Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
buisead-‘caith-agus-coigil’-–faoiseamh-canach-ar-mhorgaisti,-ardu-e12-ar-ratai-liuntais,-ciste-infheistiochta-nua

Buiséad ‘caith agus coigil’ –faoiseamh cánach ar mhorgáistí, ardú €12 ar rátaí liúntais, ciste infheistíochta nua

| Tuairisc.ie | ,

Tá Buiséad 2024 fógartha, buiséad ina bhfuil faoiseamh cánach do dhaoine atá ag íoc morgáistí agus ardú €12 sa tseachtain sna rátaí liúntais leasa shóisialaigh.

Sa bhuiséad ‘caith agus coigil’ a d’fhógair an tAire Airgeadais, Michael McGrath agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe, tá na billiúin le cur ar leataobh chomh maith do chiste infheistíochta nua do lá na coise tinne – An Ciste d’Éirinn sa Todhchaí.

“Gan gach cent a chaitheamh inniu, ach cuid a fhágáil don lá amárach,” an cur chuige a bhí ag an Rialtas, a dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe.

Fógraíodh laghdú breise freisin ar chostas cúram leanaí agus ar tháillí coláiste agus tabharfar leabhair scoile saor in aisce do dhaltaí iar-bhunscoile sa tsraith shóisearach.

Cuirfear leis an scéim a chuireann béile te ar fáil sna bunscoileanna agus ó mhí Aibreán 2024 beidh cead ag 900 bunscoil eile a bheith páirteach sa scéim sin..

Ardófar an leibhéal pá ag a dtosaítear ag íoc an ráta cáin ioncaim is airde, 40%, ó €40,000 go dtí €42,000.

Laghdófar ó 4.5% go dtí 4% an Muirear Sóisialta Uilíoch a bhíonn le híoc ar aon ioncam idir €22,920-€70,044.

Ón gcéad lá d’Eanáir 2024, ardófar €1.40 an ráta  íosphá san uair go dtí €12.70 san uair.

Dúirt an tAire Airgeadais go mbeadh €780 breise sa mbliain ina phóca ar an meán ag gnáthoibrí ag a bhfuil obair lán-aimseartha a bhuíochas do na hathruithe ar chreidmheasanna pearsanta cánach, ar rátaí agus bandaí an Mhuirir Shóisialta Uilíoch [USC] agus ar bhandaí Íoc Mar a Thuillir [PAYE].

Laghdófar an costas cúram leanaí go dtí 25% ach ní thiocfaidh sé sin i bhfeidhm go dtí Meán Fómhair seo chugainn. Ar na beartais eile atá á lua tá íocaíocht sochar linbh dúbailte roimh an Nollaig.

Daoine óga atá sa gcóras oideachais go lán-aimseartha, beifear i dteideal liúntas leanaí ina leith go dtí go mbeidh siad 18 bliain.

Ó mhí Lúnasa 2024 beidh an sochar teaghlaigh ar fáil ar feadh naoi seachtainí agus cuirfear €10 breise leis an Liúntas Cúram Baile.

Cuirfear ardú €100 ar an gcreidmheas cánach do chúramóirí baile agus don chúramóir linbh atá singil. Ardú €200 a chuirfear leis an gcreidmheas cánach don té atá ag déanamh cúraim do leanbh atá ar éagumas.

Ar na beartais ar mhaithe le cabhrú le teaghlaigh atá ag sracadh de dheasca na géarchéime costas maireachtála, tá tacaíocht bhreise le cuidiú le billí fuinnimh arda a íoc.

Trí creidmheas fuinnimh €150 a thabharfar do theaghlaigh.

Leanfar leis an ráta íslithe 9% CBL ar ghás agus leictreachas ar feadh 12 mí eile. Meastar dá bharr sin go sábhálfaidh tomhaltóirí €90 ar a gcuid leictreachais agus go sábhálfaidh daoine a úsáideann gás €62 sa 12 mí sin.

Cuirfear ar athlá an dleacht mháil ar pheitreal agus díosal a bhí le tabhairt ar ais ag deireadh na míosa seo agus tabharfar a leath ar ais san Aibreán seo chugainn agus an leath eile mí Lúnasa 2024.

Ardú €5.3 billiún ar chaiteachas agus pacáiste cánach €1.1 billiún atá sa bhuiséad.

Caithfear €2.7 billiún ar bheartais aon uaire le cabhrú le daoine dul i ngleic leis an ngéarchéim costas maireachtála.

Pictiúr: RollingNews.ie

Ardú €12 sa tseachtain a bheidh i gceist do phinsinéirí, cúramóirí, daoine a fhaigheann liúntas cuardaitheora poist agus gach duine eile a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tiocfaidh an t-ardú i bhfeidhm mí Eanáir 2024.

Déanfar íocaíocht dhúbailte i mí Eanáir le gach duine a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh. Íocfar ‘bónas’ na Nollag chomh maith.

Íocfar cnapshuim aon uaire €300 le teaghlaigh atá ag fáil liúntas breosla agus agus tabharfar cnapshuim €200 do dhaoine atá ina gcónaí ina n-aonar.

Beidh €54 breise sa tseachtain san íocaíocht bhreise do theaghlaigh atá i bhfostaíocht agus atá ina teideal.

Ardófar an faoiseamh cánach ar chíos ó €500 go dtí  €750.

Tá leasú eile á dhéanamh ar chúrsaí cánach ionas go bhféadfaidh tuismitheoirí a íocann an cíos dá gclann atá ar choláiste faoin scéim ‘Seomra ar Cíos’ creidmheas cánach a fháil ar an gcíos a íocann siad.

Beidh daoine in ann an creidmheas siardhátaithe sin a éileamh don bhliain seo caite chomh maith le bliain chánach 2023.

