Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘ni-minic-a-bhuailim-le-fear-na-cim-aon-bhratach-dhearg-ag-seideadh-go-fiochmhar-uaidh-ach…’

‘Ní minic a bhuailim le fear ná cím aon bhratach dhearg ag séideadh go fíochmhar uaidh ach…’

Aon oíche amháin agus mé amuigh ar an drabhlás sa chathair, bhí grúpa mór againn amuigh ag ól agus cúpla duine nua inár dteannta. Bhí fear amháin linn agus é ag triailt é féin a chur in iúl dom go minic. Bhí sé ag triailt aithne a fháil orm agus cosúlachtaí eadrainn a aimsiú, mé a chur ag gáirí, rud a tharla go minic mar go raibh sé ag déanamh amadán de féin! Ach amadán deas a bhí ann agus bhí sé breá ábalta magadh fé féin. Bhí sé soiléir go raibh sé go mór ar a chompord agus ar a shuaimhneas leis féin agus ag baint sásamh as an saol.

Gach uile theach tábhairne a gcuamar chuige, shuigh sé in aici liom. Eachtrannach é agus bhí sé ag cuir ceisteanna orm fé Éirinn agus an Ghaolainn agus na deasghnátha a bhíonn againn. Aon rud difriúil a bheadh ráite agam i gcomparáid leis an tslí a ndéarfadh sé siúd é, bhí sé ag fiafraí ceisteanna mar gheall air agus breá sásta rudaí a fhoghlaim. Bhíos go mór ar mo chompord ina theannta agus suim agam sa mhéid a bhí le rá aige siúd chomh maith.

Bhí sé ag magadh im’ theannta agus dom’ mholadh, ag gáirí im’ theannta agus ag fanacht chomh cóngarach dom is a d’fhéadfadh sé gan a bheith suite in airde orm! Ar deireadh, bhí sé in am dom bualadh liom abhaile. Bhí am áirithe ráite agam liom féin roimis an oíche agus theastaigh uaim cloí leis. Bhraitheas go raibh saghas trua air go rabhas ag bogadh liom agus, chun an fhírinne a rá, bhí an trua chéanna orm féin. Bhaineas an oiread sin sásaimh as an oíche ag caint leis go raibh saghas brón orm a bheith ag fágaint, agus gan aon tseans agam bualadh leis arís.

Bhuel, ní raibh uaim ach gaoth an fhocail chun m’aigne a athrú. Ní go dtí go rabhas ag fágaint go mbuail splanc duine sa ghrúpa. “Ó! Is mise an t-aon chailín a bheidh fágtha!”, agus gan í róshásta leis an smaoineamh mar nach raibh aithne cheart aici ar na leaideanna. Bhíos ag braith an-fhlúirseach ag an am agus dúirt, “ó, fanfadsa tamaillín eile mar sin, níor mhaith liom go mbraithfeá míchompordach”. An-deas uaim, a déarfainn féin.

Shiúlas isteach sa chlub, chonac mo leaid mé agus las a aghaidh suas le háthas. Gan dabht, chabhraigh sé seo lena chás agus lean an oíche ar aghaidh tamaillín maith eile. Ní raibh aon ghá dom imeacht abhaile luath pé scéal é.

Fén am go dtáinig deireadh na hoíche, bhíos an-mhór leis an mbuachaill agus ceann tugtha agam dó. Ní minic a bhuailim le fear ná cím aon bhratach dhearg ag séideadh go fíochmhar uaidh, agus ba dheas an rud braistint go rabhas sábháilte go maith ina theannta. Agus sin go léir ag fágaint, dúirt sé liom go gcaitheadh sé mé a shiúl abhaile, an fear uasail (AN DIABHAL BOY)! Bhí a fhios agam gur saghas seift é seo uaidh léimt isteach sa leabaigh liom, ach bhí fhios agam chomh maith go mbeadh sé fós breá sásta mé a shiúl abhaile, gan faic a fháil as. Mar sin, ligeas do mé a shiúl abhaile, fós idir dhá chomhairle an dtabharfainn seans dó.

Bhuel, tréis an-chuid cainte lasmuigh den dtigh, ní fhéadfainn fanacht a thuilleadh. Gan dabht toisc é chomh muinteartha, níor theastaigh uaidh brú a chur orm agus triail a bhaint as mé a phógadh gan mo chead (LAOCH), mar sin thána chomh fada leis go bhféadfadh sé an spás eadrainn a chiorrú. Bhuel anois, ní raibh aon aiféala orm an méid sin a dhéanamh. Ní rabhas tréis éinne chomh maith leis riamh a phógadh nár thóg sé rófhada orm é a bhreith liom isteach an tigh. Díreach glan suas an seomra a chuamar agus, mar gur fear uasail a bhí ann, bhuel, déarfaimid go dtugadh an-aire domsa ar dtúis, sula dtosnaigh aon rud eile.

An rud is annamh is iontach, bead ag súil leis an gcéad oíche eile a bheidh chomh maith leis.

Níos mó