Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
7-leid-chun-an-misneach-a-choimead-i-ndorchachas-an-gheimridh

7 leid chun an misneach a choimeád i ndorchachas an gheimridh

| hannah ni chonghaile | ,

Tá an geimhreadh chugainn anois, agus ní féidir linn é a sheachaint. Is inár gcuimhní anois atá na laethanta fada samhraidh, siúlóidí ar a naoi a chlog istoíche, snámh ar a seacht a chlog ar maidin, é geal fós ar a deich a chlog.

Agus le solas an lae, tá an dea-ghiúmar imithe chomh maith. Tar éis dom blianta a chaitheamh ag cnáimhseáil fén ngeimhreadh, thugas fé thaitneamh a bhaint as roinnt blianta ó shin. Seo liosta des na rudaí a chabhraíonn liom duairceas an gheimhridh a sheachaint. Gan dabht, má bhíonn tú ag fulaingt an iomarca ba chóir labhairt le dochtúir.

1. Téigh amach fén aer

Deirtear – agus ná fiafraigh díom m’fhoinse eolais – go bhfuil sé go maith dúinn solas an lae a fháilt go luath sa lá. Agus é dorcha déanach ar maidin agus luath tráthnóna, caithfimid iarracht níos mó a dhéanamh solas an lae a fheiscint. Go háirithe dóibh siúd le postanna 9-5 nó a leithéidí, is fiú siúlóid bheag ar maidin, más féidir, nó siúlóid am lóin, a dhéanamh chun cabhrú leis an ngruaim agus chun an bhraistint sin go bhfuilimid ag maireachtaint fé sholas fluaraiseach a laghdú.

2. Aclaíocht

Tuigimid ar fad fén dtráth seo go bhfuil tábhacht nach beag ag baint le do chorp a bhogadh gach aon lá. Don gcorp agus don intinn, tá sé tábhachtach (ach deacair) é seo a choimeád ag imeacht sa gheimhreadh. Cabhraíonn foirne spóirt, grúpaí reatha agus ranganna aclaíochta go mór leis seo, ach an rud is tábhachtaí ná rud a roghnú a thaitníonn leat agus go gcloífidh tú leis. Bíodh sé sin siúlóidí laethúla, ióga, tógaint meacháin, nó traenáil le haghaidh maratóin.

3. Faigh níos mó codlata

 

Táim á rá seo leis na blianta, cé ná fuil éinne ag éisteacht liom. Muna mbeadh na soilse leictreacha atá againn sa lá atá inniu ann, meas tú an mbeadh éinne dúisithe roim an ngrian? Ní dóigh liom é! Bíonn gach éinne tuirseach an t-am seo bliana, go háirithe nuair a thagann athrú ar an am ar dtús. Is athrú suntasach é a bheith ag éirí agus é dorcha lasmuigh agus ag filleadh abhaile ón obair agus é dorcha arís. Mar sin, luíonn sé le réasún gur chóir dúinn níos mó ama a chaitheamh inár gcodladh nuair a bhíonn sé dorcha formhór an ama.

4. Snámh san fharraige

Bím i gcónaí ag caint air seo, ach dáiríre is iomaí buntáiste atá ann a bheith san uisce fuar, go háirithe san fharraige. Níos fearr fós má chuireann tú do cheann fé. Nílim ag rá gur chóir dúinn é a dhéanamh gach lá, agus ní mholfainn fanacht istigh ann rófhada, ach tóg uaimse é, pé slí a bhraitheann tú, braithfidh tú míle babhta níos fearr chomh luath is go raghaidh tú fén uisce.

Tá ana-chuid cúiseanna eolaíocha leis seo. Is foinse dópaimín é, cuir i gcás. Ach is í mo thuairim féin í go gcuireann sé os do chomhair cé chomh beag agus neamhthábhachtach atáimid sa saol seo agus n’fheadar fúibhse ach ardaíonn sé sin mo chroí agus sleamhnaíonn na fadhbanna uaim!

5. Dein machnamh / rud éigint spioradálta

Pé rud a gcreideann tú ann, tá luach nach beag ag baint le cúpla nóimint a thógaint gach aon lá chun na smaointe atá ag snámh timpeall do chinn a shocrú síos agus a eagrú le chéile.

Tá machnamh agus paidreoireacht mar chuid de gach reiligiún domhanda, agus chomh maith bíonn sé ar na liostaí ar fad a scríobhtar maidir le conas a bheith rathúil, conas a bheith saibhir, srl. Ní fhéadfadh sé aon dochar a dhéanamh! Is maith liom féin freastal ar Aifreann, nó machnamh treoraithe a aimsiú ar Spotify.

6. Dein rud éigint nua

Seo an t-am is fearr chun triail a bhaint as caitheamh aimsire nua, leat féin nó i ngrúpa. Téigh go dtí an spórtlann, dein rang pilates, nó faigh amach fén gclub fichille is cóngaraí duit. Beir leat cara nó téigh sa seans agus tapaigh an deis bualadh le daoine nua.

Muna dteastaíonn uait an tigh a fhágaint, pioc suas an fheadóg stáin atá id’ sheomra ó bhís i rang a 6, bain triail as an gcniotáil nó tabhair fé theanga nua a fhoghlaim. Suigh isteach cois tine ag cleachtadh agus nuair a bheidh na laethanta fada chugainn beidh scil nua agat!

7. Léigh leabhar / téigh dtí an phictiúrlann

Tá an méid san ábhar amuigh ansan a chuirfeadh gliondar ar do chroí. Leabhair, scannáin, taispeántais ealaíne, cláranna raidió. Bain leas astu. Is maith liom féin leabhair a léamh, ach tá tionscal na pictiúrlainne ag streachailt fé láthair – nár dheas é grúpa a fháilt le chéile agus tráthnóna a chaitheamh ag ithe gráin rósta agus ag féachaint ar an scáileán mór?

Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an ngeimhreadh, nó ar a laghad ná bíonn sé go dona daoibh! Ar a laghad tá na laethanta seo oiriúnach chun éirí na gréine agus dul fé na gréine a fheiscint!

The post 7 leid chun an misneach a choimeád i ndorchachas an gheimridh appeared first on NÓS.

Níos mó