Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
dioma-ar-fhleadh-scannan-na-gaillimhe-faoina-laghad-scannan-gaeilge-a-bhi-ar-fail-doibh-i-mbliana

Díomá ar Fhleadh Scannán na Gaillimhe faoina laghad scannán Gaeilge a bhí ar fáil dóibh i mbliana

“Cúis díomá” é do lucht Fhleadh Scannán na Gaillimhe a laghad scannán Gaeilge a bhí ar taispeáint ag an Fhleadh i mbliana.

Pléadh na deacrachtaí a bhí ag Fleadh Scannán na Gaillimhe teacht ar fhadscannáin agus ar ghearrscannáin Ghaeilge i mbliana ag cruinniú Choiste Comhairleach na Gaeilge Choimisiún na Meán a reáchtáladh i nGaillimh le déanaí.

Rinne Maeve McGrath, Stiúrthóir Clár Fhleadh Scannán na Gaillimhe cur síos ag an chruinniú ar an “mbearna” i gclár na féile i mbliana ó thaobh scannán Gaeilge de.

Dhá fhadscannán Gaeilge a bhí sa Fhleadh anuraidh, Róise agus Frank agus Tarrac, scannáin a rinneadh faoin scéim Cine4, ach ní raibh oiread agus fadscannán amháin Gaeilge ar an chlár i mbliana.

Dhá ghearrscannán agus dhá chlár faisnéise dhátheangacha a taispeánadh ag an Fhleadh i mbliana chomh maith le scannán Tom Collins Kings, scannán a tháinig amach i 1990.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Maeve McGrath, gur léiriú a laghad scannán Gaeilge a bhí le feiceáil ag an Fhleadh i mbliana ar an easpa scannán Gaeilge atá á ndéanamh.

“Bhí díomá orm nach raibh fadscannáin Ghaeilge ar fáil mar cuireann siad chomh mór sin leis an bhFleadh.

“Má thagaim ar scannán Gaeilge déanfaidh mé mo sheacht ndícheall an scannán sin a thaispeáint ag an Fhleadh agus tá a fhios agam go ndéanfaidh sé go maith. Tá éileamh ollmhór ann do scannáin Ghaeilge, fiú i measc daoine nach bhfuil Gaeilge acu.

Dúirt Maeve McGrath go dteastaíonn níos mó tacaíochta d’earnáil scannánaíochta na Gaeilge.

“Ba bhreá liom dá mbeadh deich scannán Gaeilge sa chlár amach anseo ach teastaíonn níos mó scéimeanna meantóireachta agus scéimeanna eile ar nós Cine4 chun cur le líon na scannán Gaeilge atá á ndéanamh.

“Ceann de na spriocanna móra atá agam ó thosaigh mé sa phost ná cur leis an méid scannán Gaeilge atá sa Fhleadh. Tá mé ag breathnú chun tosaigh ar fhleadh na bliana seo chugainn lena chinntiú go mbeidh scannán nua Anne McCabe An Fhidil Ghorm le feiceáil ann,” ar sí.

An Fhidil Ghorm, atá á léiriú ag Abú Media, ar cheann de dhá scannán atá á léiriú faoin scéim Cine4 i mbliana.

Scéal Molly, cailín deich mbliana d’aois, a inseofar in An Fhidil Ghorm.

An comhlacht Doubleband atá i mbun an fhadscannáin eile, Fréamhacha, atá scríofa agus faoi stiúir Aislinn Clarke.  Scéal é seo faoin tráma agus an lorg a fhágann sé ar dhuine agus ar shaol an duine.

Faoin scéim Cine4, atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann, roghnaítear dhá fhadscannán Gaeilge gach bliain do mhaoiniú €1.2 milliún. Ainmníodh ceann de na scannáin sin, An Cailín Ciúin, do ghradam Oscar i mbliana.

In 2019 a bunaíodh Coiste Comhairleach na Gaeilge Choimisiún na Meán. Tá ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, Coimisiún na Meán, RTÉ, TG4, CRAOL, IBI, Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann agus Oireachtas na Gaeilge ar an choiste comhairleach.

Níos mó