Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
halle-bailey-thar-barr-i-bpairt-ariel-ach-go-leor-lochtanna-ar-‘the-little-mermaid’-nua

Halle Bailey thar barr i bpáirt Ariel ach go leor lochtanna ar ‘The Little Mermaid’ nua

| Eoin O Dubhghaill | ,

An scannán is mó a thaitin liom agus mé i mo bhuachaill óg ná The Lion King. Bhí gach line greanta i mo cheann, gach focal de gach amhrán de ghlanmheabhair agam, agus mé in ann na glórtha éagsúla ar fad a dhéanamh go héasca. Bhí CD Disney Megamix agam agus bhogfainn ar aghaidh go dtí na hamhráin Lion King i gcónaí. Nuair a bhog mé go Baile Átha Cliath agus mé i mo leaidín óg (18 mbliana d’aois) ba é The Lion King ceann de DVDanna a thug mé liom mar nach raibh aon idirlíon agam i mo sheomra ar campas.

Tá an seó stáitse feicthe agam chomh maith, ar an West End in London, agus ar an stáitse i mBaile Átha Cliath (inár thit puipéadóir na heilifinte i laige ar a bhealach go dtí an stáitse, ach sin scéal eile.) Ach níl an leagan is déanaí den Lion King feicthe agam, agus níl mé chun breathnú air ach an oiread. Níor thuig mé cén chaoi a mbeadh suim ag duine ar bith ann, leis an gcroí agus an spraoi súite as an scannán, le  ‘fíor’-ainmhithe atá chomh réalaíoch, go bhfuil siad neamhréalaíoch, gan aon phearsantacht.

Anois tóg an méid atá ráite ansin agam, agus cuir isteach The Little Mermaid isteach in áit an Lion King. Sin é an chaoi ar shíl mé a d’aireodh mó chailín faoi leagan nua an tsíscéil Ollannaigh. Is aoibhinn léi an scannán ó na nóchaidí, ach fós féin roghnaigh muid dul ag breathnú ar an leagan nua, in ainneoin mo chuid gearán go raibh Across The Spider Verse sa bpictiúrlann ag an am céanna. Agus shíl mé go mbeadh an ghráin ag an mbeirt againn air. Agus, murach Halle Bailey, sílim go mbeadh an ghráin agamsa air. Agus thit mo chailín i ngrá léi.

Tá sí thar barr i bpáirt Ariel. De réir dealraimh is í an chéad éisteacht a chonaic an stiúrthóir Rob Marshall, agus tháinig na deora leis nuair a chan sí ‘Part Of Your World’, agus thiocfainn leis an scéal sin mar tógann sí amhrán atá chomh haitheanta sin agus cuireann sí barr feabhais air. Tá sí faoi uisce ag labhairt le héisc shamhlaithe den chuid is mó agus tá sí thar cionn.

Tá sí mealltach agus cumasach i ngach radharc agus í ar thalamh chomh maith, agus creidim go mbeidh na céadta cailíní óga tógtha léi mar Ariel agus go mbeidh na hamhráin ar fad ar eolas acu ón scannán seo mar gheall uirthi. Tá sí ar an scáileán le haisteoirí mór le rá ar nós Javier Bardem agus Melissa McCarthy agus tá sí chomh maith nó níos fearr ná iad i ngach radharc.

Mar sin féin, tá go leor lochtanna anseo. Tá sí níos fearr ná Javier Bardem mar go mbreathnaíonn sé ar nós go bhfuil mearbhall air den chuid is mó den scannán, agus níl fios agam an bhfuil sé seo fíor, ach tá an chosúlacht air nár chuimhnigh aon duine ar Bardem a chur san uisce sular thosaigh siad ag scannánú, mar tá an chuma air gur dúradh leis cén chaoi le snámh ach nár thriail sé féin riamh é.  Maidir le Melissa McCarthy, tá sí go maith, agus déanann sí jab maith den amhrán is fearr sa scannán ‘Poor Unfortunate Souls’ ach nuair atá aisteoir chomh barúil agat le McCarthy, bheifeá ag súil go n-úsáidfí an cumas sin atá aici níos mó. Agus ós ag caint ar amhráin atá mé, a laghad a deirtear faoi na hamhráin nua is ea is fearr, go háirithe an ‘rap’ idir Scuttle (Awkwafina) agus Sebastian (Daveed Diggs).

Ach ní domsa an scannán seo. Agus iad siúd ar líne atá ag tabhairt amach go ciníoch faoi Halle Bailey, bíodh an diabhal acu siúd, ní dóibhsean é ach an oiread. Is do pháistí óga atá ag iarradh iad féin agus daoine cosúil leo féin a fheiceáil ar scáileán é agus éiríonn leis ansin. Agus domsa, agus mé ag éisteacht le mo ‘Disney megamix’ amach anseo, beidh leagan Halle Bailey i measc na n-amhráin ón sean Lion King.

Níos mó