Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
lios-loch-lao:-lonnaiocht-nua-ghaeilge-beartaithe-do-bheal-feirste

Lios Loch Lao: lonnaíocht nua Ghaeilge beartaithe do Bhéal Feirste

| jake mac siacais | ,

Tá Jake MacSiacais ina Stiúrthóir ar an eagras Forbairt Feirste. Tugann sé léargas dúinn anseo ar an togra nua atá curtha ar bun i mBéal Feirste chun scéim comharthithíochta Ghaeilge a bhunú sa chathair.


 

Cuireann sé gliondar ar mo chroí go bhfuil an tuar tagtha ar an tairngreach faoi dheireadh agus go bhfuil dream úr Gaeilgeoirí i mBéal Feirste ag tabhairt faoin dúshlan chun lonnaíocht úr lán-Ghaeilge a fhorbairt i mo chathair dhúchais.

54 bliain ó shin thug ceannródaíthe Gaeilge faoi thionscadal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, le go gcluinfí guthanna Ghaeil óga na cathrach athuair.

Tá torthaí an ghnímh réabhlóidigh sin, mar a thug Bobby Sands air, le sonrú go dtí an lá atá inniú ann.

‘Lios Loch Lao’ a bheas ar an lonnaíocht úr agus, cé go bhfuil sé róluath go fóill chun ceiliúradh a dhéanamh, bíonn gach tús maith i gcónaí ina leath chuid den obair. Beidh constaicí ann ach níor chaill muid ariamh ach ab é nach ndeachaigh muid chun páirce.

Tá an tosaíocht seo mar chuid de straitéis Forbairt Feirste atá ag obair le cumhacht gheilleagrach Phobal na Gaeilge a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail agus leas na cathrach.

Thug Forbairt cuireadh do 14 duine teacht ar bhord agus cumann comh-thithíochta lán-Ghaeilge a bhunú.

Is ‘Lonnaitheoirí Loch Lao’ atá tugtha ar an chumann a bheas tiomanta scéim comh-thíthíochta a bhunú do Ghaeilgeoirí i mBéal Feirste, áit a mbeidh idir thithe teaghlaigh, árasáin agus spás comónta ann.

Tá luachanna bunaithe an Chumainn aontaithe agus is iad sin ná:

– An Ghaeilge a úsáid agus a chur chun chinn i ngach gné de shaol an Phobail;
– A bheith airdeallach ar an timpeallacht;
– Deiseanna a thabhairt do dhaoine fanacht sna hárasáin le heispéireas shaol na Gaeilge a bhlaiseadh;
– Gníomhaíochtaí comónta a ghlacadh, de réir mar atá deiseanna ann, chun Gaelphobal Feirste a neartú;
– Cinntiú go bhfuil an prionsabal um chóir chomhionann i gcroílár shaol phobal na lonnaíochta.

Cosúil le gach tús, creidim go bhfuil sé tábhachtach na daoine atá mar chomhaltaí ar an chumann a ainmnú, don taifead stairiúil, nó le himeacht ama – agus go háirithe nuair a éiríonn go geal le rud a raibh na ‘fáithe diúltacha’ ag tuar tubáiste dó – tiocfaidh daoine chun cinn a ‘bhí ann ón tús’ agus iad ‘céad faoin chéad’ taobh thiar de.

Mar sin de cuirigí aithne ar: Caoimhe Ní Rúnaidh agus Brónagh Fusco ó Íochtar na bhFál; Conor Torbóid ó Ard Eoin; Sadbh Nic Thomais ó Chill Uaighe; an Corcaíoch Róisín Nic Liam atá anois ina cónaí ar Bhóthar Grosvenor; Irial Ó Ceallaigh ó Rinn Phort Láirge agus anois Oirthear Bhéal Feirste; Fionnuala Ní Mhuilleoir ó dheisceart Bhéal Feirste; Seán Óg Mistéil, garmhac le Caitlín agus Joe Mistéil, beirt de bhunaitheoirí Ghaeltacht Seoighe; Clónagh Táilliúir ó Ard na bhFeá; Eoghan Ó Garmaile ó Bhóthar Ormeau; Eimear Nic Ionnrachtaigh agus Fionnghuala Nic Siacais ó Chnoc Mhic Dhiarmada; agus Roibeaird Mac Siacais ó Léana an Dúin.

Ag labhairt faoi na dúshlain a bheas rompu, dúirt an t-ailtire Ciarán Mac Goill:

“Tá nósmhaireacht na gcumann comh-thithíochta coitianta go leor i Sasana ach tá an coincheap nua go leor sna Sé Chontae. Beidh orainn a lán taighde a dhéanamh le cinntiú go n-éireoidh leis an tionscadal tábhachtach seo a osclóidh na doirse dá leithéid céanna in áiteacha eile.

“Ina dhiadh sin beidh tallamh fóirsteanach le haimsiú againn agus an caipiteal a chur le chéile. Ach ta seanaithne agam ar Ghaeil Feirste agus ní ar na deachrachtaí ach ar na féidearthachtaí a bheas fuineamh s’acu dírithe.”

Tá sé oiriúnach fosta go bhfuil Ciarán Mac Goill, mac le Seán Mac Goill ‘Ailtire nacGaeilge’, ar bord leis na líníochtaí agus an obair mhór a dhéanamh le cinntiú go mbíonn an lonnaíocht seo ar an ardchaighdeán céanna a bhaineann leis an líon mór foirgneamh agus Gaelscoileanna atá deartha aige agus atá ina gcúis mhór bhróid ag Gaelphobal Feirste.

Bíonn gach tús lag ach tá tús curtha leis an obair agus, i bhfocail cháiliúla bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, ‘Ná habar é, déan é’.

Níos mó