Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
ruathar-taoide-ar-gra-ar-an-tra:-siomha-ni-ruairc-ar-an-chlar-cheannrodaioch-gaeilge

Ruathar Taoide ar Grá ar an Trá: Síomha Ní Ruairc ar an chlár cheannrodaíoch Gaeilge

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tugann clár nua Virgin Media, Grá ar an Trá, le fios nach teanga mhionlaithe a thuilleadh í an Ghaeilge – ach teanga mhealltach mheallacach. An éireoidh leis na hiomaitheoirí deis eile a fháil ar an Ghaeltacht nó an mbeidh ceannaire an chúrsa á gcur abhaile iad?

Craoladh an chéad chlár Grá ar an Trá ar an mhí seo caite agus tá cuimhní cinn na Gaeltachta ar ais go tréan chugainn. Mar is amhlaidh leis na coláistí samhraidh, áfach, is le ceannaire an chúrsa amháin, Gráinne Seoige, a luíonn an chumhacht. Tháinig dáréag, idir fhoghlaimeoirí agus Ghaeilgeoirí, go Contae Phort Láirge chun ‘focail up’ (agus €10,000 a bhua) nó bus abhaile a aimsiú.

Tá an-chaint ar an chlár go dtí seo i dtaobh a chosúlachta leis an chlár chlúiteach ITV, Love Island. Geallann Anthony Nilan, atá ar stiúir na gclár Virgin Media gur cur chuige iomlán éagsúil atá i gceist anseo, áfach. Ní hé an grá amháin a bhfuil na hiomaitheoirí ag dul sa tóir air ach an líofacht freisin. Tá cainteoir amháin Gaeilge in achan lánúin ar gá dóibh an teanga a mhúineadh dá pháirtnéir.

Níl easpa chuidithe ag an sé lánúin ach an oiread le bean agus fear a’ tí, Síomha Ní Ruairc agus James Kavanagh, ag cur i láthair agus ag tabhairt comhairle do na cuardaitheoirí grá. Ag labhairt di faoina heispéireas ar an chlár cheannródaíoch, mhínigh Síomha:

“Bhí Grá ar an Trá ar cheann de na heispéiris is fearr a bhí agam, ní hamháin ó thaobh cúrsaí oibre de ach sa saol. Cé go raibh na laethanta fada dian orainn, níor mhothaigh sé go raibh muid ag obair de bhrí go raibh foireann agus rannpháirtithe den chéad scoth againn. Bhí an aimsir go hálainn agus bhíodar ar shuíomh galánta in aice le Gaeltacht an Rinne.

“Bhí mé an-tógtha le cláracha réaltachta i gcónaí ach seo an chéad uair dom a bheith ag obair taobh thiar den gceamara agus gach rud atá ag dul ar aghaidh sa chúlra a fheiscint. Táim ag dul don láithreoireacht le sé no seacht mbliana anuas ó thosaigh mé le TG4 a bhí ina thús iontach dom.

“Is dócha nár thuig mé go nglacann sé am sula dtagann na tairiscintí oibre uilig isteach, áfach. Thóg sé cúig bliana orm sula bhfuair mé deis eile. Tá mé ar lorg taithí, taithí, taithí agus tá súil agam go mbeidh na deiseanna seo agam amach anseo.”

Maidir le hiomaitheoirí an chláir agus an Ghaeilge ina príomhghné de, dúirt sí:

“An rud is mó a d’aithin mé i measc na n-iomaitheoirí, is dócha, ná cé chomh hionraic agus a bhíodar. Ní dóigh liom go rabhadar in ann rud ar bith a chur faoi cheilt mar bhí an oiread sin ceamaraí orthu an t-am ar fad. Agus cé chomh cróga agus a bhíodar a bpearsantacht agus a saol a phlé, teanga a fhoghlaim agus titim i ngrá os comhair an mhórphobail. Bhí an-áthas orm go raibh mise mar láithreoir agus ní mar iomaitheoir mar ceapaim gur ról i bhfad níos dúshlánaí é.

“Ní cheapaim gur féidir linn beag is fiú a dhéanamh den Ghaeilge a bheith ar Virgin Media. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh cláracha agus rudaí Gaeilge le cloisteáil agus le feiscint ar na cainéil náisiúnta uilig. Níl mé ag rá go mbeidh aon duine líofa tar éis Grá ar an Trá a fheiscint ach ní dóigh liom gur an cineál cláir é a bheadh ar TG4 mar gheall ar an méid Béarla a bhí ann. Ar ndóighe tá TG4 ag freastal ar phobal na Gaeilge agus ní sin príomhsprioc Virgin Media – go fóillín ar aon nós!

“Ceapaim go dtuigeann siad an tábhacht leis an Ghaeilge. Ní hamháin gur chruthaigh siad an clár seo ach tá siad á chur chun cinn go mór mór leis an méid poiblíochta agus an brú ar na meáin shóisialta. Ceapaim go n-aithníonn Virgin Media luach na teanga agus go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil sí le cloisteáil agus le feiscint sna meáin.”

An mbeidh líofacht sa leaba ag na foghlaimeoirí? Cé hiad a bheidh i mbéal an phobail (nó béal inteacht ar aon chor)?

Beidh an dá chlár dheireanacha Grá ar an Trá le feiceáil oíche Luain ar Virgin Media ag an 9in. Is féidir dul siar ar na cláracha ar an seinnteoir Virgin Media freisin.

The post Ruathar Taoide ar Grá ar an Trá: Síomha Ní Ruairc ar an chlár cheannrodaíoch Gaeilge appeared first on NÓS.

Níos mó