Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ni-bheidh-aon-easpa-siamsaiochta-ar-phobal-chois-fharraige-an-tseachtain-seo-chugainn

Ní bheidh aon easpa siamsaíochta ar phobal Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn

Is beag duine nach bhfaighidh ócáid éigin a fheilfidh iad ag féile sé lá Chois Fharraige na bliana seo – amhráin, ceol, clódóireacht, comhluadar, cócaireacht, comhrá agus geamaireacht, scéalta agus siúlóid

Ní bheidh aon easpa siamsaíochta ar phobal Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn

Tá an fómhar agus oícheanta fada an airneáin tagtha ach ní bheidh aon easpa siamsaíochta ná comhluadair ar phobal Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn.

Cuirfear tús le Féile Chois Fharraige Dé Máirt, féile atá ina ceiliúradh ar cheantar Chois Fharraige. Is beag duine nach bhfaighidh ócáid éigin a fheilfidh iad ag féile sé lá na bliana seo – amhráin, caife is tae, ceol, clódóireacht, comhluadar, cócaireacht, comhrá, geamaireacht, scéalta agus siúlóid.

Tá an fhéile seo á heagrú ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga agus nádúrtha go leor níl dearmad á dhéanamh ar an óige. Beidh an fonnadóir Mairéad Ní Fhlatharta ag tabhairt cuairt ar na cúig bhunscoil sa gceantar le ceardlanna amhránaíochta a dhéanamh leis na gasúir.

I gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe cuirfidh an Fóram Teanga tús le ceardlanna a thabharfaidh deis do scoláirí iarbhunscoile an cheantair na cúrsaí sin a phlé le saineolaithe.

Ní sa rang amháin a bheidh spraoi ag gasúir, beidh geamaireacht ag Fíbín maidin Dé Sathairn, beidh scéalta do na leanaí i Leabharlann an Spidéil Dé Máirt agus Dé Sathairn.

Má tá cead bóthair agat le titim oíche, ní bheidh tú gan comhluadar.

Tigh Chualáin a bheidh an chaint is an ceiliúradh tráthnóna Dé Máirt agus comhlachtaí foilsitheoireachta an cheantair á bplé agus á gceiliúradh, a chonách sin orthu agus gradaim an Oireachtais crochta leo acu le gairid.

Tráthnóna Déardaoin tá rogha agat idir a bheith ag gabháil fhoinn Tigh Chualáin nó an scannán Tarrac a fheiceáil i Seanscoil Sailearna agus a ghabháil ag na hamhráin Tigh Mholly ina dhiaidh. Oíche Dé Sathairn Ceoltóirí Óga Chois Fharraige a bheidh ag ceol i Seanscoil Sailearna agus is maith uathu.

Más caife, comhluadar is comhrá a shantaíonn tú, bí ag ‘Bláth Fiáin’ sa Spidéal ag a 11.00 maidin Dé hAoine agus gealltar fáilte romhat. Más maith leat an léitheoireacht agus an comhluadar, buail isteach Tigh Mholly oíche Dé hAoine mar a seolfar Deirdre, leabhar nua le Darach Ó Scolaí.

Má chuir tú léine leis an Spailpín Fánach ar do chraiceann riamh nó má d’éist tú leis Na Fíréin, bí ag Pota Café oíche Dé Céadaoin mar a mbeidh an fiontraí agus an ceoltóir Gearóid Ó Murchú ag cur síos ar a shaol agus a shaothar.

Ach dé ar bith a bheith fanta ionat ón gceiliúradh sin uilig, bí ag an Airdín Buí ar an Spidéal ag meán lae ar an Domhnach, beannaigh do dhealbh an Chadhnaigh ansin agus tabhair faoi Chonair an Chadhnaigh as sin siar go dtí fód a dhúchais, An Cnocán Glas, mar a ndéanfaidh a dhuine gaoil píosa cainte.

Tigh Phádraigín sna Forbacha a chuirfear deireadh leis an bhféile oíche Dé Domhnaigh le seisiún amhránaíochta.

Ní mór cuid mhaith d’imeachtaí na féile seo a chur in áirithe roimh rá le bheith cinnte go mbeidh spás duit, mar sin téigh anseo nó glaoigh ar an uimhir  083 010 6294. Beidh chuile scéilín faoin bhféile agus an ceiliúradh ar chuntas meáin shóisialta Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Níos mó