Nárbh iontach an mhíorúilt gur mhair Gaeltacht chomh fada agus a mhair sna bailte sin timpeall ar chathair na Gaillimhe. Cuimhnigh ar Bhearna, ar Mhionlach agus ar Mhaigh Cuilinn.
Tá Gaeilgeoirí ó dhúchas sna bólaí sin i gcónaí ach is iad cuid an bheagáin anois iad faraor.
Is iomaí comhrá breá a bhí agam leis an gcomhairleoir contae as Bearna Tomás Ó Curraoin. Cuimhním go minic freisin ar Sheán Creavan as Mionlach a bhíodh in éineacht liom ar Bhord Údarás na Gaeltachta.
Bás truamhéalach é bás na Gaeilge i gceantar Gaeltachta ar bith. Is maith a thuigim sin agus mé ag éisteacht leis an gceantar seo a bhfuil mé i mo chónaí ann ag iompú ina Ghalltacht de réir a chéile.
An iompóidh an Ghaeltacht ar fad ina Galltacht sa deireadh a fiafraíodh de chara liom uair? Nuair a d’iompaigh an chuid eile den tír ina Galltacht, ar seisean, an bhfuil cúis ar bith faoin domhan ann nach dtarlódh an rud céanna den méid den Ghaeltacht atá fágtha?
Scríbhneoir a thug cuntas grinn ar an athrú teanga seo is ea Pádraic Breathnach. D’inis sé mar a théaltaigh an Ghaeilge as a cheantar dúchais Maigh Cuilinn ina leabhar Maigh Cuilinn: A Táisc agus a Tuairisc.
Deirtear go minic gur sna ceantair iargúlta amháin a mhair an Ghaeilge ach ní fhéadfaí a rá go raibh na bailte seo atá i gceist agam iargúlta. Bhíodh an bóthar as Maigh Cuilinn go dtí an Ghealchathair lán le carranna capaill chuile sheachtain, go mór mór Dé Sathairn.
Béarla a bhí ag athair Phádraic Bhreathnaigh agus Béarla is mó a bhí ina óige ag an scríbhneoir eile as Maigh Cuilinn Tomás Bairéad.
Fiú amháin na daoine a raibh Gaeilge acu an uair sin ní labhraíodh siad í ach go hannamh. Ní raibh aon mheas acu uirthi.
Na scéalaithe agus na seanchaithe féin tháinig meirg ar a gcuid Gaeilge. Bhí Béarla acu agus Béarla ab fhearr leo a labhairt.
Céard a choinníonn teanga atá á tréigean níos faide in áit amháin seachas áit eile, a fhiafraíonn Pádraic Breathnach? Tá sé lánchinnte de rud amháin agus is é sin nach raibh baint rómhór ag mórtas cine leis.
Dúirt go leor daoine gurbh é an t-iarnród as Gaillimh don Chlochán a chriog an Ghaeilge i gConamara Thuaidh. Ní ghéilleann Pádraic don teoiric sin beag ná mór.
Ní raibh an t-iarnród ann ach dhá scór bliain, ó 1895 go 1935, a deir sé. Bhí drochbhail ar an nGaeilge i dtuaisceart Chonamara sular tháinig traein ar bith an bealach.
Maidir leis na hiarrachtaí a rinneadh leis an nGaeilge a choinneáil beo i Maigh Cuilinn tháinig dóchas nua dá mbarr. Cuireadh deontas dhá phunt sa mbliain ar fáil do ghasúr sa nGaeltacht a mbeadh Gaeilge aige nó aici. Rinne an scéim seo maolú réasúnta mór ar thréigean na Gaeilge ach mar is léir dúinn anois ní raibh ann ach biseach an bháis.
Is spéisiúil an chaoi a ndeachaigh deontas an dá phunt i bhfeidhm ar thuismitheoirí Phádraic Bhreathnaigh. Mar a dúirt mé cheana, ní raibh Gaeilge ag a athair ná fonn dá laghad air í a fhoghlaim.
Bhí breac-Ghaeilge ag a mháthair. Shocraigh an bheirt acu go labhródh sise an oiread Gaeilge leis na gasúir is a chomhlíonfadh rialacha an deontais.
Fós féin níor mheas an mháthair gur teanga cheart a bhí sa nGaeilge.
Níor chuidiú ar bith an Eaglais Chaitliceach do shlánú na Gaeilge i Maigh Cuilinn. Scéal spéisiúil é sin ann féin.
Athbheochantóirí an lae inniu ar mhaith leo tuiscint a fháil ar mheon fírinneach mhuintir na Gaeltachta ba mhaith an beart dóibh cuntas seo Phádraic Bhreathnaigh a léamh.