Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tri-fholuntas-d’olluna-i-roinn-na-gaeilge-in-ollscoil-na-gaillimhe-le-fagail-gan-lionadh

Trí fholúntas d’ollúna i Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe le fágáil gan líonadh

Tá imní mhór ar lucht na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe faoina bhfuil i ndán do léann na teanga san ollscoil agus gan aon chinneadh déanta faoi thrí fholúntas shinsearacha i Roinn na Gaeilge a líonadh.

Tá triúr ball foirne sinsearach ó Roinn na Gaeilge éirithe as le déanaí, an t-ollamh Lillis Ó Laoire, a bhí ag múineadh na Nua-Gaeilge, an t-ollamh Máirín Ní Dhonnacha, léachtóir sa sean agus meán-Gaeilge agus an t-ollamh comhlach agus sochtheangeolaí John Walsh, atá ag dul ag obair le Foras na Gaeilge.

Dheimhnigh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, do Tuairisc nach raibh aon phlean ag an ollscoil faoi láthair aon cheann de na folúntais a líonadh.

Dúirt sé go raibh straitéis á hullmhú do léann na Gaeilge san ollscoil “trí chéile” agus nach mbeadh aon chinneadh á dhéanamh maidir leis na folúntais atá i Roinn na Gaeilge go dtí go mbeadh an straitéis réidh.

Uair éigin le linn na bliana acadúla seo chugainn a bheidh an straitéis ullamh, a dúirt sé.

“Tá straitéis de dhíth orainn maidir leis an Ghaeilge agus léann na Gaeilge agus nuair atá an straitéis sin ann déanfar cinneadh maidir leis an infheistíocht a bheidh ann, na folúntais agus an infheistíocht i gcoitinne. Déanann muid cinneadh ar bhonn straitéiseach agus tá muid ag fanacht ar straitéis le fada maidir le cur chun cinn na Gaeilge.”

Dúirt sé go luíonn sé “le réasún” go bhfanfaí ar an straitéis roimh chinneadh a dhéanamh faoi “na folúntais a bheidh ann agus cén réimse a mbeidh siad ann”.

“Tá mise dírithe go pearsanta ar an nGaeilge,” a dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe.

Dúirt Ó hÓgartaigh go raibh maoiniú curtha ar fáil “go heisceachtúil” ag Oifig an Uachtaráin leis an straitéis do léann na Gaeilge a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana acadúla 2024.

Beidh Roinn na Gaeilge ag feidhmiú gan triúr léachtóirí sinsearacha ag tús na bliana acadúla nua san fhómhar, ach tá léachtóir, a bheas ag múineadh trí Ghaeilge, ceaptha i bpost nua i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta.

Is cur chuige é seo – go mbeadh léachtóirí i réimsí agus ábhair eile ag teagasc trí mheán na Gaeilge – atá á mheas mar chuid den straitéis atá á forbairt ag an ollscoil faoi láthair do léann na Gaeilge.

“Tá post breise againn i mbliana i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta leis an nGaeilge a chur chun cinn agus le teagasc na Gaeilge a chur chun cinn i réimse na heolaíochta agus méadú ar na cúrsaí a bheidh ansin.

“Tá sé mar chuid den straitéis go mbeadh méadú ar líon na gcúrsaí atá ar fáil trí Ghaeilge san ollscoil. Tá plé á dhéanamh againn maidir le cén cúrsaí a bheadh tarraingteach do mhic léinn. Cúrsaí idirdhisciplíneacha, b’fhéidir…” a dúirt Ó hÓgartaigh.

Maidir le cás na hollscolaíochta trí Ghaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, dúirt Ó hÓgartaigh nach mbeadh “aon chúlú ná cúngú” á dhéanamh ar an Acadamh. Dúirt sé go gcoinneofar na hionaid Ghaeltachta atá ag an Acadamh ar an Cheathrú Rua, i gCarna agus i nGaoth Dobhair.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite go raibh imní mhór ann faoina bhfuil i ndán don Acadamh.

Dúirt daoine atá ag plé leis an Ghaeilge san ollscoil le Tuairisc an tseachtain seo go raibh imní mhór orthu faoin éiginnteacht a dúirt siad atá ann faoi chás na teanga. Mhaígh cuid de na daoine a labhair le Tuairisc go raibh easpa tacaíochta á léiriú don Ghaeilge san ollscoil le tamall.

Dhearbhaigh Uachtarán na hOllscoile nach mbeadh an tAcadamh á dhúnadh, ach níl sé á chur as an áireamh go ndéanfaí athrú ar struchtúr na hinstitiúide.

“Níl an tAcadamh le dúnadh. Tá sé sin soiléir. Níl aon chaolú nó cúngú le déanamh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá sé sin ráite againn, tá sé sin ráite agam leis an bhfoireann.

“Tá muid ag fanacht ar straitéis agus nuair atá straitéis ann déanfar cinní maidir le léann na Gaeilge, ach níl aon bhunús le haon ráflaí go mbeadh aon chúlú ná cúngú – ná dúnadh – ar an acadamh,” a dúirt sé.

Dúirt uachtarán na hollscoile chomh maith go ndíreodh an straitéis nua atá á hullmhú do léann na Gaeilge ar an chaidreamh idir Roinn na Gaeilge agus Acadamh na Gaeilge freisin.

“Mar chuid den chomhrá straitéiseach, beidh a fhios againn conas mar atá an tAcadamh agus léann na Gaeilge agus Roinn na Gaeilge ag tacú lena chéile. Sin freagra a thiocfaidh as an straitéis.

“Ach tá muid cinnte, tá na hionaid Ghaeltachta iontach tábhachtach dúinn, tá an Ghaeilge i gcroílár na hollscoile, tá an ollscoil i gcroílár na Gaeltachta leis na hionaid Ghaeltachta. Is cuid an-tábhachtach í sin, tá an tAcadamh tábhachtach óna thaobh sin de agus ó thaobh na gcúrsaí atá ar fáil do phobal na Gaeltachta.

“Ní haon chúlú ach a mhalairt atá i gceist, beidh muid ag treisiú leo ach is ceist straitéiseach é sin maidir leis an gcomhchaidreamh idir Roinn na Gaeilge agus an tAcadamh,” a dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe.

Dúirt sé go raibh an Ghaeilge “lárnach” i straitéis na hollscoile agus “i gcroílár” shaol na hollscoile.

Níos mó