Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
carachtairi-na-leithinse:-maire-ni-laighin

Carachtairí na Leithinse: Máire Ní Laighin

| Slaine Ni Chathallain | ,

Bhuaileas le bean uasal, bean ghnó, bean go bhfuil ana-chuid cleití ar a hiliomad hataí sa Daingean aici le déanaí, agus an chéad duine ón nDaingean sa tsraith seo, Carachtairí na Leithinise.

Sin í Máire Ní Laighin, nó Maura McKenna, ar léi féin agus a fear céile Brian Siopa Éadaí Mhic Ginneá sa Daingean, mar aon le Dingle Woollen Company ag Ceann a Ché. Bean déanta hataí is ea Máire chomh maith, agus bhí cáil ar a siopa Mad Hatters cúpla bliain ó shin, as an réimse leathan hataí agus cuircíní a bhí le fáil ann.

Mar seo a bhí againn.

Cad í an chuimhne is sia siar i do cheann?

“Tógadh sinn i mBaile Átha Cliath agus thugaimis turasanna síos go hAbhainn an Scáil. Is ó Abhainn an Scáil mo mháthair agus bhí tig againn féin thíos i bPoll an Phúca i mBaile Eaglaise. Bhíodh an turas chomh fada san, timpeall le cúig uair an chloig go leith agus bhíomar beag bídeach, ach nuair a chonac an fiúise, bhí a fhios agam go rabhamar nach mór ann agus buataisí, ba chuma liom aon rud eile a chur sa chairt, ach mo bhuataisí a bheith agam!”

Thóg máthair agus athair Mháire tig i mBaile Eaglaise agus díoladh é timpeall le 10 mbliana ó shin. Bhí Máire féin ina cónaí ann nuair a bhog sí go Corca Dhuibhne an chéad lá. Fuair a máthair bás obann agus bliain ina dhiaidh san, thóg sí sos gairme ón státseirbhís. Bhí sí le dul go dtí an Astráil, ach dúirt sí léi féin go dtógfadh sí sos i gCiarraí ar dtús. Tháinig sí féin agus a cara Máire anuas, agus bhí sí ag obair sa Chaifé Liteartha sa Daingean agus san Oifig Turasóireachta ar feadh tamaill. Má tá, ní fhaca sí talamh na hAstráile riamh, mar bhuail sí le Brian agus b’shin deireadh leis an dturas i gcéin. Dhein sí ana-chuid taistil ina dhiaidh sin, áfach. Tá a hiníon Aoife ag taisteal sa Nua Shéalainn agus san Astráil faoi láthair.

Cad é an lá is fearr a bhí riamh agat?

“Tá sé deacair a rá. Bhí ana-chuid ach is dócha, breith an triúir leanbh, Neasa, Aoife agus Seán. Bhí gach ceann acu chomh difriúil agus tá gach pearsantacht difriúil agus gach duine acu chomh speisialta. Bhí Neasa agus Aoife agam ana-chóngarach dá chéile agus ansan fuaireas amach nach rabhas in ann páistí a bheith agam go nádúrtha arís mar sin, dheineas IVF. Bhíos nach mór 30 nuair a thosnaíos air sin agus bhíos ocht mbliana á dhéanamh. Dheineas seacht mbabhta é agus an 7ú babhta, d’oibrigh sé, so, bhíos 39 nuair a fuaireas amach go rabhas ag iompar ansan.”

Conas a lean sí uirthi an fhaid sin, a deir tú? Mo cheist féin.

“Is dóigh liom, nuair a bhíonn rud éigin uait, coimeádann tú ort. Tá sé chomh difriúil, chomh hindibhidiúil do gach duine. Níl aon bheirt ar nós a chéile. Ní féidir liom é a mhíniú i gceart. Rud ana-phearsanta is ea é. Is cuimhin liom dul isteach an uair dheireanach agus bhíos dhá bhliain ó bheith á dhéanamh agus dochtúir nua a bhí ann. Dúirt sé liom “This is going to work this time”, agus d’fhéachas suas air agus dúrtsa leis, “What gives you the right to play God with me?” Ní rabhas diúltach, ach bhí an méid sin uaireanta nár oibrigh sé. So, d’oibrigh sé agus bhí triúr ansan againn.”

Cad í an chomhairle a bheadh agat don aos óg?

“Tóg bog é! Tá rudaí chomh tapaidh agus ní thóann siad am dóibh féin chun machnamh a dhéanamh ar cá bhfuil siad ag dul sa tsaol. Sin rud a thagann le haos, go dtuigeann tú go gcaithfidh tú é sin a dhéanamh. An rud eile le cailíní, tá sé deacair a bheith i do bhean nó i do chailín. Tá rudaí ann nach dtuigeann buachaillí nó fir in aon chor. Tá sé deacair do chailíní go sóisialta agus ag an obair, ach an rud a sheasann amach domsa ná aire a thabhairt dóibh féin, dá gcorp agus nach bhfuil siad ar an leibhéal céanna leis na fir leis an láidreacht. Tóg bog é agus téir go dtí an dochtúir agus fair amach duit féin. Níl sé ceart riamh glacadh le fir a bheith ag caitheamh anuas ort. Áit dheacair í seo faoi láthair, do chailíní.”

Cén saghas duine tú?

“Is breá liom a bheith gnóthach agus ag obair. Is breá liom a bheith ag foghlaim. Sin an rud go gceart don aos óg a bheith ag cuimhneamh air, nach stopfaidh sé riamh, an fhoghlaim. Leanann sé go deo, fiú má bhíonn cáilíocht ollscoile acu. Le gach áit nua a théann duine, is fearr deich n-uaire tú dá bharra. Caithfidh an duine fás. Tá taithí saoil ag daoine ar nós mise agus ag daoine atá ar chomhaos liom agus is rud ana-thábhachtach é sin ó thaobh na hoibre agus i measc an phobail. Is breá liom leis a bheith i gcomhluadar an dreama óig mar níl aon tuairimí dá gcuid féin acu faoi rudaí, atá ag daoine níos aosta agus is breá liom na tuairimí orgánacha san a chlos.”

Cad é an píosa ceoil/an t-amhrán is fearr leat?

“Bhíos ag Harry Styles! Is breá liom Harry Styles. Bhí breithlá ag Neasa i mí Eanáir agus breithlá agamsa i mí Aibreáin agus dúramar nach gceannóimid brontannais dá chéile ach go rachaimis go dtí Harry Styles i bPáras. Bhí sé ana-mhaith. Is ana-charachtar é agus bhí sé ábalta ar deighleáil le gach aos, ó chailíní óga a bhí lena dtuismitheoirí go dtí daoine ar nós mise. Bhí atmaisféar deas ann, ní raibh an méid sin óil ann agus chuamar go Moulin Rouge ansan!”

Cad é an nath cainte is fearr leat?
“Mol an óige agus tiocfaidh sí.”

Cén clár raidió/teilifíse is fearr leat?
Killing Eve, is breá liom é. Is breá liom an stíl éadaí atá aici agus an carachtar. An ceann eile ná Game of Thrones. Ní rud fíor é ach tá sé mistéireach. Is breá liom é. Tá an obair cheamara go hiontach.”

Tá cúrsa sna meáin dhigiteacha díreach críochnaithe ag Máire Ní Laighin le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Go n-éirí lena gnó The Dingle Woollen Company agus Siopa Mhic Ginneá sa Daingean, mar a bhfuil stocaí breátha cluthara d’aimsir cheoidh, bháistí na leithinise seo!

Níos mó