Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘iontas’-agus-‘dioma’-ar-oifigigh-pleanala-teanga-nach-bhfuair-siad-cuireadh-go-dti-‘meitheal-smaointeoireachta’

‘Iontas’ agus ‘díomá’ ar oifigigh pleanála teanga nach bhfuair siad cuireadh go dtí ‘meitheal smaointeoireachta’

| Tuairisc.ie | , ,

Bhí “iontas” agus “díomá” ar oifigigh pleanála teanga nach bhfuair siad aon chuireadh a bheith i láthair ag cruinniú speisialta faoi bhunú scéim nua in áit scéim labhairt na Gaeilge.

“Meitheal smaointeoireachta” a thug Roinn na Gaeltachta ar an gcruinniú a tharla an t-earrach seo caite chun plé a dhéanamh ar “chomharba” scéim labhairt na Gaeilge, an scéim faoina n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí.

De réir cáipéisí atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, chuir Dónall Ó Cnáimhsí, oifigeach pleanála teanga an iarthuaiscirt i nDún na nGall, míshástacht na n-oifigeach pleanála teanga in iúl d’Údarás na Gaeltachta ar an 10 Feabhra, an lá i ndiaidh thionól na meithle smaointeoireachta i gceannáras na Roinne sna Forbacha.

De réir cháipéisí na Roinne ní raibh aon chruinniú eile ag an meitheal smaointeoireachta ina dhiaidh sin agus níl aon taifead ach oiread ar aon phlé eile a bheith déanta ó shin faoi aon mholtaí a rinne an mheitheal.

Dúirt Roinn na Gaeltachta le Tuairisc i mí Lúnasa go raibh ábhar an chruinnithe i mí Feabhra pléite “ó shin” le roinnt “páirtithe leasmhara le smaointe agus tuairimí maidir le scéim nua a bhailiú”.

Ina litir chuig Údarás na Gaeltachta, dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, urlabhraí na n-oifigeach pleanála teanga, gur trua leis na hoifigigh nach bhfuair siad cuireadh chun na meithle.

“Is ábhar iontais agus ábhar díomá dúinn nár cuireadh muid ar an eolas faoin chruinniú seo. Tá go leor tuairimí i measc na n-oifigeach i dtaca leis na féidearthachtaí a bhaineann le scéim mar seo a athbhunú.”

Níor éirigh le haon ionadaí ó Údarás na Gaeltachta, atá i bhfeighil chóras pleanála teanga na Gaeltachta, a bheith i láthair ag an gcruinniú ach oiread.

Is cosúil gur botún ar thaobh Údarás na Gaeltachta ba chúis leis sin agus gur míthuiscint idir an tÚdarás agus an Roinn ba chúis le gan aon oifigeach pleanála teanga a bheith mar chuid den mheitheal.

Léiríonn an comhfhreagras idir an tÚdarás agus an Roinn faoin gcruinniú go raibh sé i gceist cuireadh a thabhairt do thriúr oifigeach pleanála teanga, duine ón iarthar, ón tuaisceart agus ón deisceart.

Diúltaíodh do mholadh ó Údarás na Gaeltachta go dtabharfaí cuireadh do cheanneagraíocht pleanála teanga Chois Fharraige. Moladh go dtabharfaí cuireadh don cheanneagraíocht  ar an mbonn go raibh an-suim léirithe acu in athbheochan Scéim Labhairt na Gaeilge agus moltaí déanta acu ina leith. Dúirt Roinn na Gaeltachta go mba leor na hoifigigh pleanála teanga a bheith i láthair chun ionadaíocht a dhéanamh ar lucht na pleanála teanga.

De réir miontuairiscí chruinniú na meithle, bhí roinnt plé acu faoi na scéimeanna atá ag an Roinn faoi láthair, chomh maith le “plé ginearálta” faoin “difríocht idir cumas agus nósmhaireacht”.

Dúradh chomh maith go gcaithfeadh aon scéim nua spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí Gaeilge a labhairt agus gur gá díriú ar thuismitheoirí nuair a bhíonn siad ag súil lena gcéad leanbh.

Dúradh go mbeadh “monatóireacht de shaghas éigin” ag teastáil do scéim nua agus cuireadh an cheist arbh fhearr cloí leis na scéimeanna atá ann faoi láthair.

Dúradh gur measadh go mbeadh na céimeanna seo i gceist: “scéim phíolótach, clárú, monatóireacht, taighde, torthaí”.

Tá ráite ag an Aire Stáit Patrick O’Donovan cheana go ndéanfadh sé a mhachnamh ar mhacasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim faoina n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí, a thabhairt ar ais, ach is cosúil go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag obair ar roinnt scéimeanna eile a mbeadh sé mar aidhm acu labhairt na teanga a chur chun cinn i measc an phobail ar fud na tíre.

Cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge in 2011 ach thug an Roinn le fios do Tuairisc an mhí seo caite go raibh moltaí bailithe acu faoin múnla a d’fhéadfadh a bheith ar scéim nua. Is léir ó liosta tosaíochta na nAirí Gaeltachta don fhómhar go ndíreofar in aon scéim nua ar chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.

Dúirt na hairí go bhfuil súil acu “roinnt scéimeanna nua a fhógairt” le linn an téarma nua Dála. Beidh na scéimeanna sin “dírithe ar úsáid laethúil na Gaeilge a mhéadú laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht”.

Nuair a cuireadh deireadh leis an scéim in 2011 deontas €260 in aghaidh na scoilbhliana a bhí á íoc le teaghlaigh sa Ghaeltacht ina raibh páistí scoile. Sa bhliain deiridh den deontas, rinne 3,378 teaghlach iarratas faoin scéim, íocadh an deontas iomlán (€260) le 2,346 teaghlach agus an deontas laghdaithe (€130) le 435 teaghlach eile.

Níos mó