Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Cá fhad go mbeidh réiteoir ar lár?

| Dáithí Anraí |

Le Fearghal Mag Uiginn.

Ní binn béal ina thost i gcónaí.  Tá dualgas orainn mar phobal CLG seo a phlé.

Léirigh eachtra i dTír Eoghain le gairid an phráinn ghéar a bhaineann le meon eile a fhorbairt láithreach bonn maidir le réiteoireacht, réiteoirí agus réit-each.

Léirigh an eachtra an phráinn a bhaineann le gach mac máthar amharc ar a iompar féin ag cluichí agus bac iomlán a chur ar an mheon creimneach atá ag mionlach – go bhfuil ionsaí ar bith, béil ná coirp, inghlactha ar leibhéal ar bith, ar chúis ar bith.

Ná glactar leis go bhfuil mórtas éigin cine ag baint lena leithéid ar son do phobail, do chlub ná do chontae.

Tuigtear go ndearnadh ionsaí le scian ar réiteoir ag deireadh cluiche craoibhe faoi 16 ar an Chorr Chríochach, tá seacht lá ó shin.  D’fhéadfadh an t-alt seo a bheith faoi bhás réiteora, gan áibhéil.

Tuigtear gur sáitheadh maor cúil san eachtra chomh maith agus gur tugadh an duine sin chun na hotharlainne.  Cuireadh cóir leighis ar an réiteoir ar an láthair ach caithfear an cheist a chur – cá fhad go mbeidh réiteoir ar lár?

Tá curtha in iúl ag Rúnaí Chomhairle Uladh CLG, Brian Mac Fhíobhuí, gurbh é sin an chéad uair lena chuimhne a tharla a leithéid ach súil aige gurb í seo an uair dheireanach.

Ach cad é an réiteach?  An mbeidh uair eile ann?  An bhfuil baint againn leis an réiteach?

Caithfear dul i ngleic le hiompar ach is tábhachtaí agus is cinniúnaí dul i ngleic le meon.   Caithfear tabhairt faoin mheon a leasú ó na fréamhacha aníos.

Ní duine gan aithne é an réiteoir atá i gceist.  Is duine daonna é, is athair é, is fear céile é, is oibrí deonach é, is réiteoir é le fada fada an lá agus baint láidir aige le trí chontae Ultacha thart ar Loch nEathach.  Is ó chúlra Gaelach é, clann a tógadh leis an chultúr – an Damhsa Gaelach agus an Spórt Gaelach ach go háirithe.  “Duine dár muintir féin” a déarfadh baill CLG.  Is ball é féin a bhí thíos leis an mheon creimneach níos mó ná uair amháin roimhe.  

Agus tuigtear gur “duine dár muintir féin” a rinne an t-ionsaí, le scian.

Tá fadhb sa phobal seo maidir le foréigean.  Tuairiscíodh inné, mar shampla, go bhfuil méadú 60% ar ionsaithe fisiciúla i nDoire Cholmcille le cúig bliana anuas, 583 ionsaí sa bhliain 2022/23 agus sin go díreach na heachtraí ar cuireadh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ar an eolas fúthu.  Sin an pobal ina bhfuil muid beo.

Agus mar eagraíocht phobail, ní bheidh CLG saor ó na fadhbanna sin.  Ní dócha gur féidir le CLG dul i ngleic leis an mhórfhadhb ach is féidir leis tionchar a imirt ar a bhaill féin ag a chuid imeachtaí féin.

Is beag trácht a bhí ar an ‘éirim mhothúchánach’ nó ‘emotional intelligence’ agus mé ag fás aníos le CLG ach caithfear tús a chur leis an phlé, síol an eolais a chur.

Tá sé ceart go leor fearg a bheith ort.

Níl sé ceart ná cóir duine eile a bhualadh as siocair go bhfuil fearg ort.

Tá sé ceart go leor gan aontú le cinneadh réiteora.

Níl sé ceart ná coir ná dleathach an réiteoir a mhaslú nó a bhualadh as siocair nach n-aontaíonn tú leis an chinneadh ná le toradh cluiche.  

Caithfear idirdhealú glan a dhéanamh idir an dá rud, mothúchán agus gníomh, agus sin a chur ina luí ar imreoirí agus ar bhaill achan chlub CLG sula marófar réiteoir – nó duine – ag cluiche Gaelach.  Gan fiacail a chur ann, sin an pointe ag a bhfuil cluichí CLG, is léir.   Ní hí seo an t-aon eachtra fhoréigneach i mbliana.

Is dóichí go mbeidh na mothúcháin a choíche ag cur thar maoil ag cluichí móra iomaíocha – sin agat an séideán sí de mhothúcháin a bhaineann leis an spórt.  Lúchair agus díomá, sult agus frustrachas, cur is cúiteamh, aontú is easaontú, deargnaimhdeas agus deargchairdeas, súil an tseabhaic féin.

Ach ní leithscéal iad siúd le tabhairt faoi dhochar a dhéanamh do dhuine. Is iomaí ionsaí a rinneadh ar réiteoir, ar an drochuair, le dorn – ach chan le scian, go dtí seachtain ó shin.   Tá muid sa bhearna bhaoil.

Bíodh cruinniú éigeandála ag gach club faoi agus, mar atá cosaint leanaí ann, bíodh cosaint réiteoirí ann.  Feasacht, oideachas agus daonnacht na clocha is mó ar an phaidrín agus fios againn nach mbeidh ionsaí ar bith fisiciúil beag beann ar an dlí.

Cé a bheadh ag iarraidh an t-alt faoi bhás réiteora a cheapadh?

Bíodh an éirim mhothúchánach i réim ar mhaithe le gach duine – imreoirí, lucht leanúna agus go háitithe réiteoirí ar a bhfuil tuiscint agus tacaíocht de dhíth faoi láthair agus tuillte.

Déanfaidh mé féin beart de réir briathair ag Doire v Ciarraí ar an Domhnach.

Níos mó