Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
sineadh-ama-tugtha-d’ard-stiurthoir-tg4,-e-le-fanacht-i-gceannas-go-dti-2025

Síneadh ama tugtha d’Ard-Stiúrthóir TG4, é le fanacht i gceannas go dtí 2025

| Padraic O Ciardha | , ,

Tá seacht mbliana caite ag Alan Esslemont ina Ard-Stiúrthóir ar TG4

Síneadh ama tugtha d’Ard-Stiúrthóir TG4, é le fanacht i gceannas go dtí 2025

Tá sé fógartha ag TG4 go bhfuil síneadh curtha le conradh Alan Esslemont agus é le fanacht ina Ard-Stiúrthóir ar an stáisiún go dtí earrach 2025.

Bhí deireadh le teacht le conradh Esslemont i mbliana ach ghlac an Rialtas le hiarratas ó Bhord TG4 síneadh ama a thabhairt dó go dtí Aibreán 2025. Tá Alan Esslemont seacht mbliana sa ról inar ceapadh é  mí Deireadh Fómhair 2016.

Dúirt Esslemont, atá ar an tríú ceannasaí ar TG4 ó bunaíodh an stáisiúin lán-Ghaeilge, gur “pribhléid an-mhór” a bhí ann dó a bheith ag obair le foireann TG4, le Bord TG4 agus leis an earnáil chruthaitheach neamhspleách.

Thug sé le fios ina ráiteas go bhfuil moltaí atá le déanamh ag Coimisiún na Meán an bhliain seo chugainn maidir le TG4 agus na meáin Ghaeilge ar cheann de na cúiseanna go bhfuil sé ag iarraidh fanacht mar cheannaire ar an stáisiún.

“Tá dhá phíosa mór oibre le cur i gcrích an bhliain seo chugainn ag Coimisiún na Meán maidir le léirmheas cuimsitheach ar na meáin Ghaeilge agus smacht eagarthóireachta neamhspleách a bheith ag TG4 ar a seirbhís nuachta féin. Beidh TG4 ag brú go láidir go leagfar síos dúshraith nua do TG4 agus na meáin Ghaeilge a chinnteoidh todhchaí nua don Ghaeilge agus do phobal labhartha na Gaeilge.”

Is faoi Choimisiún na Meán a bheidh sé monatóireacht a dhéanamh ar an bplé idir TG4 agus RTÉ faoin bplean go mbeadh TG4 neamhspleách ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

Ghlac an Rialtas an samhradh seo caite le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana. Dúirt Alan Esslemont ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gur dócha nach mbainfí neamhspleáchas ó thaobh na nuachta amach sula mbeidh sé imithe ón bpost ach bhí sé diongbháilte de go dtarlódh sé.

“Oibreoidh sé má aontaíonn muid agus RTÉ an bealach ar aghaidh. Bhí cúpla cruinniú agam cheana féin le Kevin Bakhurst agus tá plépháipéar curtha ar aghaidh maidir leis an mbealach chun cinn.”

“Ní dóigh liom [go mbainfear an neamhspleáchas amach roimh Aibreán 2025] ach feicfidh mé an dul chun cinn. Tógfaidh sé píosa ach tá na céimeanna leagtha amach. An aidhm a bheadh againn ná go mbeadh an tseirbhís iomlán neamhspleách…[faoi] Mheán Fómhair 2025. Le go dtarlóidh sin, tá go leor céimeanna go gcaithfear a thógáil an bhliain seo chugainn. Beidh sé seo dúshlánach ach creidim go dtarlóidh sé.”

Tá tús curtha freisin ag Coimisiún na Meán le hathbhreithniú cuimsitheach ar an soláthar Gaeilge sna meáin.

Díreoidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Seo an chéad uair a ndearnadh athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid.

Tá breis is scór bliain ar fad caite ag Alan Esslemont ag obair le TG4. D’oibrigh sé don stáisiún ó thréimhse a bhunaithe go dtí gur fhág sé le dul ag obair le BBC Alba in 2008 agus d’fhill sé ar Bhaile na hAbhann ocht mbliana ina dhiaidh sin.

Tá bunú na scéime Cine4 don scannánaíocht lán-Ghaeilge i measc na rudaí is mó atá bainte amach ag Esslemont le linn a ré i gceannas ar TG4. Rinne Esslemont athruithe móra freisin ar chóras coimisiúnaithe TG4 agus conarthaí ilbhliana aontaithe ag an stáisiún le comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin chun sraitheanna a sholáthar. Céim mhór i straitéis TG4 freisin a bhí i mbunú an chainéil Cúla4 do pháistí níos luaithe i mbliana.

Rinne Cathaoirleach TG4, Anna Ní Ghallachair, comhghairdeachas le Alan Esslemont agus dúirt sí go mbeadh “deis” anois aige “bonn níos láidre a chur faoi thograí áirithe” ar chuir sé féin tús leo, tograí a rachadh “go mór chun sochair do phobal na teanga” agus “dóibh siúd uilig ar suim leo an tsúil eile ar an tsaol”.

Níos mó