Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
craoladh-gaeilge-ar-mhorocaidi-spoirt-le-ple-ag-cruinniu-choiste-oireachtais-na-mean-faoi-gaago

Craoladh Gaeilge ar mhórócáidí spóirt le plé ag cruinniú choiste Oireachtais na Meán faoi GAAGO

Beidh Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, i láthair ag cruinniú i dTeach Laighean faoina bhfuil i ndán don chraoltóireacht spóirt in Éirinn

Craoladh Gaeilge ar mhórócáidí spóirt le plé ag cruinniú choiste Oireachtais na Meán faoi GAAGO

Beidh craoladh i nGaeilge ar mhórócáidí spóirt ar cheann de na hábhair a ndéanfar plé orthu ag cruinniú de Choiste Meán an Oireachtais inniu.

Beidh Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, i láthair ag an gcruinniú seo faoina bhfuil i ndán don chraoltóireacht spóirt in Éirinn.

Dúirt urlabhraí ó TG4 le Tuairisc go raibh lucht an stáisiúin ag súil deis a fháil plé a dhéanamh ar chás na Gaeilge sa chraoltóireacht spóirt.

Tá Alan Esslemont den tuairim gur cheart ceist na teanga a chur san áireamh agus liosta á chur le chéile de mhórimeachtaí ar gá iad a chraoladh saor in aisce ar an teilifís.

Dúirt sé le Coiste Oireachtais eile mí Eanáir “gur cheart go mbeadh leithéid na gCluichí Ceannais Craoibhe Sinsir CLG ar fáil beo i nGaeilge leis an leibhéal céanna léiriúcháin agus a chuirtear ar fáil don léiriúchán i mBéarla”.

D’fhógair RTÉ mí Aibreáin go rabhthas chun craoladh iomlán i nGaeilge, le láithreoir agus anailísí, a dhéanamh ar chluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann i mbliana den chéad uair riamh.

Beifear ag díriú ar GAAGO, cainéal nua íoc ar amharc Chumann Lúthchleas Gael agus RTÉ, an cainéal ar ar craoladh roinnt cluichí tábhachtacha sna craobhacha peile agus iomána i mbliana.

Tá ráite cheana ag daoine, ina measc Seán Kelly, iar-uachtarán de chuid CLG agus Feisire Eorpach, gur cheart deireadh a chur le GAAGO agus níos mó cluichí móra beo a thabhairt do TG4.

Tharraing an cainéal íoc ar amharc seo roinnt mhaith conspóide i rith an tsamhraidh agus cuid mhaith daoine ag áitiú gur chóir go mbeadh na príomhchluichí Gaelacha ar fad le feiceáil saor in aisce ar an teilifís.

Déanfaidh Cumann Lúthchleas Gael craoltaí conspóideacha GAAGO a chosaint go láidir agus iad ag agairt nach bhfuil sé réadúil a bheith ag súil go mbeadh gach uile chluiche idirchontae sa Chraobh le feiceáil ar an teilifís.

Is comhfhiontar idir CLG agus RTÉ é GAAGO agus is ag an gcainéal sin amháin a bhí na cearta beochraolta do 38 cluiche sna craobhacha peile agus iomána i mbliana. Is cosúil gur chun an clúdach a bhíodh ar Sky ar chluichí Gaelacha a chur ar fáil a cruthaíodh GAAGO.

Chosain pas do chluiche amháin €12 ar dhuine, gheofá 3 chluiche ar €24 agus an séasúr ar fad ar €79. Is ar an ardán sin is mó a craoladh cluichí Sathairn na bliana seo agus ar RTÉ a bhí cluichí an Domhnaigh.

Tá sé le maíomh ag CLG gur mó ná riamh an méid cluichí atá le feiceáil saor in aisce ar an teilifís anois agus na cluichí a bhíonn á dtaispeáint ar GAAGO faoi láthair “gur ar Sky TV a bheidís roimhe seo, sin nó nach mbeidís á gcraoladh beo ar an aer beag ná mór”.

Ar na ceisteanna eile a cheaptar a phléifear ag Coiste na Meán, tá cearta craoltóireachta agus na cineálacha comhpháirtíochta ba mhaith le CLG a réiteach le craoltóirí.

Bíonn TG4 agus craoltóirí eile ag brath go mór ar chraoladh beo ar an spórt dá gcuid sceideal.

Níos mó