Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
triail-e-cluiche-thonga-do-na-morchoimhlinti-ata-le-teacht

Triail é cluiche Thonga do na mórchoimhlintí atá le teacht

| jeff neville | ,

Beidh Éire ag tabhairt aghaidh ar Thonga ag an deireadh seachtaine agus beidh dúshlán iomlán difriúil ós a gcomhair ná mar a bhí seachtain ó shin. Ba é scóráil pointí an rud ba thábhachtaí an deireadh seachtaine seo caite ach an babhta seo beidh Éire ag iarraidh ceithre úd a scóráil agus bogadh ar aghaidh gan aon imreoirí gortaithe. Beidh siad ag iarradh a bheith cruinn san ionsaí freisin mar is triail í seo do na cluichí móra atá le teacht.

Oireann amchlár an chomórtais don Afraic Theas agus d’Albain beagán níos fearr ná mar a oireann d’Éirinn, ach ní féidir linn gearán a dhéanamh. Thug an cluiche in aghaidh na Rómáine deis dúinn tús maith a chur lenár dturas sa chomórtas agus móiminteam (agus pointí) a thógáil roimh aghaidh a thabhairt ar na foirne níos cumasaí. Tugann an briseadh coicíse idir an cluiche in aghaidh na hAfraice Theas agus an cluiche in aghaidh na hAlban deis d’Éirinn sos maith a ghlacadh agus díriú ar gach ceann de na coimhlintí go hiomlán astu féin.

Tá foireann an-láidir roghnaithe ag Andy Farrell le dul chun páirce i gcoinne Thonga agus sílim gur triail a bheidh ann do chluiche na hAfraice Theas. Freasúra an-fhisiciúil a chuirfidh go leor brú ar Éirinn atá i ndán, agus caithfidh Éire a bheith cruinn sa ruc chun a structúr ionsaithe a cur i bhfeidhm.

Is ábhar iontais é nach mbeidh McCloskey ná O’Brien páirteach mar chreid mé go n-imreodh siad i gceann amháin den dá chluiche tosaigh. Níor shíl mé go n-ainmneodh Éire foireann chomh láidir agus a d’ainmnigh siad don chluiche seo mar gheall ar an mbaol atá ann go ngortófaí duine de na himreoirí. Ní féidir Farrell a cheistiú áfach – ní raibh sé mícheart le fada anois.

Tabharfaidh an Afraic Theas aghaidh ar an Rómáin sa chéad chluiche eile acu agus tá ceithre leathchúlaí clibirte istigh roghnaithe acu san fhoireann. Léiríonn sé seo gurb ionann cuspóir na Spriongboc agus cuspóir na hÉireann an tseachtain seo caite: an oiread pointí agus is féidir a chur ar an scórchlár.

Seans go bhfuil cuma aisteach ar cheithre leathchúlaí clibirte istigh a roghnú ach nuair a smaoiníonn tú ar na línte tacaíochta a ritheann siad agus iad ag ionsaí, tá an-chiall leis. Ritheann siad díreach go dtí an liathróid, is cuma má bhíonn siad chun tosaigh uirthi don chuid is mó den rith. Ciallaíonn sé sin go n-éiríonn leo dul taobh thiar den líne chosanta níos tapúla, agus go mbíonn an t-ionsaí níos fearr dá réir. Más féidir leis an gceathrar acu a bheith ar an bpáirc ag an am céanna, bheadh sé sin taitneamhach.

Gortaíodh Malcolm Marx agus é ag traenáil agus dá thoradh sin níl sé ar fáil don chuid eile den chomórtas. Is caillteanas mór é seo don Afraic Theas agus is post an-speisialaithe é an húcálaí. Níl siad ag tabhairt aon duine eile isteach san fhoireann le cur ina áit agus creidim gurb é is cúis leis sin ná spás a choinneáil oscailte do Handré Pollard, má dhearbhaítear go luath go mbeidh sé aclaí arís.

An éireoidh leis an Afraic Theas níos mó pointí a scóráil ná mar a chláraigh Éire an tseachtain seo caite? Beidh a fhios sin againn oíche Dé Domhnaigh.

Níos mó