Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-stadas-ceanna-leis-na-ngaeilge-a-lorg-ag-an-spainn-do-thri-theanga-eile

An stádas céanna leis na nGaeilge á lorg ag an Spáinn do thrí theanga eile

| Tuairisc.ie | ,

Deir an tAE go bhfuil sé róluath a rá cén uair a dhéanfar cinneadh faoi

iarratas atá déanta ag an Spáinn go mbronnfaí an stádas céanna atá ag an nGaeilge ar an gCatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis.

Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an AE mar chuid den iarracht atá ar siúl ag Pedro Sánchez tacaíocht a mhealladh ó pháirtithe eile chun rialtas a bhunú agus fanacht ina Phríomh-Aire.

D’fhág toradh neamhchinnte olltoghchán na Spáinne mí Iúil go raibh ar Sánchez, ceannaire an PSOE, na sóisialaithe, margadh a dhéanamh le páirtithe na Catalóine agus Thír na mBascach agus tá an t-éileamh ar stádas do na trí theanga mar chuid den mhargadh sin.

I litir a sheol Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, José Manuel Albares, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh an tseachtain seo caite, dúirt sé gur chóir teangacha oifigiúla eile na Spáinne a chur leis an liosta 24 teanga a bhfuil stádas oifigiúil san AE acu.

Mhol Albares go bhféadfaí an cheist a chur ar chlár oibre na bpolaiteoirí an mhí seo chugainn.

Deir an tAE go bhfuil iarratas na Spáinne á “scagadh” ach go raibh sé róluath a rá cé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé ar chlár oibre na n-airí an mhí seo chugainn.

Dúirt ceannaire an pháirtí Chatalónaigh Junts, iaruachtarán na Catalóine, Carles Puigdemont go raibh deis iontach faoi láthair ann dul chun cinn tapaidh a dhéanamh faoi cheist stádas na dteangacha ó tharla uachtaránacht na Comhairle a bheith ag an Spáinn faoi láthair.

Dúirt Puigdemont gur deis iontach a bhí ann chomh maith do Sánchez a chruthú gur féidir leis beart a dhéanamh de réir a bhriathair.

De na mionteangacha san Eoraip atá ina gcomhtheangacha oifigiúla chomh maith, is í an Ghaeilge an t-aon cheann a bhfuil stádas oifigiúil aici san AE.

Bronnadh stádas oifigiúil san AE ar an nGaeilge in 2007 ach níor baineadh lánstádas amach di go dtí 2022.

Chun go mbeadh an stádas céanna ag teangacha comhoifigiúla na Spáinne, chaithfeadh Comhairle an Aontais Eorpaigh a cinneadh a dhéanamh d’aon ghuth a rialacháin a leasú.

Is faoin Spáinn a bheadh sé tacaíocht na mballstát eile go léir a fháil don phlean stádas oifigiúil a bhronnadh ar an gCatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis.

Meastar nach gan dua a mheallfaí tacaíocht na mballstáit go léir agus go mbeadh imní ar thíortha áirithe go spreagfaí a thuilleadh iarratas ar stádas agus go gcuirfí a thuilleadh costais agus brú ar an AE ó thaobh cúrsaí aistriúcháin.

Mar chuid den idirbheartaíocht iarthoghcháin sa Spáinn, thacaigh scarúnaithe Junts cheana féin leis na Sóisialaithe i dtaca le vóta tábhachtach amháin – ceapachán  uachtarán nua Pharlaimint na Spáinne, Francina Armengol, an t-iarrthóir sóisialach.

In 2005, tar éis feachtas fada, lorg Rialtas na hÉireann stádas mar theanga oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus bronnadh an stádas sin ar an teanga in 2007.

Fógraíodh, áfach, go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010.

Maolú na Gaeilge a tugadh ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis ina dhiaidh sin, go dtí an 31 Nollaig 2016.

In 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann ar an AE go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile nó go mbeadh deireadh ar fad leis ón 1 Eanáir 2022

Deirtear gur 30 lá a thógann sé 100 leathanach a aistriú san AE. 2021 an bhliain ba mhó ar deineadh obair aistriúcháin nuair a aistríodh 2.77 milliún leathanach.

Níos mó