Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta-eacht-a-dheanamh-ag-na-tyre-extinguishers-agus-ba-cheart-buiochas-a-ghabhail-leo’

‘Tá éacht á dhéanamh ag na Tyre Extinguishers agus ba cheart buíochas a ghabháil leo’

| An Gael Glas | ,

Tá sé thar am athsheilbh a ghlacadh ar an bhfocal ‘saoirse’, téarma a bhí in úsáid ag muintir na comhcheilge le linn na paindéime agus atá fós ag lucht na fíoreite deise chun leithscéal a dhéanamh don chaint ghránna a chloistear go minic uathu. Ba bhreá liom labhairt faoi shaoirse na sráideanna inár gcathracha áfach – saoirse atá caillte ag an bpobal rothaíochta agus coisíochta, atá caillte ag leanaí agus ag daoine atá faoi mhíchumas – agus saoirse an aeir atá teanntaithe istigh i mboinn carr. Sea, ba bhreá liom labhairt faoi na Tyre Extinguishers agus an obair dhíograiseach uaillmhianach atá ar siúl acu i mBaile Átha Cliath.

Is grúpa iad atá ar an bhfód le cúpla bliain i Sasana, ach a thug spreagadh do dhaoine i dtíortha eile craobhacha a bhunú, agus is léir go bhfuil craobh anois gníomhach i bpríomhchathair na hÉireann. Tá sé mar sprioc acu cur isteach ar úinéirí na SUVanna uirbeacha ionas go mbeidh said chomh ciaptha go ndíolfaidh siad iad, agus go n-athróidh meon an phobail ina leith. Is é sin le rá nach smaoineoidh éinne ar ‘shaoirse’ agus ‘luas’ nuair a bheidh SUV i gceist, na mothúcháin a bhíonn mar phríomhaidhm ag na comhlachtaí fógraíochta, ach mar ghluaisteán atá teanntaithe sa bhaile nó sa charrchlós agus an t-aer scaoilte saor ón mbonn. Tá súil acu go mbeidh úinéirí na SUVanna uirbeacha míshocair i gcónaí, gan muinín acu go mbeidh siad in ann an carr a thiomáint an mhaidin dár gcionn, ná i ndiaidh an lae oibre.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí leo in áiteanna. Dé réir na dtuairiscí, ar Telegraph na Breatainemar shampla, beidh aon SUV nua mar sprioc loitiméireachta, agus beidh siad leochaileach go maith páirceáilte ar an tsráid. Cuireadh an ‘loitiméireacht’ i leith na Tyre Extinguishers anseo chomh maith, nuair a chuir an TD ó Fhine Gael Neale Richmond giolc amach ag cnáimhseáil fúthu. Is fear i bhfad liomsa an téarma ‘gníomh díreach’ seachas loitiméireacht. Cuireann an gníomh isteach ar dhaoine gan dabht, sin an cur chuige a bhíonn ag gach gníomh díreach, ach ní dhéantar aon dochar fadtéarmach leis an aer a scaoileadh óna boinn lofa sin.

An cheist a bhíonn ann i gcónaí ná an luíonn an gníomh leis na torthaí, nó an dtéann sé thar fóir. Go minic, is féidir teip a fheiceáil – nuair a rinne muintir XR iarracht stop a chur le hiompar poiblí in London chun aird a tharraingt ar an éigeandáil aeráide. Is dóigh liom go mbíonn an fhadhb chéanna acu nuair a chuirtear cosc ar an trácht go léir ar mhótarbhealaí mar chuid d’agóid. Tá an gníomh sin róghinearálta, agus cuireann sé isteach ar otharcharranna agus feithiclí éigeandála.

Ach ní hé sin an cás leis na Tyre Extinguishers. Bíonn tionchar acu ar na SUVanna agus na SUVanna amháin. Agus ní féidir a shéanadh nach ndéanann feithiclí mar sin ach dochar do shaol na cathrach. Tá siad rómhór, níl na sráideanna oiriúnach dóibh, níl na carrchlóis oiriúnach dóibh agus tá uirlis níos fearr ann don jab i gcónaí. Cuireann siad na daoine is leochailí sa chathair i mbaol – leanaí, coisithe agus rothaith agus daoine atá faoi mhíchumas. Truaillíonn siad an t-aer. Loiteann siad an aeráid. Sáraíonn an méadú i ngnáthmheáchan na gcarranna gach dul chun cinn atá déanta go dtí seo ó thaobh éifeachtúlacht an innill de. Níl aon ghá leo i gceantair uirbeacha, ach bíodh sin mar atá, tá siad ag dul i méid an t-am go léir, agus is léir go bhfuil siad ciontach as cuid mhaith d’fhás an ráta básanna i measc na bpobal leochaileacha a luaigh mé thuas.

Ceannaítear iad toisc go gceapann daoine go dtugann carr mór stádas éigin dóibh, nó go bhfuil siad níos sábháilte, nó go gcreideann siad an fhógraíocht. Ach i ndáiríre, an t-aon stádas a thugann siad ná go léiríonn sé gur cuma leis an úinéir faoin tsochaí agus faoin timpeallacht. Conspóideach? B’fhéidir é, ach tá an fhianaise ann go mbíonn tiománaithe na gcarranna seo níos frithshóisialta. Tá SUVanna na laethanta seo beagnach chomh mór le tancanna an dara cogadh domhanda – míniú is dócha ar an ainm sin a thugtar orthu, ‘WankPanzers’.

Mar sin, goideann an SUV saoirse an phobail. Goideann siad an spás poiblí uainn. Goideann siad saoirse na bpáistí agus a neamhspleáchas. Goideann siad an t-aer úr. Goideann siad aeráid chompordach uainn. Goideann siad ár sláinte. Gan dabht, is féidir é sin a chur i leith gach carr i ngach aon cheantar uirbeach, ach is iad na SUVs is measa. ‘Goid ó ghadaí, goid gan pheaca’ mar a deir an seanfhocal. Tá éacht á dhéanamh ag na Tyre Extinguishers agus ba cheart buíochas a ghabháil leo. Caithfimid seilbh a ghlacadh ar ár sráideanna arís agus an spás poiblí a fháil ar ais ó na WankPanzers. Caithfimid ár dtodhchaí a chosaint. Scaoiligí saor an t-aer!

Níos mó