háit, caithfidh mé gan mo family féin a ligint síos, Cartlann Bhóthar na Léinsí.


Míle míle buíochas le Mícheál, a dúirt i bhfad níos mó ná san liom agus sinn suite ina chistin ag faire amach ar an bhFear Marbh! Fear cuileachtain, seoigh, lán do scéalta! Go n-éirí a shaol leis.

Níos mó