Tabharfar faoiseamh cánach €600 chomh maith do thiarnaí talún a thabharfaidh daingne tionachta don chíosaí agus €1,000 a bheidh i gceist

Má thugann tiarna talún barántas go bhfágfaidh sé teach ar mhargadh na gcíosanna ar feadh ceithre bliana, beidh an chéad €3,000 den chíos a fhaigheann tiarna talún in 2024 saor ó cháin. An chéad €4,000 a bheidh saor ó cháin in 2025 agus ní íocfar cáin ar an gcéad €5,000 cíos in 2026 agus 2027.

Tabharfar faoiseamh cánach ar ús morgáiste, faoiseamh a bhainfidh €1,250 de bhille morgáiste úinéirí tí a raibh idir €80,000- €500,000 fós le híoc ar a morgáiste acu ar an 31 Nollaig 2022.

Pictiúr: Sasko Lazarov/© RollingNews.ie

Déanfaidh an beart seo leas do 165,000 duine a bhfuil morgáiste á íoc acu agus cosnóidh sé €125 milliún ar an stát.

Tá ciste coigiltis nua le bunú – Ciste d’Éirinn na Todhchaí – ina gcuirfear cuid den fharasbarr ón gcáin chorparáideach.

Idir 2024-2035 cuirfear 0.8% den olltáirgeacht intíre (GDP) sa chiste nua sin gach bliain.

Thart ar €4.3 billiún a bheidh sa chiste in 2024 agus d’fhéadfadh go mbeadh €100 billiún ann faoi 2035.

Tá geallúint tugtha chomh maith go gcuirfear os cionn €3 billiún i leataobh le hinfheistíocht a dhéanamh i dtograí aeráide agus dúlra idir 2026 agus 2030. Polasaí árachais do na glúine atá ag teacht inár ndiaidh a thug an Comhaontas Glas ar an infheistíocht sin.

Tá an ‘Ciste Infreastruchtúr, Aeráide agus Dúlra’ seo ar cheann de na chéad chinn dá leithéid sa domhan agus fágann sé go dtabharfar tosaíocht do thograí comhshaoil atá riachtanach sna blianta amach romhainn.

Is cionroinnt bhreise é an ciste €3.15 billiún sin le cur leis an maoiniú atá cheana féin sa  Phlean Forbartha Náisiúnta le caitheamh ar chúrsaí aeráide agus dúlra.

Beidh béim ar an gcaiteachas as an gciste ar thograí a chuideoidh le laghdú a dhéanamh ar na breoslaí salacha a iompórtáiltear agus ar thograí a dhéanfaidh tithe príobháideacha níos éifeachtaí ó thaobh fuinnimh de.

Ar na tograí eile a bhféadfaí an ciste sin a chaitheamh orthu, tá scéimeanna teasa ceantair, athchóiriú gnáthóga nádúrtha agus feabhsúcháin ar chaighdeán an uisce in aibhneacha agus i lochanna. D’fhéadfaí an ciste a úsáid chomh maith chun speicis a bhíodh coitianta anseo tráth a thabhairt ar ais, an t-iolar agus an coirneach, mar shampla.

Leanfar leis an laghdú 20% ar tháillí taistil ar iompar poiblí go dtí deireadh 2024.

Cuirfear airgead ar leataobh le 1,000 garda nua a earcú chomh maith le 250 sibhialtach don Garda Síochána.

Laghdófar faoina leath táillí coláiste mic léinn a bhfuil teacht isteach níos lú ná €100,000 ag a muintir. €1,500 a bheidh le híoc acu ar tháillí feasta.

Gearrfar €1,000 de tháillí coláiste do theaghlaigh áirithe eile.

Dúirt an tAire Paschal Donohoe go raibh €60 milliún á chur ar fáil ar mhaithe le maoiniú inbhuanaithe a chur ar fáil don Ardoideachas, chomh maith le maoiniú breise ionas go mbeifear in ann áiteanna ar chúrsaí leighis a thairiscint do thuilleadh mac léinn.

Cuirfear €67 milliún ar fáil don chóras Printíseachta Ceardaíochta ionas go mbeidh áit ann do 16,000 printíseach an bhliain seo chugainn.

Dúirt an tAire gur theastaigh uaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an gCiste Náisiúnta Oiliúna le teacht ar bhealach níos fearr le freastal ar an maoiniú a theastaíonn.

Dúirt sé go raibh €22.5 billiún á chur ar fáil don Roinn Sláinte i mBuiséad 2024 agus gur forlíonadh ar an maoiniú reatha a bhí in €808 milliún de sin, maoiniú a bhí riachtanach le díriú ar “brúnna”.

Tá €1.23 billiún á chur ar fáil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta chun infreastruchtúr sláinte breise a chur ar fáil.

Cuirfear €1.9 billiún breise de mhaoiniú caipitil ar fáil in 2024 chun 9,300 teach sóisialta nua-thógtha a chur ar fáil agus in 2024 chomh maith beidh €265 milliún ar fáil le 6,400 teach inacmhainne a thógáil.

Dúirt an tAire Donohoe go gcuirfí €10.5 billiún ar fáil don Roinn Oideachais in 2024, agus buiséad caipitil a bheidh i €940 milliún de sin.

Cuirfear tús le 200 scoil eile a thógáil sa dá bhliain seo chugainn, 2024 agus 2025.

Cuireadh maoiniú ar fáil i mBuiséad an lae inniu le 1,200 Cúntóir Riachtanais Speisialta breise a earcú.

Beidh cáin ar tháirgí vápála i mBuiséád na bliana seo chugainn.

Fógraíodh inniu go bhfaighfear réidh mí Eanáir leis an gcáin bhreisluacha 9% ar e-leabhair agus closleabhair.

Níos mó