Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ba-choir-go-mbeadh-an-easpa-ceol-ban,-eireannach,-agus-gaeilge-ar-rte-ina-scannal-fosta

Ba chóir go mbeadh an easpa ceol ban, Éireannach, agus Gaeilge ar RTÉ ina scannal fosta

| sean o dubhchon | ,

Tá RTÉ buailte go dona faoi láthair ag an scannal a bhaineann le pá Ryan Tubridy agus caiteachas an stáisiúin, ábhar atá go mór i mbéal an phobail le roinnt seachtainí anuas. Dá bharr seo, tá aird bainte ó ábhar eile ba chóir a bheith ina scannal – am craolta na mban, agus amhránaithe agus grúpaí Éireannacha ar stáisiúin raidió na tíre.

Le roinnt seachtainí anuas, d’fhoilsigh an comharghrúpa ‘Why Not Her?’ a dtuarascáil sonraí is déanaí ar an easpa am craolta a fhaigheann amhráin atá canta nó cumtha ag mná ar stáisiúin raidió na tíre seo, agus léirigh an tuarascáil go bhfuil go leor dúshlán romhainn mar thír agus muid ag iarraidh dul i ngleic leis an neamhionannas ar ár n-aerthonnta.

Dar leis an tuarascáil, éisteann 3,255,000 duine (nó 79.4% de dhaoine fásta sa tír) le stáisiúin Éireannacha gach lá, agus go mbíonn 90.9% den tír ag éisteacht leis an raidió go seachtainiúil. Léiríonn seo cé chomh cumhachtach is atá an raidió mar ardán don cheol, fiú leis na meáin eile atá ar fáil dúinn agus muid sa tóir ar cheol. Ach cé go mbíonn éagsúlacht shuntasach sna héisteoirí a bhíonn ag tiúnáil isteach, níl an éagsúlacht chéanna le sonrú sa cheol a bhíonn á chasadh ar na stáisiúin mhóra Béarla.

Cé gur tugadh tús áite do cheol atá canta ag mná ar RTÉ Radio 1 (60% den am craolta, curtha i gcomparáid le 35% do cheol atá canta ag fir agus 5% do cheol ar comhshaothar é), bhí mná taobh thiar ar gach stáisiún eile de chuid RTÉ (40% ar RTÉ Lyric; 35% ar RTÉ Pulse; 40% ar RTÉ 2XM; agus 20% ar RTÉ 2FM). Tá na sonraí maidir le RTÉ 2FM thar a bheith scannalach, ós é gur cairtcheol a bhíonn a sheinm acu den chuid is mó, agus go mbíonn an-tionchar ar am craolta 2FM ar chairteacha ceoil na tíre seo.

Nuair a rinne ‘Why Not Her?’ taighde ar an ábhar den chéad uair i mí an Mheithimh 2019, ní raibh ach 10% den am craolta ar 2FM ag mná, rud a d’ardaigh go 40% an bhliain dár gcionn, agus a thit arís go 20% anuraidh agus i mbliana. Cé gur éirigh go maith le hamhránaithe ar nós Sweetlemondae, Lea Heart agus Soulé ar an stáisiún le bliain anuas, bhí mná sa mhionlach nuair a d’amharc ‘Why Not Her?’ ar an bhfiche amhránaí nó grúpa a fuair an t-am craolta is mó.

Tá an cás níos measa do cheol na mban ar raidió neamhspleách. Ní bhfuair siad ach 10% den am craolta ar Today FM agus 98FM; 20% ar FM104; 15% ar Spin 103.8; agus is nós é seo atá le feiceáil ar fud na tíre ar stáisiúin áitiúla. Cé go bhfuil sé níos deacra dúinn mar phobal tionchar a bheith againn ar stáisiúin thráchtála phríobháideacha, ba chóir go mbeidh dualgas ar ár gcraoltóir stáit comhionannas a chur chun tosaigh sa cheol a chasann siad ar a gcuid stáisiúin raidió.

Ní hamháin go raibh an ghearróg tarraingthe ag mná ó thaobh am craolta a gcuid ceoil, ach bhí tús áite tugtha do cheol idirnáisiúnta ar na haerthonnta freisin. Nuair a d’amharc ‘Why Not Her?’ ar na céad amhrán is mó casadh ar an raidió, ní raibh ach 22 amhrán Éireannacha ann, agus trí amhrán eile mar chomhshaothar idir Éireannaigh agus amhránaithe idirnáisiúnta.

