Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
impleachtai-mora-ag-athbhreithniu-nua-don-ghaeilge-sna-meain

Impleachtaí móra ag athbhreithniú nua don Ghaeilge sna meáin

Meastar go ndéanfaidh Coimisiún na Meán moltaí faoin sainmhíniú ar cad is clár Gaeilge ann, faoi chaighdeán agus faoi mhaoiniú an tsoláthair don Ghaeilge sna meáin

Impleachtaí móra ag athbhreithniú nua don Ghaeilge sna meáin

D’fhéadfadh go mbeadh impleachtaí móra ag athbhreithniú nua don mhaoiniú a chuirtear ar fáil do chláir Ghaeilge agus don mhéid Gaeilge a bhíonn le cloisteáil sna cláracha sin.

Thug an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán le fios do Tuairisc gur dócha go mbeidh an maoiniú a chuirtear ar leataobh do chláir Ghaeilge i measc na gceisteanna a ndéanfar cíoradh orthu san athbhreithniú cuimsitheach atá le déanamh ar sholáthar Gaeilge na meán.

Fógraíodh inné gur i mí Mheán Fómhair a chuirfidh Coimisiún na Meán na sonraí ar fáil faoin athbhreithniú sin.

Díreoidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla.

Meastar go ndéanfar moltaí ann faoi chaighdeán na seirbhísí atá ann, faoin maoiniú atá ar fáil dóibh agus faoin luach ar airgead atá á fháil uathu. Leagfar béim chomh maith ar conas éagsúlacht a chinntiú in earnáil na meán ó thaobh na Gaeilge de.

Faoi láthair cuirtear 25% den mhaoiniú Fuaim agus Fís ar leataobh do chláir Ghaeilge agus dhátheangacha, ach dúirt an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill go bhféadfadh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcéatadán sin “d’fhonn é a ardú”.

Dúirt an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán le Tuairisc chomh maith go bhféadfadh go ndéanfaidh Coimisiún na Meán athbhreithniú ag an am céanna ar an sainmhíniú ar cad is clár Gaeilge agus cad is clár dátheangach ann.

Cé go ndeir Coimisiún na Meán go gcaithfidh 30% de chlár a bheith i nGaeilge sula mbeidh glacadh leis mar chlár dátheangach, níl an sainmhíniú ar cad atá i gceist le clár Gaeilge chomh soiléir céanna.

Léirigh anailís a rinne Tuairisc gur chláir dhátheangacha a bhí i nach mór leath na gclár do TG4 a fuair maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), mar a thugtaí ar Choimisiún na Meán, le cúig bliana anuas.

Thug Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le fios níos túisce i mbliana gur ceist do Choimisiún na Meán é sainmhíniú a thabhairt ar ‘clár Gaeilge’.

Dúirt an tAire ag an am go mbeadh moltaí san athbhreithniú, a gcuirfear tús leis i mbliana, maidir le cén dóigh is féidir “feabhas a chur ar sheirbhísí agus ar ábhar Gaeilge”.

Deir TG4 go mbíonn an méid Gaeilge agus Béarla a bhíonn le cloisteáil ar chláir TG4 ag brath ar “chinntí eagarthóireachta”.

Iarradh ar Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ag cruinniú i dTeach Laighean níos túisce i mbliana, an raibh aon chéatadán Gaeilge ar leith ag teastáil le go n-áireofaí clár mar chlár Gaeilge. Dúirt sé go mbítear i gcónaí ag iarraidh a chinntiú go mbíonn an chothromaíocht chuí idir an dá theanga ach nach mbíonn an “stopuaireadóir” amuigh ag aon duine le fáil amach cén céatadán Gaeilge nó Béarla a bhíonn i gclár.

Níos mó