Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
na-gaeil-buacach-aris-ag-gradaim-leabhair-chumann-litearthachta-na-heireann

Na Gaeil buacach arís ag Gradaim Leabhair Chumann Litearthachta na hÉireann

| sean o dubhchon | ,

Bhí oíche iontach ag na Gaeil an Aoine seo caite, ag Gradaim Leabhair Dhébhliantúil Chumann Litearthachta na hÉireann, a bhí ar siúl mar chuid de Chomhdháil Chumann Litearthachta na hÉireann in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath… abair sin in aon anáil amháin!

Bronntar na gradaim gach dhá bhliain ar leabhair do pháistí a fhoilsítear in Éirinn, agus as an dosaen leabhar a bhí ar ghearrliostaí na nGradam, bhí cúig leabhar Gaeilge ainmnithe.

Ceithre chatagóir ar fad a bhí i gceist: 0-5 bliana; 6-9 mbliana; 10-13 bliana; agus aosaigh óga. Bronnadh trófaí ar gach údar agus maisitheoir a ghnóthaigh ainmniúchán, chomh maith leis na buaiteoirí.

Sa chéad chatagóir, Leabhar do Pháistí 0-5 bliana, bhí an bua ag Fox and Son Tailers, leabhar atá scríofa agus maisithe ag Paddy Donnelly, agus foilsithe ag O’Brien Press. Bhí dhá theideal ón teach foilsitheoireachta Futa Fata ainmnithe sa chatagóir chéanna: Amuigh faoin Spéir, scríofa ag Sadhbh Devlin agus maisithe ag Brian Fitzgerald; agus an tsraith Eoinín, scríofa ag Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Róisín Hahessy.

Ba leabhair Ghaeilge ar fad a bhí ainmnithe sa dara catagóir, Leabhar do Pháistí 6-9 bliana: Cluasa Capaill ar an Rí, scríofa ag Bridget Bhreathnach agus maisithe ag Shona Shirley Macdonald; Míp agus Blípín, scríofa ag Máire Zepf agus maisithe ag Paddy Donnelly; agus An Slipéar Gloine, scríofa ag Fearghus Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly. D’fhoilsigh Futa Fata na trí leabhar a bhí ainmnithe sa chatagóir sin, agus d’éirigh le Míp agus Blípín an phríomhdhuais a thabhairt leo. Mar thoradh air seo, bronnadh trí thrófaí ar fad ar an mhaisitheoir Paddy Donnelly i rith na hócáide, dá shaothar Fox and Son Tailers, Míp agus Blípín, agus An Slipéar Gloine.

Sa tríú catagóir, Leabhar do Pháistí 10-13 bliana, bronnadh an phríomhdhuais ar Wolfstongue, leabhar a scríobh Sam Thompson agus a mhaisigh Anna Tromop. Ghlac Kate McNamara ón teach foilsitheoireachta Little Island leis an duais thar ceann na mbuaiteoirí. Is iad The Great Irish History Book leis an scríbhneoir Myles Dungan agus an maisitheoir Alan Dunne (foilsithe ag Gill Books), agus The Strange Tale of Barnabus Kwerk leis an scríbhneoir Erika McGann agus an maisitheoir Phillip Cullen (foilsithe ag O’Brien Press), na leabhair eile a ainmníodh sa chatagóir seo.

Ba iad Manchan Magan agus Steve Doogan, a scríobh agus a mhaisigh an leabhar Tree Dogs, Banshee Fingers and Other Irish Words for Nature a bhuaigh sa chatagóir dheireanach, Leabhar don Aosach Óg. Ghnóthaigh na leabhair Things I Know, leis an údar Helena Close (Little Island); agus What Makes Us Human le Luke O’Neill agus Tara O’Brien (Gill Books), ainmniúcháin sa chatagóir seo freisin.

Bronnadh duais speisialta comórtha ar theaghlach Michael O’Brien, ar cailleadh é le bliain anuas agus a bhunaigh an teach foilsitheoireachta O’Brien Press 50 bliain ó shin. Thug Finian O’Shea, a bhfuil an-bhaint aige leis na gradaim le blianta fada, óráid faoin lorg atá fágtha ag Michael ar an fhoilsitheoireacht sa tír seo. Rinne sé tagairt don bhéim a chuir Michael O’Brien i gcónaí ar chaighdeán ard scéalaíochta, leabhair éagsúla a chur ar fáil agus deiseanna a chruthú do scríbhneoirí nua. Ghlac Eoin O’Brien, mac le Michael, leis an duais thar ceann an teaghlaigh.

Bhí na Gradaim Leabhair ar siúl mar chuid den 47ú Comhdháil Bhliantúil a eagraíonn Cumann Litearthachta na hÉireann, a bhí ar siúl i mbliana in Institiúid Oideachais Marino san Ardchathair. Thar dhá lá, bhí réimse iontach imeachtaí ar siúl, agus ba í Patricia Forde, Laureate na nÓg, a thug an chéad eochairchaint ar an Aoine.

Ar an Satharn, is é an Dr. Jim Cummins a thug an dara heochairchaint, fear a mbeidh aithne mhaith air ag daoine ag a bhfuil sainspéis sa Ghaeloideachas agus an-chuid taighde déanta aige ar an dátheangachas. Rinne sé go leor dá shaothar taighde i gcuideachta leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir.

Arís eile tá bua na scríbhneoireachta agus na n-ealaíon le sonrú i measc na nGael. Comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad agus le gach duine a ghnóthaigh ainmniúchán i mbliana.

The post Na Gaeil buacach arís ag Gradaim Leabhair Chumann Litearthachta na hÉireann appeared first on NÓS.

Níos mó