Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
leabhra-an-tsamhraidh-–-moltai-leabhar-don-tra

Leabhra an tSamhraidh – moltaí leabhar don trá

| hannah ni chonghaile | ,

Is oth liom an nuacht seo a bhriseadh, ach tá an lá is faide sa bhliain imithe tharainn agus mar sin táimid ag druidim aríst i dtreo an gheimhridh. Agus saoire in áirithint ag cuid mhór againn, seans go bhfuil ábhar léitheoireachta á lorg agat. Mar sin seo chugat an liosta des na leabhair go dteastaíonn uaim féin a léamh an samhradh seo. Tá súil agam go mbeidh inspioráid éigint ann díbh!

Hurlamaboc Éilís Ní Dhuibhne (Cois Life €10)

An dteastaíonn uait siúl siar ar bhóithrín na smaointe? Seans go raibh cuid den scéal seo ar churaclam na hArdteiste nuair a dheinis é. Bhí sé agamsa ach go háirithe, agus is cuimhin liom go maith aiste a fhoghlaim de ghlanmheabhair ar shaol Lisín agus Pól a chur i gcomparáid le leithéidí The Stepford Wives (ná raibh léite agam ag an am!) agus Desperate Housewives (a bhí feicthe agam ó thús deiridh cúpla babhta fén dtráth san). Leabhar a thabharfainn liom ar laethanta saoire toisc cuid den scéal léite agam, é bunaithe ar thriúr déagóirí ó aicmí difriúla, agus ós rud é gur dírithe go príomha ar dhaoine óga, bheinn ag súil ná fuil sé róthrom!

An Grá Riabhach Biddy Jenkinson (Coiscéim €6.50)

Cnuasach “gáirscéalta” atá sa leabhar seo ina bhfuil ocht ngearrscéal déag. Más maith leat rogha ábhar agus téamaí i sraith gearrscéalta, ach iad a bheith snaidhmthe le chéile, b’fhiú cóip de seo a aimsiú is a thabhairt leat. Is bean mhór gearrscéalta mé féin agus níl rud ar bith níos fearr ná ceangal a bheith idir eatarthu. Ag tnúth leis an gceann seo!

Dúnmharú sa Daingean Éilis Ní Dhuibhne (Cois Life €10)

Cuirim saoire agus scéalta dúnmharaithe le chéile im’ aigne go minic. Go háirithe toisc go bhfuil ana-chuid acu lonnaithe in áiteanna go dtéann daoine ar saoire. Suite cois farraige, ag léamh fé dhuine a dúnmharaíodh go mistéireach, cois farraige? Go diail. Tá ardmholadh ag daoine den úrscéal seo agus táim ag súil go mór le luí isteach sa cheann seo nuair a bheidh sé á léamh agam ar thrá Fionntrá an deireadh seachtaine seo le caifé deas ó Bean in Dingle (cén Ghaelainn atá ar Staycation aríst?!).

Meascra ón Aer Marcas Mac Conghail [eag.] (Coiscéim €10)

Chun a bheith macánta, tá an ceann seo léite agam cheana agus mar sin níl sé go teicniciúil ar mo liosta le léamh, ach is ceann ana-oiriúnach é don samhradh. Cnuasach d’aistí, gearrscéalta, cuimhní cinn agus eile atá sa leabhar seo, mar sin ní gá scéal fada a leanúint agus tá sé fíor éasca é a phiocadh suas, agus a leagadh síos aríst tar éis cúpla leathanach a chur díot. Tá ábhar idir éadrom agus trom, greannmhar agus brónach ann agus is turas léitheoireachta pléisiúrtha é don tsaoire!

…agus gan dabht, ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na leanaí!

Orla Uan i gClós na Feirme Eibhlín Uí Iarlaithe (Oidhreacht Chorca Dhuibhne – €10)

I measc an rogha iontach leabhair Ghaelainne atá ann don aos óg, tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne díreach tar éis an séú leabhar sa tsraith Orla Uan, a sheoladh. Is leabhar é seo, scríte ag an údar Eibhlín Uí Iarlaithe agus maisithe go cruthaitheach ag Dómhnal Ó Bric, fé Orla Uan agus a cairde, agus iad ar eachtra i gclós na feirme. Suite i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus scríte sa chanúint chéanna ach ní gá do thuismitheoirí a bheith buartha – tá gluais ar chúl an leabhair a mhíníonn na háiteanna nuair a bhriseann an chanúint ón gcaighdeán, agus tá cód QR handáilte ar chúl chun gur féidir leis an údar an leabhar a léamh duit!

N’fheadar fútsa ach táimse ag súil go gcuirfeadh cúpla leabhar deas borradh fé mo chuid léitheoireachta agus go mbeidh aimsir bhreá agam chun iad a léamh, cois na trá!

Níos mó