Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘deis-caillte’-–-tagairt-ar-bith-do-chas-na-gaeilge-i-bpriomhoraidi-ard-fheis-shinn-fein

‘Deis caillte’ – tagairt ar bith do chás na Gaeilge i bpríomhóráidí Ard-Fheis Shinn Féin

| Padraic O Ciardha | ,

Rinne Mary Lou McDonald, Michelle O’Neill, agus Pearse Doherty cur i láthair ag Ard-Fheis Shinn Féin ag an deireadh seachtaine ach níor thagair aon duine acu do chás na Gaeilge ná na Gaeltachta ina gcuid cainte

‘Deis caillte’ – tagairt ar bith do chás na Gaeilge i bpríomhóráidí Ard-Fheis Shinn Féin

Tá díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge nár luadh cás na Gaeilge ná na Gaeltachta le linn na bpríomhóráidí ag Ard-Fheis Shinn Féin i mbliana.

Rinne Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, leasUachtarán an pháirtí Michelle O’Neill, agus an leascheannaire Pearse Doherty cur i láthair ag Ard-Fheis Shinn Féin 2023 i mBaile Átha Luain ag an deireadh seachtaine ach níor thagair duine ar bith acu do chás na Gaeilge ná na Gaeltachta le linn a gcuid cainte.

D’iarr Tuairisc ráiteas ar Shinn Féin maidir leis an easpa tagairtí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sna príomhóráidí ag Ard-Fheis an pháirtí ach níor tugadh aon fhreagra ar an iarratas go fóill.

Ina hóráid Dé Sathairn, bhí an ghéarchéim tithíochta, cúrsaí sláinte, an costas maireachtála, an t-athrú aeráide agus an Phalaistín i measc na n-ábhar ar labhair Mary Lou McDonald fúthu ach cé go ndearna sí píosaí cainte i nGaeilge, níor luaigh sí cás na teanga ná na Gaeltachta.

Is amhlaidh a bhí in óráid Pearse Doherty, a labhair i nGaeilge faoin obair a bhí déanta agus a bhí le déanamh ag Sinn Féin ach nach ndearna aon tagairt do chúrsaí teanga.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go raibh tacaíocht léirithe ag Sinn Féin don teanga roimhe seo ach gur “deis caillte” a bhí ann nár luaigh ceannairí an pháirtí tuilleadh tacaíochta a léiriú don teanga.

“Tá sé an-díomách nach raibh cás na Gaeilge nó na Gaeltachta san áireamh sna hóráidí poiblí sin. Deis caillte a bhí ann, deis an pobal a spreagadh ó thaobh na teanga agus na Gaeltachta,” a dúirt de Spáinn le Tuairisc.

“Mar sin féin, táimid mar eagraíocht buíoch de Shinn Féin as an tacaíocht atá léirithe acu do na feachtais éagsúla atá ar siúl againn — an Plean Fáis agus ceist na pleanála tithíochta sa Ghaeltacht, mar shampla.

“Tá tacaíocht láidir tugtha acu d’fheachtas Bhaile Átha Cliath 2,4,6,8, feachtas ar son gaelcholáiste don cheantar sin agus tá tacaíocht tugtha acu do chearta teanga agus don reachtaíocht teanga ó thuaidh. Léirigh líon na rún faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht  agus ábhar na rún ag an Ard-Fheis an tacaíocht sin freisin. Ach deis caillte a bhí ann.”

Rinne Sinn Féin cáineadh ar an Rialtas nuair a fógraíodh Buiséad 2024 ag rá gur bhuiséad “frithGhaeltachta” a bhí ann toisc nach raibh níos mó airgid á chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

€4 milliún breise a d’fhógair an Rialtas do chúrsaí teanga an bhliain seo chugainn ach bhí pacáiste €34 milliún breise molta ag Sinn Féin don teanga i mbuiséad malartach an pháirtí.

Níos mó