Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tus-a-chur-le-cainteanna-faoi-bhuisead-caipitil-udaras-na-gaeltachta-–-catherine-martin

Tús á chur le cainteanna faoi bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta – Catherine Martin

| Tuairisc.ie | , ,

D’fhógair an Rialtas ardú €1.1 milliún i mbuiséad riaracháin an Údaráis mar chuid de Bhuiséad 2024, ach níor bronnadh aon mhaoiniú breise ar an eagraíocht chun tabhairt faoi thograí caipitil sa Ghaeltacht

Tús á chur le cainteanna faoi bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta – Catherine Martin

Tá ráite ag Aire na Gaeltachta go bhfuil tús le cur anois le plé maidir le buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta.

D’fhógair an Rialtas ardú €1.1 milliún i mbuiséad riaracháin an Údaráis mar chuid d’fhógairt Bhuiséad 2024 an tseachtain seo caite ach níor bronnadh aon mhaoiniú breise ar an eagraíocht chun tabhairt faoi thograí caipitil sa Ghaeltacht.

Agus í ag labhairt sa Dáil, dúirt an tAire Catherine Martin gur “cur chuige stuama” a bhí ann feidhm rialachais an Údaráis a láidriú ar dtús agus “tús á chur anois le cainteanna maidir le buiséad caipitil na heagraíochta do na blianta amach romhainn”.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon Gaeltachta, Spóirt agus Meán le Tuairisc go mbainfí úsáid as an €1.1 milliún breise don Údarás chun “costais bhreise a bhaineann le pá agus pinsin a chlúdach agus chun tacú leis an eagraíocht foireann bhreise sna réimsí a bhaineann le bainistíocht tionscadail agus comhlíonadh a fhostú.”

Dar le figiúirí a bhailigh Conradh na Gaeilge, tá buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta laghduithe ó €25.5 milliún in 2008 go €14.5 mhilliún in 2022, ísliú 43%. D’ardaigh buiséid chaipitil an IDA agus Fiontraíocht Éireann 66% agus 30% faoi seach le linn na tréimhse céanna.

I bplean infheistíochta na heagraíochta, bhí Conradh na Gaeilge ag éileamh €2 milliún breise do bhuiséad caipitil an Údaráis chun uasghrádú agus athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh an Údaráis chomh maith le ciste caipitil nua €5 milliún chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht.

Bhí Sinn Féin freisin ag iarraidh go dtiocfadh ardú ar bhuiséad caipitil an Údaráis agus tá an cinneadh ag an Rialtas gan sin a dhéanamh cáinte go láidir acu.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta eolas breise maidir leis an scéim nua atá beartaithe ag an Roinn chun cumas Gaeilge múinteoirí scoile agus oibrithe in earnáil an oideachais luath-óige a fheabhsú. Dúradh go raibh scéim phíolótach á hullmhú ag an Roinn i láthair na huaire

“Scéim dheonach a bheidh ann, agus gheobhaidh múinteoirí deontas airgid má éiríonn leo feabhas áirithe a chur ar a gcumas teanga, agus é sin á thomhas ag córas tástála TEG (an Teastas Eorpach sa Ghaeilge).”

Maoineofar an scéim leis an €1 milliún breise a fógraíodh do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge ag Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2024.

Níos mó