Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
iarrtha-ar-an-rialtas-gan-conradh-nua a-aontu-le-eircode-go-dti-go-bpleifear-fadhb-le-logainmneacha-gaeltachta

Iarrtha ar an Rialtas gan conradh nua a aontú le Eircode go dtí go bpléifear fadhb le logainmneacha Gaeltachta

| Tuairisc.ie | , ,

Tá iarrtha ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar an Rialtas gan conradh nua a aontú leis an gcomhlacht a chuireann an tseirbhís Eircode ar fáil go dtí go mbeidh deis acu an sárú dlí atá á dhéanamh maidir le logainmneacha Gaeilge a phlé leis an Aire Stáit.

Inniu a d’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a dtuarascáil faoin tseirbhís Eircode agus an dualgas reachtúil atá ann gan ach logainmneacha Gaeilge a úsáid do cheantair Ghaeltachta.

Deir Aire Stáit Jack Chambers, a bhfuil freagracht air maidir le Beartais Phoist agus Eircode, go bhfuil síneadh curtha leis an chonradh idir a Roinn agus an comhlacht Capita Business Support Services Ireland atá i mbun na seirbhíse, ach tuigtear nach bhfuil an conradh sínithe go fóill. Tá Coiste na Gaeilge ag éileamh nach ndéanfaí sin go dtí go mbeidh deis ag an Aire Stáit teacht os comhair an choiste sin chun an tuarascáil a phlé.

Ó seoladh an córas Eircode in 2015 tá fadhb ann maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta. Chuir an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoin sárú dlí a bhí i gceist faoi bhráid Thithe an Oireachtais in 2021 ach níl aon réiteach faighte ar an scéal ó shin.

Reáchtáil Coiste na Gaeilge sraith cruinnithe le breis is bliain anuas le hionadaithe ó An Post, ón bhfochomhlacht An Post Geodirectory, ón gcomhlacht príobháideach Eircode/Capita agus le hionadaithe ón státseirbhís chun úsáid logainmneacha Béarla do cheantair Ghaeltachta a fhiosrú.

Sa tuarascáil nua seo, deir an coiste go bhfuil an dlí á shárú maidir le húsáid na logainmneacha Béarla sa Ghaeltacht agus moltar go dtiocfadh “stad láithreach” leis an úsáid atá á baint acu as leaganacha Béarla “neamhoifigiúla” de logainmneacha Gaeltachta. Tá an coiste ag moladh chomh maith go ndéanfadh na comhlachtaí “an t-infheistiú agus an oiliúint foirne atá de dhíth” chun aon deacrachtaí taifeadta, scagtha, dáileacháin, teicneolaíochta, riaracháin nó foirne atá acu a réiteach.

Tá an coiste ag iarraidh go gcruthófaí suíomh idirlín nua don chóras a bheidh go hiomlán dátheangach agus go mbronnfar an t-ainm Gaeilge ‘Éirchód’, amháin air, seachas Eircode, nó an t-ainm dátheangach Éirchód/Eircode.

Táthar ag moladh freisin go gcinnteodh an Rialtas go mbeidh an rogha ag daoine agus eagraíochtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a gcuid seoltaí pearsanta a bheith á n-úsáid i nGaeilge amháin, agus má dhéanann siad an rogha sin, go ndéanfar cinnte de nach mbeidh an leagan Béarla dá gcuid seoltaí ar fáil ar shuíomh idirlín Éirchód níos mó.

Moltar chomh maith gurb é ainm Gaeilge na gcomhlachtaí poiblí uile sa stát agus a seoladh ceart i nGaeilge a d’úsáidfí ar an leagan Gaeilge den suíomh nua.

I mí na Nollag 2023 atá deireadh le teacht leis an gconradh do sholáthar na seirbhíse Eircode, conradh idir an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus an comhlacht príobháideach Eircode/Capital.

D’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers ag tús na míosa seo go raibh síneadh trí bliana le cur leis an gconradh, fógra a chuir “an-díomá” ar Choiste Gaeilge an Oireachtais,  go háirithe ó gheall iar-Aire Stáit sa Roinn, an Teachta Hildegarde Naughton, go dtabharfaí aird ar leith ar an imní a bhí léirithe ag an gcoiste faoi cé chomh “easnamhach” is a bhí an conradh le Eircode/Capita.

Deir an coiste go bhfios dóibhsean nach bhfuil aon rud sínithe go fóill maidir leis an síneadh trí bliana agus tá iarrtha acu ar an Rialtas nach gcuirfí i gcrích an síneadh go dtí go mbeidh deis ag an Aire Stáit Chambers teacht os comhair an choiste chun an tuarascáil agus na moltaí atá inti a phlé.

“Tá súil againn go ndéanfaidh an tAire Stáit reatha amhlaidh, agus go dtiocfaidh sé os comhair an Chomhchoiste roimh dheireadh mhí na Samhna 2023 chun an tuarascáil, ár 7 moladh agus an conradh nua, nó an conradh reatha agus fad curtha leis, a phlé linn i leith soláthar na seirbhíse poiblí Eircode a sholáthrófar don phobal thar ceann an Stáit,” a deir cathaoirleach an choiste, an Teachta Aengus Ó Snodaigh.

Deirtear sa tuarascáil gur oth leis an gcoiste a rá go bhfuil an chuma ar an scéal nach nglacann An Post, An Post GeoDirectory ná Eircode/Capita leis go bhfuil dualgas orthu géilleadh don reachtaíocht maidir le logainmneacha Gaeltachta agus an tseirbhís phoiblí Eircode á cur ar fáil acu don phobal thar ceann an Stáit.

Deirtear go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil An Post agus An Post Geodirectory den tuairim go dtugann deacrachtaí taifeadta, scagtha, dáileacháin, teicneolaíochta, riaracháin agus eile. Deir an coiste go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil An Post na seirbhíse den tuairim go bhfuil “díolúine ón reachtaíocht ábhartha” acu, agus go bhfuil cead acu dá réir “neamhaird” a dhéanamh uirthi agus leaganacha neamhoifigiúla de logainmneacha Gaeltachta a sholáthar do Eircode/Capita.

Deir an coiste go bhfuil dualgas dlíthiúil freisin ar Eircode/Capita a chinntiú go gcloíonn na sonraí a úsáideann sé féin leis an reachtaíocht chuí sula gcuireann sé ar fáil don phobal iad, fiú más ó An Post agus An Post Geodirectory a fhaigheann sé na sonraí.

Cáintear sa tuarascáil an fhianaise a thug ionadaithe ó na comhlachtaí sin ag na cruinnithe maidir lena dteip cloí leis an reachtaíocht. Maíonn baill an choiste Oireachtais nár fhreagair na hionadaithe na ceisteanna a cuireadh orthu agus gur leithscéalta agus athrá a chualatahas uathu arís agus arís eile.

Níos mó