Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
sinead-o’connor-–-phleasc-a-solas-frid-na-scamaill

Sinéad O’Connor – phléasc a solas fríd na scamaill

| Dáithí Anraí |

Michelle Nic Pháidín

Glórach, ceolmhar, trodach, fíochmhar, ionraic, leochaileach, cróga, spioradálta, cliste, faiteach, síofrach – sin na focail atáthar á úsáid le cur síos a dhéanamh ar an cheoltóir Sinéad O’Connor.

Fuaireas an ceoltóir marú tráthnóna Dé Céadaoin in árásan i Londain agus le laethanta anuas tá cuid mhór de mhuintir na hÉireann faoi néalta bróin dá bharr.

Mar dhream daoine, tá muid gafa leis an bhás, tógann muid scéal an bháis ó dhoras go doras agus más bás tobann nó tragóideach atá ann téann an scéal i bhfostú inár gcroí.

Déantar tochailt ar bheatha an duine agus sin go díreach a tharla i ndiaidh bhás an cheoltoir. Feictear ar na meáin shóisialta go bhfuil daoine ag caitheamh súil siar ar a saol, ag foghlaim tuilleadh faoin mhéid a tharla dí le linn a beatha.

Bhí saol crua ag Shinéad. Bhí cúigear sa chlann agus scar a hathair agus a máthair óna chéile nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois. B’iomaí sin uair, a dúirt Sinéad, gur thug a máthair drochbhail uirthi. Dúirt sí in alt san Irish Daily Mirror gur fhág a máthair ar feadh coicíse sa ghairdín í agus gan í ábalta dul isteach sa teach le titim na hoíche – is mar gheall air seo a bhí fuath aici ar an chlapsholas agus í ina duine fásta.

In agallamh a rinné sí le Doctor Phil, labhair sí faoina saol lena máthair, mhaigh sí gur bhuail an mháthair í, gur fhulaing sí mí-úsáid ghnéis agus gur tógadh i dteach an uafáis í. Chuaigh sí le cónaí lena hathair nuair a bhí sí 10 mbliana d’aois. Ag an am seo, bhíodh Sinéad ag goid ó shiopaí. Ceann de na cuimhní cinn a thugann sí chun solais le linn agallaimh gur ghoid sí péire bróg óir dá cara le dul chuig ceolchoirm de chuid na Pretenders. Blianta fada ina dhiaidh sin agus í réidh le dul ar an stáitse ag ceolchoirm, bhí culaith á chaitheamh aici ach ní raibh bróga aici le dul leis – tháinig Chrissie Hynde chuici agus thug péire bróg óir dí. Bhí na bróga óir ina teach ar feadh i bhfad sula ndearna  sí an ceangal idir an dá scéal.  

De bharr í a bheith ag goid, cuireadh isteach in ionad ceartúcháin an Ghrianáin í. Bhíodh an t-ionad seo ina neachtlann Magdalene lá den tsaol agus cé gur dhúirt Sinéad go raibh na mná rialta tíoránta uaireanta, is anseo a tugadh a céad ghiotár dí, rud a spreag í le dul i mbun gairme a chuirfeadh í ar stáitse an domhain.

Ba chuimhin léi i dtús ama lucht bainistíochta ag iarraidh uirthi a cuid gruaige a fhás, smideadh a chur uirthi agus sciortaí gairide a chaitheamh, ach níor bhac sí leo. Dúirt sise gur mhian léi a bheith aitheanta de bharr a glóir agus a cuid ceoil – rud a bhí. Bhíodh dúil mhór aici ina bheith ag ceol os comhair lucht éisteachta.

San agallamh leis an Dr Phil, dúirt sí gur thóg ailleacht súil na bhfear agus nach raibh sí ag iarraidh drochaird a mhealladh uirthi mar gur fhulaing sí dá bharr sin roimhe, agus bhí sin ar na cúiseanna ar ghearr sí a gruaig chomh gairid. Bhí baint ag gearradh na gruaige le nósmhaireacht a máthar chomh maith, dúirt sí. Ní raibh fuath aici ar a máthair áfach agus briseadh a croí nuair a aaraíodh an mháthair i dtimpiste bóthair in 1985.

Is léiriú ceart é ‘Troy’, an chéad singil a raghnaíodh as a céad albam, The Lion and the Cobra, ar an drochbhail a tugadh uirthi le linn a hóige. ‘Nothing compares 2 U’, an t-amhrán is mó a tharraing aitheantas uirthi – is ar a máthair a bhíodh sí ag smaointiú agus í á cheol, a dúirt sí. Is cinnte gur sin an chúis ar chaoin sí nuair bhí siad ag scannánú an amhráin.

Blianta ina dhiaidh sin, dúirt sí gurbh iad a deora a tharraing daoine chuici ach nuair a bhí sí ag streacháilt i ndaríre is beag aird a bhí ag daoine uirthi.

Beidh cuimhne ag go leor daoine ar an oíche chinniúnach a stróic Sinéad pictiúr den Phápa ar an seó Meiriceánach Saturday Night Live. Dúirt sí gur mar gheall ar an mhí-úsáid ghnéis a bhí ar siúl san Eaglais a rinne sí é. Tharraing an gníomh droch-chlú uirthi ach tá go leor a rá le laethanta anuas go raibh sí fadbheathnaitheach.

Is cinnte go raibh sí cróga ach dhíol sí luach daor ar a shon agus is mór an trua go raibh ag bean óg a dúirt go ndearnadh mí-iompar gnéis agus éigniú uirthi an fód a sheasamh ina haonar. Cad chuige an iad na daoine is mó a gortaíodh a bhíonn fagtha le labhairt amach ar son a gceart? Tarlaíonn seo arís agus arís eile i sochaí na hÉireann.

Rugadh í ar an 8u lá de mhí na Nollag 1966 – lá Mhuire gan Smál. Ba dheas mar sin gurbh í a bhí i ról na Maighdine Muire sa scannán The Butcher Boy.

Ba í a máthair mhór Kitty O’Grady a bhí ina máthair bhaistí aici agus bhí dáimh láidir idir an bheirt bhan – is deas na cuimhní a bhí ag Sinéad ar bheith istigh i dteach Kitty ina hóige. Cé nár aontaigh Sinéad leis an easpa sonais a bhí sa chreideamh Caitliceach, ní raibh sí chomh diúltach sin faoi mar go ndeachaigh sí chun na Fraince le bheith oirnithe ina sagart. Ba Mhoslamach í ag an am a fuair sí bás. Chaith sí na blianta ag déanamh staidear ar an diagacht agus bhí an-chuid eolais aici faoi.

Is cinnte go raibh fadhbanna ag an cheoltóir alainn séimhghlórach. Le tamall anuas, tugadh le fios go raibh deacarachtaí meabhairshláinte aici agus arís d’úsáid sí an deis le linn a hagallaimh le Dr Phil labhairt amach ar son na ndaoine i saol an rac-cheoil a bhíonn ag fulaingt leis an deacracht chéanna. Bhí sí lách fiú agus í ag streacháilt. Dúirt sí go raibh sí ag lorg cuidithe agus d’admhaigh go raibh sí ag smaoineamh lámh a chur ina bás féin.

Dúirt an ceoltóir cluiteach Leonard Cohen go bhfuil scoilt i ngach rud agus gur seo an dóigh a bhfaigheann an solas fríd – más fior sin, bhí scoilt in anam Shinéad ar phléasc an solas fríd agus a ghriosaigh í chun beatha agus a chruthaigh ceol agus ealaín a bheidh beo i bhfad inár ndiaidh ar an domhan seo.

Níos mó