Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
d’fheadfadh-deich-mbliana-a-bheith-ann-sula-reiteofar-fadhbanna-uisce-oileain-arann

D’fhéadfadh deich mbliana a bheith ann sula réiteofar fadhbanna uisce Oileáin Árann

Tá tugtha le fios ag Uisce Éireann go bhféadfadh deich mbliana ar a laghad a bheith ann sula gcuirfear réiteach fadtéarmach i bhfeidhm chun na fadhbanna uisce ar Oileáin Árann a leigheas.

Dúirt ionadaithe ón áisíneacht nach féidir a rá go cinnte cén fhad a thógfaidh sé na fadhbanna a bhíonn leis an uisce ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr a leigheas ach go bhfuil Uisce Éireann ar tí tús a chur le staidéar féidearthachta chun na fadhbanna a scrúdú sular réiteofar aon phlean.

Dúradh go bhféadfadh go dtógfadh an staidéar féidearthachta idir 2-3 bliana agus go bhféadfadh 5-7 mbliana eile a bheith ann sula dtabharfaí aon tograí tógála chun críche.

Agus iad ag labhairt ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, dúirt na hionadaithe ó Uisce Éireann freisin nach bhféadfaí a rá cén uair a bheadh réiteach ar na fadhbanna séarachais atá ag cur as do cheantar na Ceathrún Rua i gConamara agus ceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh i Múscraí, áiteanna ina bhfuil an pobal ag fanacht le fada le réiteach ar chúrsaí fuíolluisce.

Tugadh Uisce Éireann os comhair an choiste i dTeach Laighean chun plé a dhéanamh ar an soláthar seirbhísí uisce agus séarachais i gceantair Ghaeltachta.

Phléigh na Teachtaí Dála Catherine Connolly (Neamhspleách) agus Mairéad Farrell (Sinn Féin), chomh maith leis an Seanadóir Seán Kyne (Fine Gael), na fadhbanna uisce a bhíonn ag cur isteach ar phobail Oileáin Árann, go háirithe i rith an tsamhraidh nuair a chuireann turasóirí chuig na hoileáin brú ar na córais.

Dúirt Des Joyce, Ceannasaí um Sholáthar Uisce le hUisce Éireann, go mbíonn fadhbanna go háirithe ar Inis Oírr toisc nach bhfuil an soláthar ann chun freastal ar dhaoine le linn míonna an tsamhraidh agus go mbíonn gá le tancaeir uisce a sheoladh amach go dtí an t-oileán gach lá.

“Níl ag na hoileáin ach a dtiteann ón spéir,” a dúirt Joyce. “Níl a ndóthain uisce ann, tá sé chomh simplí leis sin.”

Dúirt sé go raibh Uisce Éireann chun tabhairt faoi “staidéar féidearthachta cuimsitheach” gan mhoill chun réiteach na bhfadhbanna ar thrí Oileán Árainn, ar Inis Bó Finne i nGaillimh agus ar Fhaoide i gCorcaigh a aithint.

“Tá muid ag déanamh measúnú air sin i láthair na huaire ach an cuspóir atá ann ná plan fadtéarmach a fhorbairt maidir le cén chaoi gur féidir linn na hoileáin sin a sholáthar,” a dúirt Joyce. “Níl tada éasca ag baint leis seo agus, mar sin, caithfidh muid ár gcuid ama a thógáil, é a dhéanamh i gceart agus breathnú ar na roghanna uile atá ann.”

Dúirt Joyce go rabhthas ag súil le comhairleoirí a earcú chun tabhairt faoin staidéar níos deireanaí sa bhliain agus go bhféadfadh idir 2-3 bliana a bheith i gceist leis an obair sin. Dúirt sé go bhféadfadh go dtógfadh sé idir 5-7 mbliana eile ar Uisce Éireann an togra a chur i gcrích ach gur dheacair a rá.

Dúirt Edmond O’Reilly, Bainisteoir um Phleanáil Sócmhainne le hUisce Éireann, go raibh obair eile ar bun ag an áisíneacht i dteannta le Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le cúrsaí fuíolluisce ar Inis Mór ach go raibh cúrsaí “casta go leor” agus nach rabhthas ach luath go maith sa scéal i dtaobh na oibre measúnaithe.

“Scéal casta” freisin a bhí i gceist le hionad cóireála séarachais a thógáil ar an gCeathrú Rua, a dúirt O’Reilly.

Bhí Uisce Éireann le hionad a thógáil ar shuíomh ag Céibh an tSrutháin ar an mbaile ach tá an chuma ar an scéal anois go mbeidh ar an áisíneacht suíomh nua a fháil agus cead tugtha do chomhlacht eile ionad oidhreachta a thógáil ansin.

Dúirt O’Reilly go raibh athbhreithniú ar bun maidir leis an bplean agus nach bhféadfaí a rá cén uair a mbeadh ionad tógtha ach dúirt sé go raibh Uisce Éireann tiomanta don togra ionad cóireála séarachais a thógáil ar an gCeathrú Rua.

“Ní hé nach bhfuil tosaíocht á tabhairt dó. Níor tháinig stop leis an obair ar an togra sin,” a dúirt O’Reilly.

Maidir le hionad nua a thógáil i mBéal Átha an Ghaorthaidh, dúirt an Teachta Dála Aindrias Moynihan gur bhraith muintir an cheantair go raibh neamhaird á déanamh orthu.

Dúirt sé go raibh daoine fágtha i sáinn agus an baol ann go mbeadh orthu an baile a fhágáil toisc nach féidir tithe nua a cheangal leis an ionad atá ann i láthair na huaire, ceann a tógadh beagnach 100 bliain ó shin agus atá ag cur thar maoil.

Dúirt Edmond O’Reilly go raibh Uisce Éireann ag bainistiú an ionaid atá i mBéal Átha an Ghaorthaidh “chomh maith agus is féidir” ach go mbeadh idir 5-7 mbliana ann faoin am go mbeadh an t-ionad nua atá beartaithe tógtha agus réidh.

Níos mó