Tá an Coimisiún Eorpach buartha go bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag gníomhaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta.
De réir tuairisc ar RTÉ, bhain Éire leas i ndiaidh na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath as ‘foláireamh’ nua faoin bhfuathchaint ar líne, gníomh a cheadaigh don Choimisiún Eorpach teagmháil dhíreach a dhéanamh le leithéidí Meta, YouTube, X (Twitter mar a bhí) Instagram agus Tik-Tok chun a gcuid dualgas a mheabhrú dóibh.
Bhí Éire ar an gcéad bhallstát de chuid an AE chun leas a bhaint as an ‘foláireamh’ a bhfuil soláthar dó i reachtaíocht Eorpach nua.
De réir na tuairisce, tá an Coimisiún Eorpach buartha faoina laghad modhnóirí a bhfuil Gaeilge acu atá fostaithe ag mórardáin na meán sóisialta agus iad den tuairim gur baineadh leas as an easpa sin aimsir na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath.
“I gcás na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath, chonaiceamar gur éirigh leis an dream a raibh fuath agus ábhar mídhleathach agus díobhálach á scaipeadh acu teacht i dtír ar an easpa modhnóirí a bhfuil Gaeilge acu,” arsa oifigeach amháin sa Choimisiún Eorpach.
Deir lucht an Choimisiúin go bhfuil fadhb maidir le heaspa Gaeilgeoirí go háirithe ag X agus Google ach go bhfuil ag éirí níos fearr le Meta, ar leo Facebook.
Faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha leagtar dualgais níos déine ar na hardáin mhóra i dtaca le caint agus ábhar ar líne a dhéanann dochar do dhaoine nó a spreagann daoine chun dochar a dhéanamh.
Mhaígh Meta i dtuairisc a chuir siad ar fáil don AE an mhí seo caite go raibh 42 duine fostaithe acu a bhíonn i mbun modhnóireachta a dhéanamh ar ábhar Gaeilge.
Dúirt Google-YouTube agus Tiktok nach raibh oiread is duine amháin fostaithe acu chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhar Gaeilge agus ghéill X gur “fíorbheagán faisnéise” a bhíonn acu faoi phostálacha i nGaeilge.
Tuairiscíodh ar RTÉ go mbeidh cruinniú eile ag oifigigh na hÉireann leis an gCoimisiún Eorpach inniu.
Tá na Gardaí ag fiosrú postálacha ó chuntais éagsúla ar na meáin shóisialta mar chuid dá bhfiosrúchán faoi na círéibeacha i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.