Má bhreathnaímid ar chairteacha ceoil na tíre seo, tá sé soiléir. Níl na stáisiúin raidió ag casadh na hamhráin agus níl daoine a gceannach. Nuair a bhí mise i mo pháiste óg, is minic a bhain bannaí agus amhránaithe na tíre barr na gcairteacha náisiúnta amach (smaoiním ar Boyzone, B*Witched, Westlife, Ronan Keating, Dustin, Samantha Mumba, Mark McCabe agus U2 – admhaím nach tagairt iontach é seo don saibhreas iontach ceoil atá againn sa tír). Ó thosaigh ‘Why Not Her?’ ag déanamh taighde, níl ach ceithre amhrán Éireannacha i ndiaidh dul go barr na cairte (‘Paradise’ le Meduza agus Dermot Kennedy; ‘Giants’ le Dermot Kennedy’; ‘Make Me Feel Good’ le Belters Only agus Jazzy; agus ‘Giving Me’ le Jazzy).

Nílim ar son leithcheal dearfach go ginearálta, mar nach féidir gach toradh faoin spéir a chinntiú, ach táim go mór ar son comhionannas deiseanna, agus ba chóir go mbeidh gach cineál amhránaí in ann an deis a fháil a bheith casta ar an raidió, gan leithcheal. Mura gceannaíonn an pobal an ceol sin, is rogha phearsanta an tomhaltóra é. Mar sin féin, sílim go bhfuil sé de dhualgas ag an gcraoltóir stáit ilchineálacht na tíre a léiriú ar an raidió (agus an teilifís chomh maith).

Rith smaoineamh eile liom agus mé thíos ag Féile na Gealaí i Rath Chairn Glas Dé na Mí. Más fíorbheagán deiseanna a fhaigheann mná, agus amhránaithe agus grúpaí Éireannacha, a gcuid amhráin a bheith casta ar an raidió, tá sé níos measa fós más i nGaeilge atá do chuid ceoil. Tá borradh suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag cruthú ceoil inár dteanga dhúchais a bhuí le hardáin ar nós Fhéile na Gealaí agus Raidió na Gaeltachta a thug sprioc iontach do chumadóirí saothar comhaimseartha nuachumtha a chruthú. Fiú san amhránaíocht ar an sean-nós agus sa cheol traidisiúnta, tá daoine ag cur casadh comhaimseartha eisceachtúil ar amhráin agus foinn sheanbhunaithe.

Tá gach saghas ceoil ar fáil trí Ghaeilge anois. Focal a d’úsáid mé, agus a chuala mé, go minic le linn Fhéile na Gealaí ná ‘ceannródaíoch’. Dá mbeadh na hamhránaithe agus grúpaí céanna ag cruthú a saothair i mBéarla agus i Sasana, bheidís ar an ‘A-List’ ar BBC Radio 1. Tá méid dochreidte ceol speisialta a eisiúint i nGaeilge, atá in oiriúint don bhlas atá ag éisteoirí óga na tíre, ach nach bhfaigheann an t-ardán céanna ós rud é go bhfuil sé i nGaeilge.

Cad ba chóir dúinn a dhéanamh mar sin?

Bhuel, is cinnte go mbeidh athruithe móra á gcur i bhfeidhm in RTÉ, agus go mbeidh an-tionchar aige sin ar a stáisiún raidió agus teilifíse. Agus na hathruithe seo á gcur i bhfeidhm, mholfainn go mbeadh cuótaí tugtha isteach bainteach le hinscne na hamhránaithe, le ceol Éireannach agus le ceol i nGaeilge.

An oibreodh sé? Sa Fhrainc, caithfidh stáisiúin raidió 40% (ar a laghad) de na hamhráin a chastar a bheith i bhFraincis, riail atá i bhfeidhm ó bhí 1994 ann. Tá éifeacht na cuótaí le sonrú sa mhéid ceol Fraincise a cheannaítear sa tír agus a dhéanann go maith sna cairteacha. Tá an nós céanna i bhfeidhm san Iodáil, agus tá sé an-deacair do cheol idirnáisiúnta briseadh isteach sna cairteacha ansin dá bharr. Fiú i dtíortha ina bhfuil Béarla mar an phríomhtheanga labhartha – Ceanada agus an Astráil, mar shampla – tá cuótaí curtha i bhfeidhm acu le blianta fada, rud a thug ardán do cheol nuachumtha áitiúil ar na haerthonnta.

Tá éisteoirí an-oscailte agus is iomaí amhrán i dteanga nach Béarla í a raibh ráchairt mhór air in Éirinn. Tá gach saghas duine ag déanamh gach saghas ceol, ceol atá go hiontach, sa tír seo. Ba chóir go mbeidh ardán ag an gceol sin.

Níos mó