Íocfar deontas le múinteoirí a chuireann feabhas ar a gcuid Gaeilge faoi scéim nua atá beartaithe ag Roinn na Gaeltachta.
Beidh an scéim phíolótach nua atá á hullmhú ag an Roinn faoi láthair dírithe ar mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus ar theagascóirí luathbhlianta freisin.
“Is é cuspóir na scéime ná feabhas suntasach a chur ar chumas na múinteoirí sin sa Ghaeilge agus ar a gcumas cabhrú le daltaí torthaí foghlama feabhsaithe a bhaint amach,” a dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.
Scéim dheonach a bheidh ann agus íocfar “deontas airgid” leis na múinteoirí má éiríonn leo “feabhas áirithe a chur ar a gcumas teanga”.
Déanfar cumas Gaeilge na múinteoirí a thomhas trí chóras tástála TEG, an Teastas Eorpach sa Ghaeilge.
Deir Roinn na Gaeltachta go rachaidh siad i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus dreamanna eile nuair a bheidh an scéim á cur i gcrích.
Caithfear cuid den €4 milliún breise a fógraíodh do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2024 ar an scéim nua, ach níl an leibhéal maoinithe don scéim seo aontaithe go fóill.