Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
airgead-breise-de-dhith-do-mhna-ti-le-stop-a-chur-leo-imeacht-go-dti-earnail-‘nios-brabusai’-an-airbnb-–-roinn-na-gaeltachta

Airgead breise de dhíth do mhná tí le stop a chur leo imeacht go dtí earnáil ‘níos brabúsaí’ an Airbnb – Roinn na Gaeltachta

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil breis airgid de dhíth ar mhná tí le hiad a stopadh ag imeacht go dtí earnáil “níos brabúsaí” an Airbnb.

San iarratas réamhbhuiséid a chuir Roinn na Gaeltachta faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí rinneadh éileamh ar airgead breise do mhná tí.

I gcáipéisí atá faighte ag Tuairisc faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, dúirt Stiúrthóir Gaeilge Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, go raibh gá le hearnáil na gcoláistí samhraidh a dhéanamh “níos mealltaí” agus go raibh maoiniú breise ag teastáil ón Roinn chun ardú a dhéanamh ar an deontas a íoctar le mná agus fir tí na gcoláistí samhraidh.

€2.5 milliún d’airgead breise a bhí á lorg do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ag Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2024 ach ní bhfuair siad ach cuid bheag bhídeach de sin.

I nóta a d’ullmhaigh oifigigh Roinn na Gaeltachta don Roinn Caiteachais Phoiblí i mí Mheán Fómhair seo caite, dúradh:

“The retention of the €1.5m in once‐off funding and the additional €1m sought would allow the department to increase the level of capitation grant payable to households accommodating students under the Irish Language Learners Scheme, thus making the scheme more attractive to both new and existing participants and halting their drift towards the more lucrative airB&B sector.”

Chomh maith le híocaíocht bhreise do mhná tí, dúradh go raibh cuid den €2.5 milliún á lorg an Roinn do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta le caitheamh ar “líofacht na Gaeilge a fheabhsú i measc mná tí i nGaeltacht Mhaigh Eo”, áit a bhfuil titim mhór tagtha ar líon na mban tí le roinnt blianta.

Ardú 10% a tháinig i mbliana ar an liúntas laethúil a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, rud a fhágann go raibh €12 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche á íoc le mná agus fir tí na gcoláistí samhraidh.

Ardaíodh 10% in 2022 freisin an liúntas a íocann an Roinn le mná tí, ó €10 go dtí €11, an chéad ardú a bhí ann ó 2017.

Cé go ndearnadh éileamh ar a thuilleadh airgid do mhná tí san aighneacht réamhbhuiséid a cuireadh faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí, is léir ó fhreagraí ar cheisteanna Dála éagsúla atá tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan nach bhfuil sé i gceist aige an liúntas laethúil a íoctar le mná tí a ardú don bhliain seo chugainn.

Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na mban tí a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh Gaeilge le blianta beaga anuas agus roinnt beartas fógartha ag Airí na Gaeltachta agus iad ag iarraidh tuilleadh teaghlach a mhealladh chun scoláirí a choinneáil.

I measc na mbeartas sin, tá cead arís ag mná tí suas le seisear déag scoláirí a choinneáil, in áit an dáréag mar a bhí roimhe seo. Ardaíodh an deontas tosaithe do mhná tí ó €2,000 go €6,000.

I bhfreagraí ar cheisteanna Dála éagsúla a cuireadh air le tamall, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh sé “sásta” leis na beartais atá ag a roinn faoi láthair le tacaíocht a thabhairt d’earnáil na gcoláistí samhraidh.

De réir fhigiúirí na roinne, shocraigh 23% den 648 bean tí a bhíodh ag coinneáil scoláirí in 2019 éirí as, rud a d’fhág gur tháinig laghdú mór ar líon na ndaltaí a d’fhéadfadh freastal ar choláistí samhraidh.

27,032 scoláire a d’fhreastail ar choláistí samhraidh in 2019, i gcomparáid le 25,416 anuraidh. D’fhreastail 1,616 níos lú scoláire ar an Ghaeltacht anuraidh i gcomparáid le 2019 mar gheall ar an ghanntan leapacha.

Níos mó