Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
lagmhisneach-ort-sna-laethanta-dorcha?-faigh-carta-leabharlainne

Lagmhisneach ort sna laethanta dorcha? Faigh cárta leabharlainne

| hannah ni chonghaile | ,

An bhfuil tú ag iarraidh níos lú ama a chaitheamh suite os comhair na teilifíse an geimhreadh seo? An dteastaíonn uait an t-am a chaitheann tú ar scáileán d’fhóin póca a laghdú? Ar mhaith leat rudaí nua a fhoghlaim?

Téigh go dtí do leabharlann áitiúil, a dhuine, agus faigh ballraíocht.

Glacaim leis go raibh cárta leabharlainne againn ar fad agus sinn sa bhunscoil, ach dóibh siúd atá imithe in aois píosa beag ó shin, creid uaimse é go mbeidh tú a rá leat féin “conas nár dheineas é seo blianta ó shin?” tar éis seachtaine.

Tá an leabharlann saor in aisce. Is féidir leat pé méid leabhar is maith leat a léamh gan aon phingin a chaitheamh dá gceannach. Má léann tú 12 leabhar sa bhliain, le meánchostas €12 ar leabhar, tá scata sábháilte agat agus is féidir an t-airgead san a chaithfí ar na leabhair is mó a thaitin leat a thabhairt do dhaoine eile mar bhronntanais!

Tá spás ar fáil do dhaoine chun imeacht isteach sa bhfoirgneamh fisiciúil chun léamh, staidéar, obair, pé rud é a dhéanamh ach chomh maith le gnáthdhraíocht na leabharlainne (ualach leabhar os do chomhair amach, boladh na leabhar, ciúnas a chuirfeadh sáipéal i gcuimhne duit), agus chomh maith leis na leabharlanna taistil a bhíonn ag imeacht amach chuig pobail iargúlta chun an tseirbhís chéanna a chur ar fáil, bíonn feachtais áirithe á gcur chun cinn sna leabharlanna, mar shampla feachtas Healthy Ireland, a chuireann leabhair go meastar iad a bheith go maith chun cabhrú le cúrsaí sláinte (idir fhisiciúil agus mheabhairshláinte) féna scáth agus a chuireann leabhair do leanaí agus do dhaoine óga san áireamh.

Chomh maith leis sin ar fad, tá an-chuid áiseanna áisiúla ar líne ag an leabharlann na laethanta seo. An ceann is fearr (dar liom), a thaitneoidh go mór le daoine atá ag iarradh níos mó leabhar a léamh ná BorrowBox.

Gan a bheith ró-dhrámatúil ach d’athraigh mo shaol nuair a fuaireas mo chárta leabharlainne agus nuair a fuaireas amach go bhfaightear síntiús do BorrowBox leis. Saor in aisce! Is aip closleabhar agus ríomhleabhar é BorrowBox a oibríonn sa tslí chéanna a n-oibríonn an leabharlann. Tógtar leabhar ar iasacht, bíonn méid áirithe ama agat chun é a léamh/éisteacht leis, is féidir síneadh ama a chur leis (má dheintear é a athnuachan in am!) agus muna bhfuil sé ar fáil, is féidir leat é a chur in áirithint. Cé ná fuil ofráil ró-láidir do chlosleabhair Ghaelainne ann, tá scata ríomhleabhar ar fáil as Gaelainn. Tá 35% des na leabhair atá léite agam go pearsanta i mbliana “léite” (d’éistíos leis an gclosleabhar) agam ar BorrowBox.

Don té go bhfuil dúil acu sna nuachtáin faightear rochtain ar na céadta nuachtán agus irisí trí PressReader chomh maith. Ní chabhróidh sé seo leat níos lú ama a chaitheamh ag féachaint ar an scáileán ach seans go bhfuil sé níos fearr ná a bheith ag scrolláil!

Tá rogha randamach ach spéisiúil ann do ghach aon saghas léitheora. Is féidir eagráin de The Wall Street Journal, The Economist, The RTÉ Guide, nó fiú d’irisí ar nós Rolling Stone a fháilt ar PressReader, agus gan díol astu leis an gcuntas leabharlainne! Lena chois sin, tá os cionn 4,000 iris ar fáil ar Libby, aip eile. Saor in aisce arís, ní gá ach logáil isteach le do shonraí leabharlainne agus is féidir aon rud ó Good Housekeeping go dtí The Ultimate Guide to Manga & Anime a léamh ó do ghuthán póca!

Dóibh siúd ar maith leo a bheith ag foghlaim is féidir logáil isteach go Universal Class chun tabhairt fé aon sórt cúrsa, saor in aisce, ó sheisiúin traenála Excel agus Google go cúrsa scríbhneoireachta rómánsúla, agus is féidir teangacha a fhoghlaim, leis, ar shuíomh Transparent Language.

Tá scata áiseanna eile ar fáil sa lebaharlann ná fuil luaite anseo agam, agus i ndáiríre, leis an gcóras leabharlainne atá againn níl aon leithscéal ag éinne leadrán a bheith orthu le linn laethanta dorcha an gheimhridh!

The post Lagmhisneach ort sna laethanta dorcha? Faigh cárta leabharlainne appeared first on NÓS.

Níos mó