Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
amhras-a-leiriu-faoin-sprioc-go-mbeadh-milliun-cainteoir-breatnaise-ann-faoi-2050

Amhras á léiriú faoin sprioc go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoi 2050

| tuairisc | ,

Tá amhras á léiriú faoi sprioc Rialtas na Breataine Bige go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoi 2050 agus faoi mhaíomh an rialtais go bhfuil “níos mó tacaíochta” ag an teanga ná mar a bhí riamh.

Pléadh sa Senedd an tseachtain seo foilsiú Cymraeg 2050, tuarascáil bhliantúil faoi dhul chun cinn pholasaí teanga an rialtais.

Cé go bhfuil gealltanas tugtha ag an Rialtas go ndéanfaí líon na gcainteoirí Breatnaise a dhúbailt faoi 2050, léirigh daonáireamh 2021 laghdú 24,000 ar líon na gcainteoirí le deich mbliana anuas.

538,000 duine a thug le fios sa daonáireamh gur cainteoirí Breatnaise iad, nó 17.8% den phobal.

Dúirt an tAire Oideachais agus Breatnaise, Jeremy Miles, go gcaithfí rudaí eile a chur san áireamh chomh maith leis na figiúirí daonáirimh.

“Agus sinn ag féachaint romhainn, in ainneoin na ndúshlán a léirítear sna torthaí daonáirimh, tá athrú tagtha ar scéal na Breatnaise agus tá níos mó tacaíochta ná riamh ann don teanga.

“Bhí díomá ar an tír go léir faoi na torthaí daonáirimh, agus caithfimid tairbhe a bhaint as an bhfuinneamh agus an díograis sin chun obair le chéile ar leas na teanga.”

Dúirt sé gur léirigh an daonáireamh na gnéithe de chur chun cinn na teanga a gcaithfí díriú orthu.

Dúirt sé go raibh dhá réimse ar leith i gceist. An chéad cheann ná an laghdú ar líon na ndaoine idir 5-15 bliain d’aois a bhfuil labhairt na Breatnaise acu.  “Meabhrú é sin go gcaithfidh cur chuige níos láidre a bheith againn ó thaobh teagasc na Breatnaise inár scoileanna Béarla, chomh maith leis an oideachas trí mheán na Breatnaise a neartú,” arsa Miles.

An dara réimse a chaithfí díriú air, dar leis, ná an meath ar labhairt na teanga sna háiteanna ba láidre di go traidisiúnta.

Dúirt Miles go raibh staidéar sochtheangeolaíochta coimisiúnaithe aige le fáil amach cad is cúis leis an meath agus le tuairim a fháil faoi conas is fearr dul i ngleic leis.

Dúirt Heledd Fychan, urlabhraí Plaid Cymru, gurb í fírinne an scéil ná go léiríonn an fhianaise gur ag dul ar gcúl a bhí an Bhreatnais in ainneoin sprioc an rialtais.

De réir phlean an rialtais ba chóir go mbeadh 26% d’fhoghlaimeoirí bhliain a haon á dteagasc trí Bhreatnais faoi 2026, a dúirt sí.

Seachas dul chun cinn, laghdú ó 23.9% in 2021/22 go dtí 23.4% a bhí i gceist agus bhí laghdú ann chomh maith ar líon na ndaltaí i mbliain a seacht a bhíonn á dteagasc trí Bhreatnais, a dúirt Heledd Fychan.

“Seo iad na figiúirí atá tábhachtach maidir le líon na ndaoine atá ag fáil a gcuid oideachais trí Bhreatnais. Mar sin, is féidir linn a bheith ag áitiú ar a chéile faoi cé acu an bhfuil na torthaí daonáirimh cruinn nó nach bhfuil, ach seo iad na figiúirí maidir leis na spriocanna i leith an milliún cainteoir Breatnaise.”

Dúirt Heledd Fychan go raibh rudaí ann ó thaobh chur chun cinn na Breatnaise ar cheart iad a “cheiliúradh” ach dúirt sí chomh maith nach mbeathaíonn na briathra na bráithre.

“Caithfimid a mheabhrú dúinn féin nach dtabharfaidh an béal bán dúinn a thuilleadh cainteoirí Breatnaise agus nach gcabhróidh sé le dul chun cinn ó thaobh úsáid na teanga,” arsa urlabhraí Plaid Cymru.

Dúirt urlabhraí Breatnaise na gCoimeádach Samuel Kurtz gur údar imní an laghdú ar líon na gcainteoirí sa bhfiche bliain ó rinneadh dílárú cumhachta go dtí an Bhreatain Bheag. Chaithfí “a mhalairt de threocht” a chruthú, ar sé.

Dúirt an t-aire Jeremy Miles go gcaithfí a bheith “oscailte” faoi na dúshláin atá roimh an teanga ach go raibh sé “fíorthábhachtach” go bhféachfaí ar an mBreatnais mar rud “a bhaineann le cách”.

Níos mó