Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
cuntas-o-cheanada:-na-daoine-beaga-i-bhfolach

Cuntas ó Cheanada: na Daoine Beaga i bhfolach

| aodhan o baoill | , ,

Cad é a tharla le cúpla seachtain anuas? Bhuel, bhí Oíche Shamhna ann ar ndóigh.

Mar is eol do lucht na Gaeilge, tá baint mhór idir Halloween na nua-aoise agus Samhain na hÉireann sna laethanta a chuaigh thart. Tháinig roinnt mhaith de na traidisiúin a ndéantar ceiliúradh orthu ar fud an domhain ar Oíche Shamhna ón tír s’againne, agus ón domhan Cheilteach níos leithne.

Deireadh shéasúr an fhómhair atá ann agus, de réir seanchais, an lá nuair a bheadh an teorainn idir na beo agus na mairbh ar an staid is laige. Thiocfadh leis an lucht sí teacht isteach go dtí an domhan mór go héasca, agus deirtear go dtiocfadh le daoine teagmháil a dhéanamh lena muintir atá ar shlí na fírinne. Fágadh ofrálacha amach leis na spioraid a shásamh.

Ón 16ú haois ar aghaidh, tá fianaise ann gur cuireadh tús le traidisiún na gcleamairí. Théadh siad ó theach go teach agus iad gléasta suas, agus deireadh siad amhráin agus scéalta fá choinne bídh. An uaidh seo a thagann nós an lae inniu? Cá bhfios!

Anseo i gCeanada, tá muintir na háite gafa le hOíche Shamhna. Bíonn maisiúcháin ar gach aon teach agus bíonn achan duine gléasta suas ar an oíche féin, idir óg is aosta. Anois, ní puimcíní a shnoigh lucht na hÉireann, ach tornapaí. Téann páistí ar ‘Bob nó Bia’ agus bíonn tinte ealaíne taobh amuigh, agus scéalaíocht agus cóisireacht sna tithe.

Is cinnte gur i bhfad ón bhuntraidisiún atá sé. Cosúil le roinnt mhaith féilte eile na linne seo, déantar a mhór den ábharachas agus den chaipitleachas, cé acu a bhfuil an feisteas is fearr acu agus eile. Ag an am chéanna, is iontach go dtig le daoine sult a bhaint as rud éigin a bhfuil a bhfréamacha aige i gcultúr na nGael.

Ar ndóigh, bhí pobal anseo i bhfad sula dtáinig na hEorpaigh agus sula ndearnadh coilíniú ar an phíosa talaimh seo.

Sa chathair Calgary féin, tá muid ar thalamh treibhe na Stoney Nakoda. Tá trí threibh dhifriúla taobh istigh den Stoney Nakoda; Chiniki, Bearspaw agus Wesley. Leoga, is é ‘Moh’kinsstis’ an fíorainm atá ar Calgary, sa teanga Blackfoot, rud éigin a d’fhoghlaim mé an tseachtain seo caite.

Tá cuid mhór scéalta ag muintir na Stoney Nakoda. Scéalta taibhsí agus síscéalta cosúil linne in Éirinn, agus áiteacha suntasacha ag na scéalta seo ina gcultúr agus a gcreideamh go fóill ar na saolta seo. Ba ghnách leis na treibheanna na scéalta a choinneáil faoi rún agus iad a roinnt eatarthu féin amháin mar bhí siad chomh tábhachtach sin. Ach le blianta beaga anuas, tá na taoisigh agus na seanchaithe sásta na scéalta a roinnt leis an phobal mhór.

Tá scéal an ‘Bah tha’ ar cheann de na scéalta is scanrúla sa Náisiún Stoney Nakoda. Is neach osnádúrtha ilchruthach é de réir scéalta. Bíonn drochspion air i rith an ama agus téann sé thart ag screadadh ar an phobal thart air. Chuir seo bean sí na hÉireann go mór i gcuimhne dom. Creideann roinnt daoine gur leathfhear agus leathchapall é agus go n-athraíonn sé go hulchabhán. Deirtear go mbíonn sé ag fanacht i gcrainn ag amharc ar dhaoine lena shúile buí agus go dtagann sé anuas ón chrann lena híospartach a mharú lena chroibh ghéara. Má bhíonn mí-ádh ort an beithíoch miotasach seo a fheiceáil, cuireann sé pairilis ort.

Deir muintir na háite anseo go bhfuil Bah tha sa cheantar agus gur fhás sé as drochfhear a fuair bás, agus lean spiorad leis ag céasadh an phobail.

Tá scéalta eile ann faoi na ‘Daoine Beaga’, an ‘Wicha sta juthin min’ ina dteanga féin, anseo chomh maith. A mhalairt ar fad atá iontu agus bíonn siad ag cuidiú leis an Stoney Nakoda le cócaireacht agus féilte.

Tá siad méadar amháin ar airde agus gléasta in éadaí traidisiúnta na háite. Bhí siad mar chosantóirí an talaimh i bhfad sula dtáinig na Stoney Nakoda fiú. Feictear a gcuid tithe agus trealaimh sna coillte thart fán cheantar agus cluintear scéalta eile faoi rudaí a bhí briste ag daoine ach nuair a thiocfadh siad ar ais bheadh siad deisithe.

Is breá liom na scéalta seo. Is léir go bhfuil ardmheas ag na dúchasaigh anseo ar an domhan atá thart orthu. Ar ndóigh, ní thig liom labhairt ar a son ach mothaím go dtuigeann siad go gcaithfidh siad na scéalta seo agus an talamh seo a chosaint, agus é uilig a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Tá siad anseo leis na mílte bliain agus beidh go deo, tá súil agam.

Ar ábhar go hiomlán eile, fuair an bheirt againn poist sa Pháirc Oilimpeach, atá le toiseacht ar ball beag, ach roinnfidh mé tuilleadh fúthu sa chéad iontráil eile!

The post Cuntas ó Cheanada: na Daoine Beaga i bhfolach appeared first on NÓS.

Níos mó